MIONLÉIRMHEAS: Ceann de na grianghraif is áille agus is neamhchoitianta dá bhfaca mé riamh

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, grianfhraf den Ghúrú gan ainm

MIONLÉIRMHEAS: Ceann de na grianghraif is áille agus is neamhchoitianta dá bhfaca mé riamh

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, grianfhraf den Ghúrú gan ainm 

Tá sé seo ar cheann de na grianghraif is áille agus is neamhchoitianta dá bhfaca mé riamh. Is grianghraf é de ghúrú Indiach nach raibh aon ainm air. Carn bruscair a bhí mar ionad cónaithe aige agus an chathair ba ghaire dó ná Vadalur; mar sin, thugtaí Vadalur Baba air.

An rud is suaithinsí faoin ngrianghraf seo ná go bhfuil Vadalur Baba ar shlí na fírinne agus is marbh a bhí sé nuair a glacadh an grianghraf seo. (Tabhair faoi deara go bhfuil cos leis ceangailte). Ach tá a shúile lán de ghrá, lán de naofacht, lán de bheocht. Is ait an mac an saol!

An duine, an chumhacht agus an tseilg

Cé go samhlaímid fiach an mhadra rua leis an gCinsealacht, tá an ceol Gaelach lán de thagairtí don fhiach céanna:

Taisce Cheol Dúchais Éireann

Téann cúrsaí seilge siar go dtí Fianna Éireann agus níos faide siar. Agus bhí spórt ag baint leis, gan amhras. Tríd is tríd, áfach,

samhlaím go mbítí ag seilg in Éirinn chun bia a chur ar an mbord, go príomha. Ní ocras a spreag na hAngla-Éireannaigh chun seilge. Is iontach an cur síos a dhein Oscar Wilde ar lucht seilge: ‘the unspeakable in pursuit of the inedible’. Teailí hó!

Tráth den saol, comhartha laochais agus fearúlachta ab ea lachain a sheilg, mar a fheicimid sa ghrianghraf seo d’Uachtarán Mheiriceá, Stephen Grover Cleveland.

Nach ait an rud é . . . léirigh uachtaráin agus ríthe an domhain a gcrógacht agus a gceannaireacht, dar leo féin, nuair a glacadh grianghraif díobh ag marú piasún agus coiníní! Baineann na grianghraif seo le háisíneacht i bPáras na Fraince:

www.roger-viollet.fr

Rí Séarlas II na Rómáine agus a ghunna ar a ghualainn aige

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Ceann de na grianghraif is áille agus is neamhchoitianta dá bhfaca mé riamh'