MIONLÉIRMHEAS: Bhíomar 30 éigin bliain ag súil leis an bhfoilseachán seo, b’fhiú é

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, ómós do na buachaillí bó agus leabhar faoin Tuaisceart do bhailitheoirí…

MIONLÉIRMHEAS: Bhíomar 30 éigin bliain ag súil leis an bhfoilseachán seo, b’fhiú é

Ómós do na Buachaillí Bó

American Cowboys le Anouk Masson Krantz
The Images Publishing Group a d’fhoilsigh
Réamhrá le Taylor Sheridan
Clúdach crua, 304 leathanach
Toisí: 10.98 orlach x 13.98
ISBN 9781864709186
$80.00

Níl Ré na mBuachaillí Bó thart go fóill (ná ré na gCailíní Bó ach oiread).

An locht is mó a bhí ar an gcóras oideachais in Éirinn le linn domsa a bheith ar scoil – níl a fhios agam an bhfuil sé athraithe mórán ó shin – níor ligeadh dúinn an saol a cheistiú. Mar sin is imprisean neamhchriticiúil a fuaireas-sa ó na scannáin go léir a chuaigh i bhfeidhm orm faoi Iarthar Fiáin Mheiriceá. Bhí na scannáin féin neamhchriticiúil agus an ciníochas an-láidir iontu, i dtaca le Meirindiaigh Mheiriceá de ach go háirithe.

Ba é an scannán agus ina dhiaidh sin an teilifís an meán siamsaíochta ba chumhachtaí an uair úd mar sin d’fhéadfá a rá gur ar bhréaga agus ar chiníochas a tógadh sinn go léir.

Is beag buachaill Éireannach leathchéad bliain ó shin nár theastaigh uaidh a bheith ina bhuachaill bó agus mura raibh Daidí na Nollag in ann gunna a thabhairt duit (bhí sé rite astu) dhéanfadh maide cúis.

Ní saothar ficsin é an leabhar seo, áfach. Is duine ón dtaobh amuigh, Francach, í Anouk Masson Krantz, an té a ligeadh isteach i dtithe na mbuachaillí bó agus a ghlac grianghraif den saol atá ar an stocfheirm inniu, saol an róidió agus mar sin de. Saothar ómóis is ea é seo.

Whatever You Say, Say Nothing

Grianghraif le Gilles Peress
Steidl, An Ghearmáin, a d’fhoilsigh
1960 leathanach
1212 léaráid
Toisí: 14¾x10″

Sa bhliain 1972, bhí Gilles Peress sé bliana is fiche d’aois. Ghlac sé grianghraif de shléacht Dhomhnach na Fola i nDoire. D’fhill sé ar Thuaisceart Éireann sna 1980idí chun ciall éigin a bhaint as an gcoimhlint. Laethanta foréigin, laethanta máirseála: círéibeacha, buamaí, scrios, briseadh croí, dílseacht, feall, dífhostaíocht . Is Francach é Gilles Peress agus ball de Magnum Photos. Is iomaí coimhlint ar díríodh a cheamara uirthi, ina measc coimhlintí san Iaráin, san Afganastáin agus Ruanda.

Leabhar do bhailitheoirí is ea é seo (mar is léir ón bpraghas: €425). Seánra neamhchoitianta é seo. ‘Ficsean doiciméadach’ a thugtar air; deich mbliana de ghrianghraif, scaipthe thar 22 lá, agus almanag ag gabháil leis dar teideal Annals of the North. Tagann mála gualainne leis na leabhair!

Bhíomar 30 éigin bliain ag súil leis an bhfoilseachán seo. B’fhiú feitheamh leis.

Is duine an-éirimiúil é Peress, tuiscint ar leith aige do choimhlintí, mar a bhíonn ag go leor Giúdach, mar is léir ón agallamh a chuir an foilsitheoir air.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Bhíomar 30 éigin bliain ag súil leis an bhfoilseachán seo, b’fhiú é'