‘Mionlach sa mhionlach’ iad daoine óga faoi mhíchumas i bpobal na Gaeilge

Dúradh ag comhdháil faoin nGaeilge agus an míchumas gur ‘teip na leisce’ is cúis leis an easpa freastail a dhéantar ar riachtanais chainteoirí Gaeilge atá faoi mhíchumas

‘Mionlach sa mhionlach’ iad daoine óga faoi mhíchumas i bpobal na Gaeilge

Deir saineolaithe gur ‘mionlach taobh istigh de mhionlach’ iad na daoine óga i bpobal na Gaeilge atá faoi mhíchumas.

Ag comhdháil faoin nGaeilge agus faoin míchumas a reáchtáladh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, dúirt cainteoir amháin gur “teip na leisce” ba chúis leis an easpa freastail a dhéantar ar riachtanais chainteoirí Gaeilge atá faoi mhíchumas.

Thug cainteoirí éagsúla aghaidh ar ghnéithe éagsúla den fhreastal agus neamhfhreastal a dhéantar ar Ghaeilgeoirí óga le riachtanais bhreise oideachais agus pléadh freisin an léiriú ar dhaoine óga faoi mhíchumas i litríocht na Gaeilge.

Phléigh cainteoirí éagsúla, agus an t-aoichainteoir an tOllamh Máirín Nic Eoin, an léiriú a dhéantar ar an míchumas i litríocht na Gaeilge.

Dar leis an iarphríomhoide Carmel Nic Airt, atá anois ina léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, gur “teip na leisce” an easpa freastail a dhéantar ar dhaoine óga atá faoi mhíchumas maidir le rochtain ar an nGaeilge.

Thug Nic Airt tuairisc ar chaighdeán agus ar nádúr an tsoláthair oideachais do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu. Mhínigh Nic Airt go bhfuil deiseanna móra ann maidir le soláthar cuí a chur ar fáil laistigh den chóras oideachais.

Ach dúirt sí go bhfuil deacrachtaí sa chóras lán-Ghaeilge go háirithe maidir le struchtúir tacaíochta, soláthar oidí agus síceolaithe agus easpa córas measúnaithe.

Dúirt sí go raibh claonadh ag roinnt síceolaithe agus teiripeoirí teanga, agus, in áiteanna, múinteoirí, tathant ar thuismitheoirí leanaí le riachtanais bhreise oideachais iompú ar an mBéarla nó fiú leanbh a aistriú go scoil Bhéarla.

Dúradh gur léiríodh go láidir sa taighde nach bhfuil bunús ar bith leis an gcleachtas seo.

Agus í ag tarraingt as taighde atá foilsithe ag COGG , mhínigh an Dr Claire Dunne ó Choláiste Marino go léiríonn  an taighde idirnáisiúnta agus náisiúnta gur féidir le páistí a bhfuil riachtanais speisialta agus riachtanais bhreise acu buntáistí a bhaint as an tumoideachas.

“Tá buanna, spéiseanna, pearsantachtaí agus riachtanais dhifriúla ag páistí i scoileanna lán-Ghaeilge,” arsa Dunne.  Mhínigh sí gur féidir an-leas a bhaint as an Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim chun tacú le daltaí taitneamh agus tairbhe a bhaint as foghlaim na Gaeilge.

Thug foireann ABAIR.ie cuntas ag an gcomhdháil ar fhorbairtí nua teicneolaíochta sa Ghaeilge. Dúirt Aifric Nic Niallais agus Ailbhe Ní Chasaide go mbeidh conair thábhachtach ar fáil sna forbairtí seo a thacóidh le riachtanais foghlaimeoirí a dteastaíonn modhanna foghlama ar leith uathu. Mhínigh Ní Chasaide go bhfuil sintéiseoir ar fáil anois ar shuíomh ABAIR,  cuir i gcás, a aistríonn taifead gutha Gaeilge go téacs sna trí mhórchanúint.

Labhair Grace Murphy, mac léinn iarchéime a bhaineann leas as cathaoir rothaí, faoin imeallú a bhaineann le suíomhanna áirithe do dhaoine a bhfuil riachtanais ar leith acu. Dúirt sí nach mbíonn sí féin ábalta freastal mar ba chóir ar cheannáras Chonradh na Gaeilge agus go háirithe Club an Chonartha, mar a mbíonn a cairde ag freastal ar ócáidí sóisialta.

Dúirt cainteoir eile, Stiofán Ó Briain, go raibh an easpa rochtana seo le cur ina cheart agus obair thógála ar siúl sa bhfoirgneamh ar Shráid Fhearchair faoi láthair.

Bhí cur síos ag Méabh Ní Choileáin ar na dúshláin a bhaineann le bheith ag múineadh i rang speisialta uathachais.

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a reáchtáil an chomhdháil le tacaíocht ó Choláiste Mhuire gan Smál, An Chomhairle um Thaighde san Eoraip agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Fág freagra ar '‘Mionlach sa mhionlach’ iad daoine óga faoi mhíchumas i bpobal na Gaeilge'