Meas agus íocaíocht – leigheas na géarchéime réiteoirí i gCLG?

Ní haon ionadh mar sin go bhfuil ganntanas réiteoirí i gcuid mhaith contaetha

Meas agus íocaíocht – leigheas na géarchéime réiteoirí i gCLG?

Mar dhuine ó chúlra Chumann Lúthchleas Gael nuair a thosaigh craoladh gan stad na gcluichí rugbaí, chuireadh sé iontas orm i gcónaí an meas a bhíodh ag imreoirí rugbaí ar réiteoirí.

Nuair a thosnaigh mise amach ag imirt is beag meas a bhíodh ar réiteoirí i measc imreoirí agus leantóirí ár gcluichí. Cinnte, tá sé sin athraithe, nó, ar a laghad, tá sé ag athrú. Fós féin is minic a chloisfeá mallachtaí agus eascainí diamhra ón taobhlíne agus ó na seastáin i bpáirceanna ar fud na tíre.

Minic go leor is ó thuismitheoirí ag cluichí faoi aois a chloisfeá an caitheamh anuas is gránna. Ní haon ionadh mar sin go bhfuil ganntanas réiteoirí i gcuid mhaith contaetha.

Bhíos ag caint le Cláiríneach le deireanas agus d’inis sé dom nár earcaíodh sa chontae ach réiteoir amháin in 2017. Bhí sé thar a bheith buartha faoi sin. Dúirt sé go raibh brú damanta ar na réiteoirí atá ag feidhmiú sa chontae mar go bhfuil siad go léir ag déanamh an iomad cluichí ar fad.

Deir sé go bhfuil sé i gceist ag cumann na réiteoirí sa chontae feachtas a eagrú ag tosach 2018 chun réiteoirí a fháil ó gach club sa chontae. N’fheadar an bhfuil siad ag tairiscint aon toirtín chun daoine a mhealladh i dtreo na réiteoireachta? 

Bhíos ag léamh freisin go bhfuil fadhb seo na heaspa réiteoirí thar a bheith dona trasna na teorann i gcontae Luimnigh. Labhair rúnaí an chontae sin amach go paiseanta faoin bhfadhb chéanna ag an gcomhdháil bhliantúil le déanaí. 

Seans dá mbeadh níos mó measa ag imreoirí na tíre ar réiteoirí go mbeadh daoine toilteanach dul i mbun na feadóige nó an amhlaidh nach mbeadh an easpa measa seo chomh forleathan dá mbeadh na réiteoirí agus caighdeán na réiteoireachta níos fearr acu? Is cás ubh an tsicín agus sicín na huibhe é.

Tá sé in am go gcuirfeadh Cumann Lúthchleas Gael cúrsaí éigeantacha ar siúl gach bliain d’imreoirí na tíre, idir óg agus aosta, chun a chur ar a súile dóibh an tábhacht a bhaineann le meas a thaispeáint. 

Anseo i gCorcaigh tá iarracht á déanamh ag Bord CLG an tSeandúin agus bord na réiteoirí sa chathair réiteoirí óga a mhealladh.

Tá togra nua tosnaithe acu i mbliana agus táthar ag íoc €500 mar sparánacht le réiteoir óg amháin atá ag freastal ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Is é Cathal Treacy ó Chumann Nemo Rangers an chéad duine chun an sparánacht seo a fháil.

Tá fhios agam nach mór an méid é sin, ach b’fhéidir go spreagfadh sé na boird eile sa chontae chun an rud céanna a dhéanamh agus níos mó airgid a sholáthar.

Tús maith leath na hoibre, cinnte.

Nó b’fhéidir go bhfuil sé in am córas an tsacair sa tír a úsáid agus iachall a chur a chlubanna íocaíocht a thabhairt don réiteoir díreach roimh gach cluiche. B’fhéidir go meallfadh an t-airgead níos mó daoine i dtreo na réiteoireachta agus go gcúiteodh sé réiteoirí bochta na tíre as íde na muc is na madraí a fháil. 

Fág freagra ar 'Meas agus íocaíocht – leigheas na géarchéime réiteoirí i gCLG?'

  • Learraí

    Fíor dhuit. Géarchéim is ea í. Éiríonn le cuid mhaith imreoirí san iomáint dallamullóg a chur ar réiteoirí go minic. Tá na cleasanna acu. Agus a fhios go maith acu nár imir an réiteoir áirithe sin aon iomáint riamh ina shaol. Féach na nithe uathmhara a luann J. Tyrrel ina leabhar. Na heascainí a bhíonn á spalpadh ag fir is mná ón taobhlíne chuirfidís an ghruaig ina coilgsheasamh ar do cheann! Ní tógtha ar na réiteoirí gan bheith toilteanach cur suas leis an gcaisliúireach.

  • Learraí

    Rugbaí, tá fios a ngnó ag na réiteoirí. Tá a fhios sin ag na himreoirí agus meas dá réir acu air. CLG ní bhíonn fios a ngnó acu go minic, go háirithe san iomáint, agus ‘sé gnó an imreora teacht i dtír ar an aineolas sin. File caoch a dhéanamh de. Na Cait ina máistrí air sin. Féach bóisceáil agus soiniciúlacht leabhar JTyrrel. Ná ceannaigh í le bhur dtoil, tá sí sa leabharlann. Ní féidir meas a cheannach. Ní mór é a thuilleamh. Ní luaim sacar mar is cluichíocht é sin seachas cluiche.

  • Seán de Paor

    Ba cheart scaoileadh leis an imirt. Déanann réiteoirí an iomad réiteoireachta! Fíorannamh a theagmhaigh an fheadóg le beola an Chódaigh le linn traenála agus bhuamar gach rud a bhí ag imeacht. An gá réiteoir ar bith?? Ligint dóibh teacht ar réiteach dá gcuid féin? Má bhaineann tú leis an gclogad ar aon tslí anois tá calaois déanta. Áiféis agus fastaím! Caithfidh tú tú féin a chur in iùl agus a chur ‘ar a shúile’ dod chéilí comhraic ‘go bhfuil tú ann’ agus go bhfuil tú ‘sa mhullach’ air. Ní cluiche do spadalaigh í seo. Op de Cats!