MIONLÉIRMHEAS: Dícheannú Mhuire, nithe nach bhfeicimid agus nithe nach dtuigimid

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, dealbh ar baineadh a ceann di agus ceist mhór, cad is poll ann?

MIONLÉIRMHEAS: Dícheannú Mhuire, nithe nach bhfeicimid agus nithe nach dtuigimid

Dícheannú Mhuire

 Muire de chuid  Esther Strauß. (ß = ss)

San alt gairid seo, dírím ar dhealbh de Mhuire agus í i dtinneas clainne, dealbh ar baineadh a ceann di!

Maíonn an t-ealaíontóir gur ábhar is ea breith Chríost a sheachain ealaíontóirí le dhá mhíle bliain anuas.

Is fíor di.

Fir is mó a rinne saothar ealaíne a bhain le breith Chríost agus cén t-eolas a bheadh acu san ar an mbreith!

Ábhar scannail i súile Críostaithe coimeádacha ab ea an dealbh úd agus ar an gcéad lá de mhí Iúil,

isteach leo in Ardeaglais Mhuire, i Linz na hOstaire, agus sábh acu chun a racht a ligean amach.

Cad atá cearr le Linz? Tá rud éigin cearr leis an áit. Is ann a chaith an dá Adolf a n-óige, Adolf Hitler agus Adolf Eichmann . . .

 

Nithe nach bhfeicimid is nach dtuigimid

Anonymous Objects
le Kim Beil
SPBH Editions a d’fhoilsigh
175 lch
Toisí: 4×6″

Is spéis liom na nithe nach bhfeicimid agus na nithe nach dtuigimid. Féachaimse ar a lán grianghraf. Is caitheamh aimsire agam é.

Ní fhéadfainn a rá, áfach, nuair a leagaim súil ar ghrianghraf go bhfeicim gach aon rud ann ar an gcéad fhéachaint; ná ní fhéadfainn a rá ach oiread go dtuigimse i gcónaí an rud a fheicim, mar nach dtuigim. Is duine mé, is dócha, a mhaireann ar son na mistéire.

Cad is poll ann? Nílim ag magadh. Dá mbeadh jab tábhachtach uait agus scrúdú le déanamh inniu agat chun an jab sin a fháil, agus dá n-iarrfaí ort aiste a scríobh dar teideal ‘Cad is Poll Ann?‘, conas a d’éireodh leat?

Ní bheadh deacracht ar bith ag údar an leabhair seo, Kim Beil. Tá machnamh déanta aici ar an gceist sin.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Dícheannú Mhuire, nithe nach bhfeicimid agus nithe nach dtuigimid'