Tusa Éire agus an 70 ealaíontóir Éireannach
Fantasy Island
328 lch
Toisí: 4.75 x 7″
Rotten Books a d’fhoilsigh, 2025
Mise Éire. Tusa Éire agus an 70 ealaíontóir Éireannach atá sa leabhar seo. Níl aon bheirt a chuirfeadh íomhánna grianghrafadóireachta d’Éirinn ar fáil a mbeadh na radhairc chéanna roghnaithe acu, an t-ábhar céanna, an stíl chéanna.
Caoga bliain de ghrianghrafadóireacht in Éirinn atá sa leabhar seo:
Nuair a thiteann tost ar an slua, is murdaróirí atá á dtabhairt chun cuimhne
Photo Album Universal
Eagrán teoranta: 100
Clúdach crua adhmaid lámhdhéanta
60 lch
Toisí: 10 x 10 x 2″ (25 x 25 x 5 cm)
Meáchan: 2,665 kg / 5.875lbs
Luach: $300 USD (postas san áireamh)
https://jonathanalpeyrie.com/books/
Níl ‘Poppy Day’ sna foclóirí Gaeilge. B’fhiú do dhuine liosta a dhéanamh de na téarmaí coitianta atá ag Seán Buí agus ar na cúiseanna nár tugadh isteach sa Ghaeilge iad. Tabharfar, is dócha, luath nó mall.
Ní chaitheann gach craoltóir Briotanach an poipín dearg nuair a chomórtar an Lá Cuimhneacháin thall sa Bhreatain ach bíonn fonn ar an gcuid is mó acu a bheith i dtiúin leis an gcomóradh, leis an mbunaíocht. Ní chreidim féin sa chomóradh. An mbeidh an cinedhíothú i nGaza á chomóradh amach anseo? Ní ábhar ceiliúrtha ar bith é sléacht: lánstad. Mhaífeadh an Sasanach trodach nach bhfuil ar siúl aige ach na mairbh a thabhairt chun cuimhne. Níl aon dochar ag baint leis sin, an bhfuil? Measaimse go bhfuil. Nuair a thiteann tost ar an slua, is murdaróirí atá á dtabhairt chun cuimhne acu.
Dhá scór duine as 20 tír atá sa leabhar Titans.
Caption: Oisín i ndiaidh na Féinne!
Spreag an grianghraf seo thíos haiku íorónach uaim:
Caption
grian lag ag taitneamh
ar bhonn crógachta . . .
iarshaighdiúir
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Caoga bliain de ghrianghrafadóireacht in Éirinn'