Tá an Tardis ag an Dochtúir; tá an Tolg ag an tSaighdiúir Samhraidh. Sea, tá feachtas nua samhraidh le tosú agus b’fhuilteach an tús a bhí léi. Thosaigh an feachtas thiar i gCaisleán an Bharraigh agus Maigh Woe ag tabhairt aghaidh ar Shligeach. Ní raibh an cluiche thar barr ar fad ach is maith gur bhain Maigh Woe; is maith go bhfuil an dóchas lasta ina gcroí arís eile; go bhfuil siad san iomaíocht arís. Mar, de réir mar a théann an chraobh ar aghaidh, is amhlaidh is mó a mhéadaíonn ar an woe, an woe bliantúil sin a charnann craobh i ndiaidh craoibhe…
Chonaic tú Wily Coyote ag iarraidh an Ródrunnar a cheapadh? Ní éiríonn leis in am ar bith. Is ionann Maigh Woe agus Wily Coyote ach ná habair sin leo – millfidh sé an cartún ar an chuid eile dínn.
Thug mé ruathar ar lucht na rothar agus an giro a bhí ar siúl le linn an chluiche peile; thug amharc gasta ar an chluiche idir Corgi agus Trioblóid Aráin ina dhiaidh sin, le fáil amach cé a bheadh ag imirt in éadan Chill Chainnigh i Meán Fómhair; d’amharc ar an chluiche iarbheo idir Dún na nGall agus Aontroim agus thug cuairt ar an Chatalóin agus Barcalona ag cur críche ar a bhfeachtas i mbliana.
I mbeagán focal, bhí mé thiar agus thoir agus thuas agus thíos agus níl a fhios agam cá háit nach raibh mé.
Murar leor sin, d’éirigh liom seisiún sa ghiom a eagrú nó cad is fiú saighdiúir nach bhfuil fiteáilte? Caithfidh mé na matáin a ullmhú leis an bhuidéal beorach a thógáil den urlár. Ba bhocht agus ba róbhocht mé féin a ghortú chomh luath seo sa tsamhradh. Níor mhaith liom go dteipfeadh ar an mhisean sular thosaigh sé mar ba cheart.
Lena chois sin, tá plean ag an tsaighdiúir atá chomh glic le plean ar bith a cheap Baldrick riamh. Má chaithim x oiread ama sa ghiom, tig liom y oiread buidéal beorach agus z oiread mála brioscán prátaí a ithe. Ní éireoidh mé chomh caol le cú as freastal a dhéanamh ar an ghiom ach, ar a laghad, ní bheidh mé chomh mór le Jabba the Hut faoi dheireadh an tsamhraidh.
Seans agus seans mór go ndearna mé barraíocht an chéad lá den fheachtas. Níl a fhios agam an dtógfaidh mé ar an ghiom nó ar an bheoir é ach bhí mearbhall orm faoi dheireadh na hoíche. Bhí mo mhéara ag éirí tuirseach agus m’intinn ag éirí lag. An raibh mé i dTír Chonaill, sa Chatalóin, san Iodáil? Cé a bhí ar an ród sin romham? Messi ar a rothar, ag tabhairt an tsliotair do Nibali, le go n-aimseodh sé cúilín in éadan na gCorgis? Nó an amhlaidh go raibh Iniesta i lár na páirce ag Aontroim agus, más ea, cad chuige ar chaill siad nó an bhfaca mé fear as Maigh Woe sa Champa Nou ag rith thart agus é ag iarraidh fáil amach cad é mar a bhaineann foirne eile stuif?
Fógraíocht thar fóir
Tá mé ag éirí rud beag tuirseach de na fógraí seo uilig go léir atá le feiceáil ar gheansaithe peile, idir peil Ghaelach agus sacar. Tá dínit ag baint leis na dathanna a chaitheann lucht contae nó foireann sacair. Is minic an dínit sin millte ag fógraí d’earraí agus do sheirbhísí. Feicim go bhfuil fógraí anois ar chúl na ngeansaithe fosta. An fada go mbeidh siad ar an bhríste ghearr, ar na clogaid?
Mar sin féin, is cosúil nach gcuireann an nós seo as do dhaoine óga. Oiread chéanna le mórán déagóirí, tá rogha mhór geansaithe CLG ag m’iníonacha; cinn leis na Dubs, Maigh Woe, Dún na nGall, Aontroim. Dúirt mé leo lá nár cheart go mbeadh geansaithe orthu mura raibh baint acu leis an chontae áirithe. D’amharc siad orm mar a d’amharcfá ar amadán ar bith: “Ó, a dhaid, is maith linn na dathanna.”
Fág freagra ar 'Messi ar a rothar, ag tabhairt an tsliotair do Nibali le go n-aimseodh sé cúilín…'