Micheál Martin, Stormont agus cumhacht an Taoisigh

An bhfuiltear ar tí cumhacht na Roinne Gnóthaí Eachtracha a mhaolú fad is a bhaineann sé le Tuaisceart Éireann?

Micheál Martin, Stormont agus cumhacht an Taoisigh

Déantar tagairt sa chlár rialtais Our Shared Future do chruthú rannóige úrnua laistigh de Roinn an Taoisigh a bheadh ag plé le polasaí an rialtais nua i dtaobh Thuaisceart Éireann. Bheadh ar an rannóg nua “consensus on a shared island” a chruthú.

Ní léir fós cad is brí leis an méid seo, ach níl aon amhras ann maidir le meon aigne an té a bheidh ina Thaoiseach má ghlacann baill na bpáirtithe leis an gcáipéis, Micheál Martin.

Is léir go bhfuil sé tar éis cinneadh a dhéanamh  cumhacht agus tionchar na Roinne Gnóthaí Eachtracha a mhaolú, fad is bhaineann sé le Tuaisceart Éireann ar aon nós.

Ba dheacair a rá le blianta beaga anuas cé a bhí i gceannas de facto ar pholasaí an stáit maidir le Tuaisceart Éireann toisc go raibh Simon Coveney i bhfad níos glóraí agus níos bagraí i dtaobh na n-aontachtaithe ná mar a bhí an Taoiseach féin, Leo Varadkar.

Fadhb nua í seo ó thaobh cur chuige Rialtas na hÉireann de.

Ag an Taoiseach a bhíodh smacht ar an díospóireacht seo le fada an lá, agus bhíodh ról speisialta ag rúnaí a roinne de ghnáth. Ó 1937 go dtí 1960, ba é an Dr. Muiris Ó Muimhneacháin (1902-1999) an státseirbhíseach ba chumhachtaí sa Phoblacht  ó thaobh Tuaisceart Éireann de, go háirithe nuair a bhí de Valera ina Thaoiseach idir 1937-1948, agus arís idir 1951-1954, agus en fin, idir 1957- 1959. 

Bhí ardmheas ag de Valera ar an gCiarraíoch rúndiamhrach ciúin seo, agus bhí leisce air aon rud tábhachtach a dhéanamh gan comhairle a lorg uaidh i dtús báire.

Bhí eagla ar an Dr Ó Muimhneacháin i gcónaí go loitfeadh polaitíocht sheicteach Thuaisceart Éireann an tsochaí ó dheas, agus mhol sé do de Valera, do John A. Costello agus do Lemass gan aon chur isteach díreach a dhéanamh ar dhíospóireachtaí polaitiúla Stormont ná aon chúnamh a thabhairt don IRA.

Ina aigne, b’ionann an teorainn agus cineál cordon sanitaire.

Idir 1937 agus 1960, nuair a ceapadh é ina ghobharnóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann, bhí an Dr Ó Muimhneacháin níos cumhachtaí ná na hairí gnóthaí eachtracha go léir.

Cúpla bliain níos déanaí, thug Jack Lynch an chumhacht chéanna don Dr. Dermot Nally (1927-2010), fear caol ard fíoréirimiúil a tháinig isteach i 1972 chun cabhair a thabhairt don Taoiseach maidir leis an gComhphobal Eorpach agus an caidreamh Angla-Éireannach.

Ba é an Dr Nally a thug an rabhadh cáiliúil do Liam Cosgrave gan aon tacaíocht a thabhairt do phlean rúnda a bhí ag Harold Wilson imeacht go huile is go hiomlán as Tuaisceart Éireann i 1975.

Dar leis an Dr  Nally, dhéanfadh an plean sin dochar uafásach don oileán go léir: “the likely prelude to the establishment of a state comprising either the entire six counties or the part of it east of the Bann is so horrific for the entire island that I think we should, on no account, give any support or engage in any open analysis or discussion on the subject.

Lean sé air: ‘a reasonable degree of progress for the three million people living here is more important, no matter what Northern interests think, than power sharing, if the choice comes to that.’

Más ea, “no option other than options involving the continuance of a British presence in Northern Ireland, with direct rule in some form or other, should be discussed or acknowledged in conversations with the SDLP or others.’ 

Nuair a d’éirigh an Muimhneachánach as Roinn an Taoisigh i 1993, ní raibh a leithéid arís ann, agus mhéadaigh ar chumhacht na Roinne Gnóthaí Eachtracha dá bharr.

N’fheadar bhfuil Micheál Martin sa tóir ar Ó Muimhneacháin nó Nally eile chun cabhrú leis smacht a choimeád ar pholasaí Stormont a rialtais nua?

Fág freagra ar 'Micheál Martin, Stormont agus cumhacht an Taoisigh'

  • Nach nuachtán Gaeilge é seo?

    Alt thar a bheith spéisiúil ach ní thuigim an chúis go bhfuil friotail i mBéarla gan aon aistriúchán Gaeilge orthu síos tríd; samhlaigh alt i nuachtán Béarla breac le Fraincis nó Gearmáinis, mar dhea! Feictear dom mar sin nach bhfuil aon chúis ann nach n-aistrítear na habairti Béarla sin go Gaeilge. Dar ndóigh is rogha é i gcónaí na bunleaganacha a chur ag bun an ailt i gcló beag iodálach mar fho-nótaí don té ar mhaith leis na bunleaganacha a léamh beag beann ar an teanga a bheadh i gceist i gcásanna dá leithéid.

  • Joe Ó Ceallaigh

    D’oibrigh an bheartas seo amach go hiontach do mhuintir an tuaiscirt. Cuir plástar eile ar an fhadhb agus beidh achan rud ceart go leor.