MIONLÉIRMHEAS: Céasadh an nGiúdach agus deireadh le samhradh an ghrá

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo leabhar machnamhach a thugann léargas iontach dúinn ar na Giúdaigh agus leabhar a thugann léargas dúinn ar ré an phunc

MIONLÉIRMHEAS: Céasadh an nGiúdach agus deireadh le samhradh an ghrá
Patrick Zachmann, 1981

Voyages de mémoire

le Patrick Zachmann
Foilsithe ag Xavier Barral (Atelier EXB)
Clúdach crua, 18 x 26 cm
190 grianghraf, 224 leathanach
Teanga: Fraincis
ISBN : 978-2-36511-307-6
Luach:€39.00

Níl a fhios agam an bhfoghlaimíonn daltaí scoile mórán faoi Éamon de Valera? An bhfuil a fhios acu, mar shampla, gur cuireadh i leith de Valera go mba Ghiúdach é? Bhí na ráflaí chomh tiubh sin ag an am go raibh ar Dev iad a shéanadh nuair a thug sé faoin eagraíocht fhaisisteach na Léinte Gorma a chosc i Márta na bliana 1934. D’fhógair sé gur Chaitlicigh ab ea a mhuintir, ar an dá thaobh. ‘There is not a drop of Jewish blood in my veins,‘ ar seisean.

Patrick Zachmann, 1979

Ba é an Cunta George Noble Plunkett a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha sa bhliain 1921 agus scríobh seisean litir fhada chuig Dev ag an am, ag tabhairt amach faoi na Giúdaigh. Ní hamháin nach mbaineann na Giúdaigh le hÉirinn, dar leis an bPluincéadach, ní bhaineann siad le tír ar bith san Eoraip; níl cód morálta Críostaí acu; dream rúnda i gcúrsaí gnó is ea iad, ar nós na Máisiún; na Giúdaigh ba chúis leis an gCéad Chogadh Domhanda; naimhde an Phápa is ea iad agus mar sin de.

              Smaoiníos ar an gcúlra sin nuair a d’fhéachas ar leabhar de chuid Patrick Zachmann, ball de Magnum Photos, leabhar machnamhach a thugann léargas iontach dúinn ar na Giúdaigh.

Patrick Zachmann, 1981

Order of Appearance

le Jim Jocoy
foilsithe ag TWB Books
84 leathanach
44 pláta daite
Toisí: 9 x 12.25 orlach

Nuair a tháinig deireadh le Samhradh an Ghrá, cad a tháinig ina áit? Punk. Mheas a lán go raibh an domhan i bpunc sular tháinig Punk ar an saol. Ní raibh a fhios acu cad a bhí ag teacht!

Bhí an grianghrafadóir Jim Jocoy i láthair i gCalifornia nuair a d’éag Samhradh an Ghrá agus nuair a tháinig leithéidí Sid Vicious agus a chairde chun cinn. Más spéis leat an tréimhse sin de shibhialtacht an duine, tá saothar le Jocoy ar díol ar Artsy. An póstaer de chailín agus coiléar gadhair á chaitheamh aici an ceann is mó a mheabhraíonn an tréimhse sin domsa.

Jim Jocoy, 1978

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Céasadh an nGiúdach agus deireadh le samhradh an ghrá'