MIONLÉIRMHEAS: An grianghrafadóir mar ealaíontóir agus aingil na sráideanna

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, an babhta seo saothar Fan Ho agus gach saghas aingil agus gach saghas deamhain

MIONLÉIRMHEAS: An grianghrafadóir mar ealaíontóir agus aingil na sráideanna

A Hong Kong Memoir
Fan Ho
Modern Book, SAM,
128 lch., 101 grianghraf.
Toisí: 9½x11″

Ar nós go leor scríbhneoirí, is ceardaithe seachas ealaíontóirí iad roinnt mhaith grianghrafadóirí ach is ealaíontóir é Fan Ho (1931 -2016), gan cheist, duine de na grianghrafadóirí is ‘pictiúrtha’ a bhí riamh ann.

Dúirt criticeoir amháin faoina shaothar go raibh grianghraif Fan Ho teibí ach daonnachaíoch ag an am céanna. Tá léargas ar fáil faoina chúlra, agus faoi chuid de na híomhánna is mó a shamhlaítear leis, ar YouTube.

Luaitear ann tionchar na hEorpa ar shaothar Fan Ho, Cartier-Bresson, cuir i gcás, an duine a mhúscail mo spéis féin sa ghrianghrafadóireacht sna 1960í, ceird (nó ealaín!) nach gcleachtaim féin ach amháin i bhfoirm fóta-haiku, is é sin le rá, grianghraif le daoine eile mar spreagadh chun haiku a chumadh. Spreagann Fan Ho mé:

ón gcrann lom

is lom é ceol

an éinín aonair

Aingil ar na sráideanna

LOS(T) ANGELES
Téacs le Matthias Harder agus agallamh idir F. Scott Hess agus Michael Dressel
Gearmáinis/ Béarla
Comhfhoilsithe ag Hartmann Books agus Gingko Press
Clúdach crua, 176 leathanach, 110 grianghraf
Luach: €38

Rugadh Michael Dressel in Oirthear Bheirlín. Thug sé faoi éalú thar bhalla amach. Gabhadh é. Chaith sé dhá bhliain i gcarcair. Bhain sé Los Angeles amach sa bhliain 1986. I gCathair na nAingeal atá sé ó shin, é ina eagarthóir fuaime agus ina ghrianghrafadóir sráide.

Feiceann a cheamara gach saghas aingil agus gach saghas deamhain ar na sráideanna. Daoine a bhfuil aislingí acu – an ‘aisling Mheiriceánach’ – agus daoine ar múchadh an aisling iontu fadó.

Nuair a fhéachaimse ar shuíomh gréasáin Dressel, trua is mó a spreagtar ionam do na hAngelenos agus don chine daonna trí chéile.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An grianghrafadóir mar ealaíontóir agus aingil na sráideanna'