Mick Wallace ag triall ar Pharlaimint na hEorpa agus an tríú suíochán aige i dtoghlach an Deiscirt

Fuair an Teachta Dála neamhspleách Mick Wallace 27,001 vóta aistrithe ó Liadh Ní Riada. Idir Deirdre Clune (FG) agus Grace O’Sullivan (CG) a bheidh sé don cheathrú suíochán

Mick Wallace ag triall ar Pharlaimint na hEorpa agus an tríú suíochán aige i dtoghlach an Deiscirt

Tá an tríú suíochán sa toghchán Eorpach i dtoghlach an Deiscirt buaite ag Mick Wallace, Independents4Change.

Idir Deirdre Clune, Fine Gael, a bhfuil 110,085 vóta aici, agus Grace O’Sullivan, Comhaontas Glas, a bhfuil 114,287 vóta aici, a bheidh sé don cheathrú suíochán.

Cúig shuíochán ar fad atá le líonadh ach beidh fuireach calaidh ar an té a gheobhaidh an cúigiú ceann toisc nach mbeidh sí ag dul chun Parlaimint Strasbourg nó go bhfágfaidh an Bhreatain an tAE, má tharlaíonn sin.

Bhain Wallace an cuóta amach go saoráideach tar éis an 19ú comhaireamh agus 139,529 ar deireadh aige, 19,674 os cionn an chuóta.

Ghéill Sinn Féin innégo raibh a suíochán i bParlaimint na hEorpa caillte ag an bhFeisire Eorpach as Gaeltacht Chorcaí Liadh Ní Riada agus tharraing an páirtí siar a n-iarratas ar athchomhaireamh.

Tosaíodh ar maidin ar an 98,379 vóta a fuair Liadh Ní Riada a roinnt idir na hiarrthóirí eile.

Toghadh Sean Kelly an feisire Eorpach de chuid Fhine Gael agus an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Billy Kelleher cheana féin.

Déanfar farasbarr Mick Wallace a roinnt anois féachaint cé acu Deirdre Clune nó Grace O’Sullivan a gheobhaidh an ceathrú suíochán.

Fág freagra ar 'Mick Wallace ag triall ar Pharlaimint na hEorpa agus an tríú suíochán aige i dtoghlach an Deiscirt'

  • Léitheoir

    Is trua nach mbeidh ach Feisire amháin le Gaeilge i bParlaimint na hEorpa anois agus a suíochán caillte ag Liadh. Labhraíodh sí Gaeilge an t-am ar fad sa bParlaimint mura bhfuil dul amú orm. Ní dóigh liom go labhraíonn Seán Kelly i nGaeilge ach cuid den am.