Mianach mheitheal ‘Spotlight’ le feiceáil go soiléir i gceann de scannáin na bliana

Is fada ó bhí an oiread sin teannais ag baint le glaoch gutháin agus paiste cainte is atá i ‘Spotlight’

Spotlight-Image

Spotlight
Stiúrthóir: Tom McCarthy
Cliar: Mark Ruffalo, Michael Keaton, Rachel McAdams, Live Schreiber, John Slattery, Stanley Tucci, Billy Crudup.

Siad meitheal Spotlight a thug an gradam d’aisteoireacht foirne leo ag na Screen Actors Guild Awards oíche Shathairn. Is é a bhí tuillte go maith acu, dar liom, mar n’fheadar cathain a chonac meitheal aisteoirí ag tarraingt le chéile chomh cumasach, nádúrtha sin.

Uaireanta tarlaíonn sé go bhfuil an scéal a bhíonn idir lámha i scannán chomh cumhachtach sin nach gá, agus nár cheart, dul i muinín an chulaith gaisce. Ní hamháin go bhfuil an t-amhábhar anseo cumhachtach ach tá sé conspóideach agus tragóideach chomh maith.

Baineann an scannán seo le himscrúdú an Boston Globe maidir le mí-úsáid gnéis san eaglais Chaitliceach agus iarrachtaí córasacha, leanúnacha na heaglaise an fhírinne a cheilt. Is scannán é seo a bhainfidh d’anáil díot agus a chuirfidh drochmhianach ort.  Gan amhras tá macallaí go leor anseo do mhuintir na hÉireann agus ár stair dhorcha féin againn maidir le mí-úsáid gnéis.

Agus a n-eagarthóir nua Marty Baron (Schreiber), an chéad Ghiúdach a bhí mar eagarthóir ar an Boston Globe, á ngríosadh téann foireann iomráiteach Spotlight ag tochailt.

Is taoscadh farraige atá rompu agus iad ag dul in adharca na heaglaise i gcathair ina bhfuil an Chaitliceachas go smior is go smúsach inti. Is suimiúil an léiriú a fhaightear ar an gcathair seo; an dúil sa daorchluiche, an feacadh glúine os comhair na heaglaise, an pobal dlúth mórtasach agus an tsuim sa pholaitíocht. Cé nach ndéantar aon tagairt ar leith dóibh, tá na hÉireannaigh agus ‘an tÉireannachas’ fite fuaite sa scéal seo.

An chéad rud a théann i bhfeidhm ort ná an chumhacht a bhí ag an eaglais, fiú i dtosach na mílaoise nua. Ceileadh agus deineadh spior spear den mhí-úsáid gnéis, dá réir. Cé go raibh cásanna tagtha os comhair na gcúirteanna níor chuaigh na scéalta i bhfeidhm ar an bpobal faoi mar ba cheart.

‘If it takes a village to raise a child, it takes a village to abuse one,’ a deir dlíodóir le Stanley Tucci, fear gur de bhunadh na hAirméine é agus é ina éan chorr dá réir.

Lean an fhoireann seo ag paidhceáil leo agus faoi mar a bhailíonn brobh beart thugadar an choir agus an cheilt chun solais. Tréimhse chinniúnach ba ea í gan aon agó.

Cuireadh ina leith go rabhadar ag dul thar cailc agus na húdaráis shleamchúiseacha ag breith chucu féin. Lean na hiriseoirí stóinsithe ag tochailt leo agus tá sásamh thar na bearta ag baint leis an gcríoch nuair a dhéantar an mheá a chrochadh.

Is fada ó bhí an oiread sin teannais ag baint le glaoch gutháin agus paiste cainte. Tine ar do chraiceann agus síceolaí ag cur de. Comparáidí le All the President’s Men (1976) ag ráthaíocht im’ intinn.

Faoi mar a luas thuas tá comhoibriú foirne den chéad scoth anseo: eagarthóir beagfhoclach le Schreiber, seanfhondúir cráite, dúthrachtach le Keaton, iriseoir diongbháilte, mífhoighneach le Ruffalo, iriseoir tuisceanach, cumasach le McAdams, dlíodóir cliste, deisbhéalach le Tucci srl.

Ceann de scannáin na bliana.

Fág freagra ar 'Mianach mheitheal ‘Spotlight’ le feiceáil go soiléir i gceann de scannáin na bliana'

  • alan

    Cur síos agus léirmheas den scoth. An teanga á saothrú ag an údar ar bhealach dúshlánach, samhlaíoch, inniúil, cróga. Luann sé……’iarrachtaí córasacha, leanúnacha na heaglaise an fhírinne a cheilt’….agus go bhfuil… ‘an tÉireannachas’ …………mar bhunsraith sa scéal tríd síos. Ní nach ionadh mar is sinne Éireannaigh atá breá ábalta íospairt a dhéanamh ar a chéile, go háirithe ar an óige, agus folach an chait a dhéanamh air ansin d’fhonn a status quo ante a chothú agus a fhothú. Ní gá ach féachaint ar an gcás is déanaí I Loch gCarman, mo léan.