‘Mhúnlaigh an t-impiriúlachas meon daoine i leith na Gaeilge, déanaimis ceangal arís léi’ – Uachtarán na hÉireann

Agus é ag labhairt mar chuid de sheoladh Sheachtain na Gaeilge, dúirt Micheál D. Ó hUigínn go raibh sé tábhachtach daoine a spreagadh i treo na Gaeilge chun athcheangal a dhéanamh lenár ndúchas

‘Mhúnlaigh an t-impiriúlachas meon daoine i leith na Gaeilge, déanaimis ceangal arís léi’ – Uachtarán na hÉireann

Tá sé ráite ag Uachtarán na hÉireann go bhfuil rian an impiriúlachais le feiceáil fós sa mheon atá ag daoine i dtaobh na Gaeilge.

Agus é ag labhairt ag seoladh Sheachtain na Gaeilge, dúirt Micheál D. Ó hUigínn go raibh sé tábhachtach daoine a spreagadh i treo na Gaeilge chun athcheangal a dhéanamh lenár ndúchas.

“Labhair mé le déanaí faoin tráma cultúrtha a bhíonn mar thoradh ar an impiriúlachas agus ar an mbealach go mb’fhéidir gur mhúnlaigh sin ár meon i leith na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge.

“Nuair a thugaimid spreagadh dá chéile pé Gaeilge atá againn a labhairt is amhlaidh go bhfuilimid ag tabhairt deis dúinn féin chun ceangal a dhéanamh arís lenár n-oidhreacht shaibhir teanga agus chultúrtha agus le pobal beoga domhanda Gaeilgeoirí atá ag fás leis,” a dúirt an tUachtarán Ó hUigínn ina óráid.

Dúirt an tUachtrán gur “ábhar ceiliúrtha” í an Ghaeilge agus Seachtain na Gaeilge.

“Is féile í Seachtain na Gaeilge don phobal i gcoitinne, idir nua-chainteoirí, chainteoirí líofa, agus iadsan go léir nach féidir a rangú go néata sna catagóirí seo.  Táimid go léir ar ócáidí mar seo ag ceiliúradh teanga atá cothaithe againn mar phobal in ainneoin bhrú an impiriúlachais, agus deacrachtaí agus dúshláin na staire.”

Dúirt an tUachtarán go raibh sé tábhachtach daoine ar gach leibhéal a mhealladh chun na Gaeilge agus gurb í an sprioc a bhí le baint amach ná teanga bheo a dhéanamh den Ghaeilge. Chaithfí fáilte a chur roimh chách, is cuma cén cumas teanga a bheadh acu.

“Tabhair an dara seans don teanga,” an moladh a bhí ag an Uachtarán do dhaoine.

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte ar leith roimh imeachtaí fhéile na bliana seo atá á n-eagrú ag Gaeilgeoirí sna pobail nua atá ag cur fúthu anois in Éirinn. Dúirt sé gur chun leas chultúr na tíre é nuair a chuirtear fáilte roimh chultúir agus teangacha daoine eile.

“Nuair a thuigimid luach na teanga agus gach ní a bhaineann léi, tuigimid ag an am céanna, luach na dteangacha eile a úsáidtear in Éirinn anois, agus tábhacht na dtraidisiún éagsúil atá ag maireachtáil ar scáth a chéile fud fad na tíre. Is áit ilteangach, ilchultúrtha é an t-oileán seo, idir an Ghaeilge, an Béarla agus an iliomad teanga a labhraítear in Éirinn go laethúil.”

Dúirt Imelda May, duine d’ambasadóirí Seachtain na Gaeilge, go raibh sí ag súil le daoine a mhealladh i dtreo na teanga.

“Ba mhaith liom a bheith i m’ambasadóir do dhaoine cosúil liom féin, iad siúd a raibh deacracht acu leis an nGaeilge san am atá caite ach a bhfuil an-spéis go deo acu tuilleadh a fhoghlaim faoin teanga. 

“Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt do dhaoine teacht liom ar m’aistear leis an teanga, tógáil ar an muinín atá acu agus úsáid a bhaint as cibé Gaeilge atá acu gan a bheith buartha faoi bhotúin a dhéanamh,” a dúirt an t-amhránaí aitheanta.

Is iad May, iománaí Luimnigh Declan Hannon agus an craoltóir le RTÉ Bláthnaid Treacy ambasadóirí na féile i mbliana.

Beidh an fhéile ar siúl ar feadh breis is coicís i mbliana, ón lá inniu go dtí an 17 Márta.

Is féidir liosta iomlán d’imeachtaí agus de ghníomhaíochtaí Sheachtain na Gaeilge fháil ar www.snag.ie

Fág freagra ar '‘Mhúnlaigh an t-impiriúlachas meon daoine i leith na Gaeilge, déanaimis ceangal arís léi’ – Uachtarán na hÉireann'

  • S. Mac Muirí

    An ceart ar fad aige.
    Tá súil agam go bhfuil béarlóirí Theach Laighean, na gcomhairlí contae (Chiarraí go háirithe; ar Nuacht RnaG inniu) agus béarlóirí Chnoc an Anfa ag éisteacht leis.