Meascra machnamhach saibhir a thugann ar thuras ó phlúchadh an Bhéarla sinn

Cuireann eagarthóirí leabhair nua cás doshéanta inár láthair gur cineál ar leith scríbhneoireachta é an scríbhneoireacht taistil i nGaeilge

Meascra machnamhach saibhir a thugann ar thuras ó phlúchadh an Bhéarla sinn

Eachtraí san Eoraip: scríbhneoireacht taistil i nGaeilge ó thús an fichiú céad go nuige seo (Coiscéim, 2026).
Kate Uí Chíobháin, Meidhbhín Ní Úrdail, Joachim Fischer (eag.)
Coiscéim, 2026

Is geall le foilseachán fíorthráthúil í an díolaim seo agus rún ag lucht a tiomsaithe í a sheoladh ag am a bhfuil athmheas domhanda ó bhonn sa tsiúl ar luachanna, ar eitic agus ar fhealsúnacht, idir mhorálta agus pholaitiúil. Tús áite atá á thabhairt anseo do mhalairt mheasta ar buntuiscintí ar cuid de ghnáthleagan amach an tsaoil iad i dtíortha liobrálacha daonlathacha. Ag an am céanna, ámh, tá tosaíocht nua i réim i ndlínsí na láimhe láidre ar mó dá réir iontu caolchúis náisiúnta leithleasach; cá bhfuil ár dtriall?

Sa réamhrá, leagann na heagarthóirí an cur chuige s’acu amach go soiléir agus iad i mbun tiomsú na díolama. Déantar idirdhealú idir, ar thaobh amháin, scríbhinní a bhfuil dea-theist orthu cheana, idir Ghaeilge agus Bhéarla, ó pheann imirceánach a thug aghaidh ar thíortha eile i ndomhan an Bhéarla agus iad sa tóir ar shaol úr ar feadh tréimhse agus, ar an taobh eile, scríbhneoirí a chaith seal cuarta i dtíortha na hEorpa áit ar theagmhaigh siad le raon eispéireas nua i dtaca le teangacha, béasa agus traidisiún de.

Is é an dara rannán cumadóireachta is ábhar do na píosaí a roghnaítear anseo lenár mbreith a mheá agus cuireann na heagarthóirí cás doshéanta inár láthair gur cineál ar leith scríbhneoireachta é ar beag uilig an suntas a tugadh dó i bhfoilseacháin eile go dtí seo.

Tá seanaithne ar chuid de na scríbhneoirí i ngeall ar cheird an phinn, leithéidí Máirtín Ó Cadhain, Máire (Séamas Ó Grianna). Breandán Ó hEithir, Breandán Ó Beacháin agus Alan Titley agus is mó ár n-aithne ar chuid eile acu de thairbhe gairme eile mar shampla; Ciarán Mac Mathúna, Liam Ó Muirthile agus Seosaimhín Ní Bheaglaoich agus daoine nach iad.

Tá tuairim is leathchéad scríbhneoirí ar fad i gceist agus deich gcinn is trí scór de phíosaí atá os ár gcomhair anseo. Tá corradh agus fiche tír agus dlínse i gceist a n-áirítear ina measc ollmhéid an Aontais Shóivéadaigh mar a bhí agus coilíneachtaí beaga ar nós na hOileáin Fharó chomh maith, ar ndóigh, le háiteanna a bhíonn ina gceann scríbe  cotianta ag daoine, mar an Fhrainc agus an Iodáil.

Is é Micheál Breathnach an scríbhneoir is luaithe a thugtar inár láthair agus é sa tóir ar bhiseach ón eitinn i measc na nAlp ag tús na haoise seo caite ach de réir mar a leanann an scéal ar aghaidh ó chogaíocht go dlúthú na hEorpa tríd an fichiú haois, tagann éagsúlacht i dtaca le hábhar agus stíl na bpíosaí de, gan trácht ar na tíortha a dtugtar cuntas orthu; An Eastóin, An Ghréig, an Rómáin, an Úcráin, Giobráltar, agus cathracha móra ar nós Bheirlín agus an Bhruiséil. Ón chur síos pearsanta ar a bhfuil feicthe ag an scríbhneoir go dtí meabhrú ar cad is saoirse ann nó tábhacht teanga mar chosantóir anama, tá rogha leathan spreagtha ag na sealanna cuarta atá caite ag lucht scríofa na na-aistí.

Is meascra machnamhach, saibhir, ilghnéitheach é agus roghnú sciliúil géarchúiseach mionsonraitheach déanta ag an triúr eagarthóirí ar an ábhar ann. Cuirtear fáilte roimhe mar fhorléargas uaillmhianach úrnua ar scríbhneoireacht Ghaeilge i gcomhthéacs Eorpach a thugann aghaidh ar dhomhan seachtrach taobh amuigh de phlúchadh an Bhéarla.

Fág freagra ar 'Meascra machnamhach saibhir a thugann ar thuras ó phlúchadh an Bhéarla sinn'