Mhothaigh mise agus aontachtaithe eile tinn de réir mar a chonaic muid an tacaíocht do Shinn Féin

Crith talún polaitíochta? D’aontachtaigh an Tuaiscirt, b’fhóirsteanaí i bhfad meafair chogaidh amhail ‘gránáid’ nó ‘mianach talún’

Mhothaigh mise agus aontachtaithe eile tinn de réir mar a chonaic muid an tacaíocht do Shinn Féin

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Baintear úsáid as béarlagair na geolaíochta le cur síos a dhéanamh ar ar tharla san olltoghchán ag an deireadh seachtaine, focail cosúil le ‘seismeach’ agus ‘crith talún’. Do mhuintir Aontachtach an Tuaiscirt, áfach, b’fhóirsteanaí i bhfad dóibh meafair chogaidh amhail ‘gránáid’ nó ‘mianach talún’.

Mothaíonn an pobal DAP (Dílseach/Aontachtach/Protastúnach) go bhfuil siad in áit na leathphingine cheana féin. Chaill siad an tromlach a bhíodh acu ar Chomhairle Bhéal Feirste agus ina theannta sin chaill siad an tromlach a bhíodh acu in Stormont chomh maith. Thréig Príomh-Aire na Breataine a gcuid ionadaithe in Westminster agus chinn teorainn a chur i Muir Éireann.

Ní hé Rialtas na Breataine amháin a bhfuil neamart á dhéanamh aige iontu mar muintir Shasana féin fiú, is léir gur mhaith leo siúd fáil réidh le Tuaisceart Éireann. Chomh maith leis sin cuireadh deireadh leis na paráidí a bhíodh ag an bpobal DAP leis na blianta agus tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl cur i gcoinne a gcuid tinte cnámh.

Ach bhí fearg orthu freisin lena n-ionadaithe poiblí féin, a mbíonn líomhaintí éagsúla á gcur in éadan cuid acu go rialta agus a ghlac le tuarastal ar feadh na dtrí bliana ar dhiúltaigh siad teacht ar chomhaontú faoi roinnt na cumhachta.

Rinne an pobal DAP ollghairdeas sa deireadh nuair a thángthas ar chomhaontú ‘New Decade, New Approach’.

Ach, ba ghairid a mhair an ríméad sin.

De réir mar a tháinig na torthaí isteach ó chomhaireamh vótaí an Olltoghcháin sa deisceart ar an Domhnach agus an Luan, agus é an-soiléir go raibh Sinn Féin ar bharr an liosta i ngach dáilcheantar inar sheas iarrthóir dá gcuid, lena 17,000 vóta anseo agus a 21,000 vóta ansiúd, mhothaigh mise agus cuid mhaith den phobal DAP tinn.

Cad chuige a bhí seo ag tarlú? Nach bhfaca siad deora Breege Quinn ar an teilifís faoi mheon Conor Murphy i leith a mic? Nár chuimhnigh siad ach oiread ar dheora na mílte sibhialtach (Caitlicigh agus Protastúnaigh) a fuair bás, nó a chaill ball colainne, nó a d’fhulaing céasadh faoi lámha an IRA? An bhfuil a fhios acu go bhfreastalaíonn Mary Lou McDonald agus cuid eile acu ar ócáidí ag uaigheanna na ‘nÓglach’ sin, chun iad a chomóradh agus a cheiliúradh? An dtuigeann siad an déistin a chuireann sin uile ar dhílseoirí, aontachtaithe agus Protastúnaigh?

Más ar a son sin a vótáil pobal an deiscirt, an bhfuil muidne ag iarraidh a bheith sa Stát céanna leo? Cuirfidh toradh an toghcháin Éire Aontaithe siar go ceann tamall fada.

Anois, is maith atá a fhios agamsa nár vótáil daoine ar an bhonn sin – ach go raibh siad, cosúil linn féin, tinn tuirseach den ghéarchéim sna hotharlanna agus iad ag iarraidh go gcuirfí tithíocht ar fáil ar phraghas réasúnta.

Is léir, áfach, go ndearna pobal an tSaorstáit botún amháin. Ghlac siad leis gur páirtí ‘sóisialach’ é Sinn Féin as siocair an bhéim a chuir siad ar na ceisteanna sin san fheachtas. Níl Sinn Féin ar an eite chlé ar chor ar bith, dar liomsa.

