MIONLÉIRMHEAS: Is deacair cultúr na mbundúchasach a choimeád beo sna cathracha

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, iniúchadh a dhéanamh ar spioradáltacht na Meirindiach agus  a bhfuil i ndán di.

MIONLÉIRMHEAS: Is deacair cultúr na mbundúchasach a choimeád beo sna cathracha

New World Rites
Grianghraif le Justin Guthrir
Rainwater Books, Akbuquerque, New Mexico, a d’fhoilsigh (2022).
Teanga: Béarla, 84 leathanach, 57 grianghraf. Toisí: x11¾”

Ní mór do phobail dhúchasacha na cruinne a bheith chomh glic leis an sionnach chun nach rachaidh a dteanga, a dtraidisiúin agus a gcuid nósanna i léig. Is deacair cultúr na mbundúchasach a chleachtadh agus a choimeád beo sna cathracha, go háirithe a gcuid deasghnáth beannaithe.

Cuspóir an leabhair seo ná iniúchadh a dhéanamh ar spioradáltacht na Meirindiach agus  a bhfuil i ndán di.

Fear óg é Justin, a rugadh sa bhliain 1993 sa chuid thiar theas den ‘talamh ghoidte’ mar a thugann sé ar a cheantar dúchais i Meiriceá. Buachaill bó Albanach ab ea a athair agus an mháthair ina Navajo/Latino.

Tá agallamh –  nó comhrá – spéisiúil leis anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Is deacair cultúr na mbundúchasach a choimeád beo sna cathracha'