Tá leagan Gaeilge curtha ar fáil de ráiteas mór Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron faoi thodhchaí na hEorpa, ráiteas a raibh fáil air i ngach teanga oifigiúil de chuid na hEorpa seachas an Ghaeilge go dtí seo.
Ambasáid na Fraince in Éirinn a chuir in iúl inné go raibh an ráiteas aistrithe anois go Gaeilge agus an leagan nua sin ar fáil ar shuíomh na hambasáide.
Dúirt an té a d’fhiosraigh scéal an easpa leagan Gaeilge den ráiteas, Seán Mag Leannáin, gur údar sásaimh dó gur cuireadh leagan Gaeilge ar fáil.
Dúirt an t-iar-státseirbhíseach agus Gaeilgeoir a labhraíonn amach faoi chás na teanga sa státchóras, go raibh moladh déanta aige leis an Ambasáid go bhfoilseofaí anois an leagan Gaeilge ar shuíomh Rialtas na Fraince Gouvernement.fr mar a bhfuil an ráiteas ar fáil i 22 teanga oifigiúil eile an Aontais.
“Ceapaim go bhfuil jab maith déanta ag an aistritheoir. Más mall is mithid agus ár dTaoiseach féin ag casadh leis an uachtarán Macron i bPáras inné.
“Mhol mé an leagan Gaeilge seo a fhoilsiú chomh maith ar shuíomh gréasáin an Elysée. Ba cheart go mbeadh sé le fáil ansin taobh leis na 22 teangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais,” a dúirt Seán Mag Leannáin.
Cuireadh fáilte roimh an scéal ar Twitter chomh maith.
Un grand merci! Óráid @EmmanuelMacron aistrithe go Gaeilge faoi dheireadh! @FranceinIreland @tuairiscnuacht ?? https://t.co/Ar2lpgGmUd
— Na Gaeil i gCéin (@Gaeil_i_gCein) 2 Aibreán 2019
In ainneoin gur maíodh ag an am go raibh an ráiteas á fhoilsiú i dteangacha oifigiúla an AE go léir, dheimhnigh Ambasáid na Fraince in Éirinn le déanaí gur fágadh an Ghaeilge ar lár.
Nuair a foilsíodh an ráiteas i 28 nuachtán i dtús na míosa seo, mhaígh urlabhraí de chuid Macron gurbh í sin an chéad uair gur “labhair ceannaire stáit le muintir uile na hEorpa ina dteangacha féin”.
Ach nuair a d’fhiosraigh Mag Leannáin an scéal le hAmbasáid na Fraince, fuair sé amach nárbh amhlaidh an scéal agus nár cuireadh ráiteas Macron ar fáil ach i 22 teanga den 23 teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.
“Unfortunately President Macron’s tribune has not been translated into Gaelic. You will however find an English version on our website,” a dúradh sa bhfreagra a thug Ambasáid na Fraince ar Sheán Mag Leannáin.
Fearn
An fada anois anailís TUAIRISC.IE ar litir Mhacron?
Breathnóir1
Níl an nasc don óráid leabaithe sa téacs i gceart agaibh, a chairde.
Emer
Cé nach bhfuil ann ach gobbledegook agus jargon nach bhfuil an t-am agam chuige, is maith ann iad.