Creideann siad i scoileanna atá scartha ar bhonn creidimh ó thuaidh agus diúltaíonn siad glan amach aon rud a dhéanamh faoi sin. Deir siad gurb é ‘rogha na dtuismitheoirí’ an rud is

tábhachtaí. Ach a mhalairt a bhíonn fíor nuair a éilíonn siad Scoileanna Cuimsitheacha seachas scoileanna a bhunú ar bhonn buanna. Bíonn siad beag beann ar mhianta na dtuistí céanna sa chás áirithe sin.

Ní haon pháirtí don lucht oibre iad. Is lucht gnó cuid acu ar a laghad. Deir siad go bhfuil clár oibre ‘glas’ acu, ach diúltaíonn siad don cháin charbóin.

Tháinig a bhfíorthosaíochtaí chun tosaigh an lá tar éis an olltoghcháin nuair a chuaigh David Cullinane i mbun ‘Up the ‘RA’ agus mí-úsáid á baint aige as an Ghaeilge ag an am céanna lena ‘Tiocfaidh ár lá’.

Ina dhiaidh sin, d’fhill Mary Lou ar an seanphort faoi Reifreann ar Éirinn Aontaithe.

Fág freagra ar 'Mhothaigh mise agus aontachtaithe eile tinn de réir mar a chonaic muid an tacaíocht do Shinn Féin'

  • Tuigim

    1. Ní maith reiligiún a cheangail le páirtí cosúil leis an P san DAP sin. (féach ar 16)
    2. Euros againn, níl leathphingin ann anois.
    3. Tá an tromlach ar son fanacht sa AE.
    4. Maidir le Príomh-Aire na Breataine, cá bhfuil an tír sin: An Bhreatain?
    5. Muir Éireann. Nach álainn an t-ainm sin!
    6. Rialtas na Breataine (féach ar 4)
    7. Is léir gur mhaith leo siúd fáil réidh le Tuaisceart Éireann = na 6 a thabhairt ar ais.
    8. Na paráidí = Imeaglú
    9. Tinte cnámh? Cinnte gan fuath le meas do chultúr, ní d’fhuath. Is breá bheith ag ceiliúradh Samhain, Imbolg, Bealtaine, agus Lúnasa
    10. DAP tinn? Mar?
    11. Ní raibh sé riamh faoi Caitlicigh agus Protastúnaigh. Goid na hImpireachta ón tús.
    12. A d’fhulaing céasadh faoi lámha an IRA? Agus an RUC Special Branch, an UVF…? Nó an raibh an IRA ag troid le haghaidh an spraoi? https://ansionnachfionn.com/2017/02/02/waterboarding-and-electric-shock-torture-britains-dirty-war-in-ireland/
    13. Gá le Éire AthAontaithe le tuiscint agus cearta.
    14. Ní deirimid ‘pobal an tSaorstáit’ cé go bhfuil sé fíor nach bhfuil saoirse sna wee 6.
    15. Níl Sinn Féin ar an eite chlé ar chor ar bith, dar liomsa. Dar leatsa? Seans go bhfuil tú mícheart?
    16. Aontaím leat go gcaithfear Stát/Eaglais a scaradh. Chuile dhuine dall ar sin, faraor! (féach ar 1)
    17. Bhí ‘Up the ‘RA’ as bealach agus tá sé spéisiúil a fheiceáil cé chomh tapaidh is a tharraing Mary Lou an lead sin os comhair na ceamaraí. Maith í. Bhí air é féin a mhíniú go poiblí. Níl fadhb agam leis an bhfrása ‘Tiocfaidh ár lá’ agus tá Come out ye Black and Tans oiriúnacht mar fhreagra ar an ndrochsmaoineamh an RIC a cheiliúradh.
    18. Seanphort faoi Reifreann ar Éirinn Aontaithe? Sean go deimhin! Muid 800 bliain ag fanacht ar shaoirse.

  • Darragh

    Breanna, ní féidir a shéanadh na hionsaithe seicteacha uafásacha i rith na trioblóidí. Níl na daoine a chaith vótaí i gcomhar Sinn Féin ar son na ionsaithe sin. Is Sinn Féín difriúil é, atá i bhfad níos óige agus níos sóisíalta. Ní raibh Mary Lou ach 11 nuair a bhí na trioblóidí ar mbun siúl, ní féidir linn an milleán a chur uirthí. Taimid uilig ag iarraidh síocháín. Táimid ag iarraidh Éire difriúl le áiseanna oiriúnacha

  • Donncha Ó Cathasaigh

    Cé go dtuigim go mbeadh toradh na toghchána ó dheas mar ábhar imní ag an bpobal DAP tá an méid seo le rá agam.
    Is léir go bhfuil díomá oraibh mar go bhfuil mórshiúil, tinte cnámha agus léiriú bratacha á gceistiú. Níl fadhb ag éinne le mórshiúil ach go bhfuil na mílte dóibh ag tarlú agus iad ag dul i méid agus ag iarraidh dul trí cheantair nach bhfuil tacaíocht ann dóibh. Tá a lán daoine uatha faoi na tinte cnámha mar go bhfuil cuid acu contúirteach agus go ndéanann siad dochar do thithe, foirgnimh poiblí agus an timpeallacht. Ina theannta sin déanta maisiúcháin gránna maslacha bagarthach le tagairt do dhaoine ón traidisiún náisiúnach agus a shiombail. Feictear bratach na Btreataine i ngach áit agus baintear úsáid as chun ceantair áirithe a chur in iúil.l, rud nach ritheann le sochaí roinnte idir dhá thraidisiúin cultúrtha/polaitaíochta éagsúla. Caithfear meas agus cothrom a bheith i lár an aonaigh.
    Rud eile, ní hiad an IRA amháin a rinne marú dar ndóigh. Tá an ceart ag gach dream a laochra féin a cheiliúradh, mar a dhéanann daoine ón bpobal DAP ar maraitheoirí airm na Breataine agus paramíleataigh dílseacha, na daoine a bhí freagrach as an slad ar an Miami Showband ina measc. Tá próiséas síochána i réim le breis is 20 bliain anois agus glacaim leis go bhfuil bhfuil rudaí le réiteach fós.
    Glactar leis go bhfuil sé de cheat againn athaountú na hÉireann a chur i gcrích go síochánta daonláthach agus sin atá i mbun ag Sinn Féin. B’fhéidir nach maith le daoine áirithe an obair sin ach caithfear glacadh leis más é toil an mhóraimh é, ní amháin de réir an GFA ach de réir an prionsabal daonláthaigh féin. Níl ceart ag mionlach todhchaí bunreachtúil na tíre a dhiúltú don móraimh. Sin an cumhacht a shíleann cuid den phobal DAP go mba chóir go mbeadh acu, dearcagh atá bunaithe san Williamite Settlement breis is 300 bliain ó shin a bhain tailte agus cearta sibhialta agus creidimh de formhór pobal na hÉireann agus a thug an cumhacht uilig do dhream beag Protastúnach. Tá an 21ú céad linn anois agus tá ré an mhíchothroim thart.
    Beidh Éire aontaithe ann ach ní chóir go mbeadh imní ar an bpobal DAP roimhe. Éire nua bunaithe ar meas agus cothrom na Féinne do chách an sprioc atá ag Poblachtánaigh. Bígí linn chun cruth a chur ar ár dtír agus ár dtodhchaí coitianta. Cuirfí fáilte Uí Cheallaigh romhaibh agus ní dtabharfaí an cluas bodhar daoibh.

  • Eoin O Murchu

    Dea-scríofa, ach ní hí Breege Quinn an t-aon mháthair a shíleann deóra i ndiaidh mic a cuireadh chun báis. Agus tá rogha againn: fanacht sa gcoimhlint agus gach rud a mheas i dtéarmai a tharla ar thaobh amháin nó ar an taobh eile; nó an aimsir chaite a chaitheamh taobh thiar dínn ar fad.
    Ar ndóigh, ní ó dheas amháin a fhéachann daoine óga (agus daoine nach bhfuil chómh hóg sin) i dtreó Shinn Féin, ach ó thuaidh freisin.
    Agus nár chuir sé deistin ar náisiúnaithe an Tuaiscirt nuair a thug muintir an deiscirt vótaí dona páirtithe a thréig iad?
    Ní hea; tá sé níos fearr duinn go léir aghaidh a thabhairt ar an aimsir atá ag teacht ná ar an ré atá thart.

  • Poblachtánachas?

    Is mór an cuidiú dúinn go léir tuairim meáite stuama duine den phobal DAP Dílseach / Aontach / Protastúnach a léamh inniu. Tá tábhacht faoi leith go bhfuil daoine den phobal DAP fós sásta a gcuid tuiairimí a roinnt linn.

    Tá tábhacht faoi leith le tuairmí mheáite stuama fad is atá an buaileam sciath treabhúil “Poblachtánach” mar dhea ag cur eagla ar gach duine sa deisceart a vótáil do Shinn Féin don chéad uair. Na “New provisionals” a ghlaodh ar na vótöirí nua seo.

    Gníomh éadóchais ab ea an vóta do Shinn Féin do go leor leor vótóirí agus mar bharr ar an donas cúpla uair an chloig tar éis an toghcháin agus feicimid geáitsíocht fhaisisteach an Teachta David Cullinane agus an eite dheis “Poblachtánach” (sic mar dhea) i Sinn Féin agus iad ag canadh “Come out you Black and Tans” agus iad ag cac ar na huibheacha dóchais.
    Cuireann a leithéid d’iompar sotalach éadóchas ar gach duine a vótáil do Shinn Féin don chéad uair go háirithe agus iad ag súil le hathrú. Nochtaigh an Teachta Dála David Cullinane an bhagairt threabhúil a bhaineann le “Poblachtánaigh” (sic mar dhea) Shinn Féin. Ar a laghad is mór an chabhair í rámhaillí an Teachta Chillinane chun an ruaig a chur ar an mbréagdhóchas i measc vótóirí shealadacha (New Provisionals) Shinn Féin.

    Plus ça change….

  • PTF

    Is é an locht is mó a bhí ar chaint David Cullinane nár luaigh sé beag ná mór na cúiseanna ar vótáil daoine dó .i. cúrsaí sláinte, tithíocht, pinsean agus athrú aeráide. Níor luaigh sé eagothromaíocht an tsochaí in Éirinn, ar dhá thaobh na teorann, an eagothromaíocht chéanna ba chion tsiocair le héirí amach an phobail chaitlicigh ó thuaidh sna seascaidí nuair a ceileadh cead vótála, oideachas agus tithíocht orthu. Ní bheadh aon amharc ar an IRA ná ar an UVF dá mbeadh cóir agus ceart le fáil ag baill na bpobal éagsúla ar fud na tíre, sna ceithre chúige.

  • Patricia foley

    Grma as an tuairim sin a chur in iúl, cinnte chuir iompair cullinane i mo chathair féinig náire an domhain orm ??. Tá an ceart ag an té a dúirt go rinne cullinane cac mór ar an éadóchas a bhí againn, níor vótáil mé roimhe seo don SF ach chaith mé bliain i ndiaidh bliana sa rental trap agus tá eagla agam i leith mo mhic agus cad atá i ndán don tír mura n-athródh rud ar bith.
    Tuigim go gcuirfeá déistin ar roinnt dílseoirí an vóta shinn féin láidir san roi, ach cuireann sé fearg ormsa uaireanta go bhfuil a oiread tacaíocht ag an DUP i dtuaisceart na heireann. Cé gur athraigh an ghaoth le gairid, nár thug an pháirtí sin na 2 fingers don Ghaeilge le linn na mblianta, bhí siad i gcoinne leis na réitigh go léir a chosnódh an teorainn, agus, creidim féin go gcreideann roinnt mhaith dhaoine ón DUP gur scumbag ceart mé toisc gur teeg mé. Devolved powers for what suits, to be one with the mainland for ransome reasona. Cuireann sé mearbhall orm!!
    Tá súil agam go dtaga na blianta órga don SDLP agus dílseoirí níos dearfaí ar ais. Sheol mé teachtaireachtaí don SF faoin gceist náireach ‘up the rá’ agus faoin dualgas atá orthu an tír a rialú in áit comóraidh a dhéanamh. Scríobh mé knock the divisive and cruel commemorations on the head lads- for good like.
    Mar gheall ar an border poll agus caolsheans de thír Aontaithe sa todhchaí, léigh mé an t-úrscéal mallon a shared home place agus caithfidh mé a rá gur chuir sé ag smaoineamh mé. Ní féidir linn an status quo a chur bun os cionn de barr 51-49 in favor. Ní féidir muid an cheist dhaonlathach a chur ar ais go deo ach oiread. Níor smaoinigh mórán daoine faoi na himpleachtaí i ndáiríre. Sa chás go mbeadh tír Aontaithe againn, caithfear dearmad glan a dhéanamh ar an tricolour, ar amhrán na bhFiann srl. D’athródh an chuid stuif like.

  • Fearghal

    seo freagra a thug mé féin air seo agus amaidí na bunaíochta le cupla seachtain https://blosc.wordpress.com/2020/02/18/up-the-ra-agus-tiocfaidh-ar-la/