Bhí orm na vacsaíní i gcoinne an Covid a fuair mé sa Bhrasaíl (mar a bhfuil cónaí orm) a chlárú san Ísiltír (mar a bhfuil mé faoi láthair) agus thug an gnó sin go cathair Utrecht mé. Turas uair an chloig ar an traein ach cén dochar, chaith mé trí bliana i mbun an Léinn Cheiltigh in ollscoil na cathrach sin agus shíl mé go mbeadh sé go deas athchuairt a thabhairt ar na seanáiteanna a mbínn ag crochadh thart iontu nuair a bhí mé i dtús na bhfichidí. I dteach caife agus leanna De Vingerhoed a thosaigh m’aistear ar bhóithrín na smaointe agus timpeall lár na cathrach liom ansin, ag breathnú isteach trí fhuinneoga na seanfhoirgneamh ar fad a mbíodh ranganna ar nós ‘Teangeolaíocht Cheilteach A’, ‘Stair na hÉireann’ agus ‘Meánbhreatnais B’ ar siúl iontu.
Choinnigh mé siopa leabhar Broese go dtí an deireadh, ag súil le cuid mhaith den tráthnóna a mheilt i gceann de na siopaí leabhar is mó agus is sine san Ísiltír. Sa bhliain 1753 a thosaigh stair an tsiopa agus is iomaí leabhar a cheannaigh mé féin ann agus mé i mo mhac léinn, mo chóipeanna de Táin Bó Fraích agus Y Geiriadur Mawr ina measc, leabhair nach bhfaighfeá in aon siopa leabhar eile san Ísiltír.
Ach nuair a bhain mé an foirgneamh maorga ar an Oudegracht amach a mbíodh siopa Broese lonnaithe ann ó 1974 i leith, bhí ollmhargadh orgánach éigin ag feidhmiú san áit. Thit mo chroí. Ní fhéadfadh sé gur dhún Broese le linn na paindéime, an bhféadfadh? Cén chaoi ar chaill mé an nuacht sin?
Ach is iomaí uair a bhog siopa Broese le linn a staire fada. Léirigh taighde sciobtha ar an nguthán cliste nach raibh an siopa ach tar éis bogadh timpeall an chúinne, go seanoifig an phoist ar chearnóg an Neude. Tháinig ardú meanman orm ar an toirt: siopa leabhar lonnaithe i bhfoirgneamh mór art nouveau, ní fhéadfadh sé ach go mbeadh cuma mhaith air sin!
Bhí cuma mhaith air, cinnte. Spás mór millteach, síleáil ard, na scórtha míle leabhar ar sheilfeanna agus ar bhoird ar dhá urlár agus mezzanine. Ach chuir leagan amach na rannóg mearbhall orm – mearbhall agus cantal. Thuas i gcúinne ar an gcéad urlár a bhí rannóg an fhicsin lonnaithe seachas in áit fheiceálach ar an mbunurlár mar a mbeadh súil agat léi. Céard a bhí chun tosaigh mar sin? Leabhair faoi chathair Utrecht dírithe ar thurasóirí, a bhformhór i mBéarla; leabhair thaistil, leabhair faoi stíl bheatha agus leabhair don aos óg.
Tabhair saoithín orm agus cuir sotal i mo leith, ach mar scríbhneoir ficsin bhí díomá orm – agus imní faoi mo theacht isteach féin amach anseo – gur chuig áit éigin ar an gcúlráid a díbríodh an litríocht i siopa leabhar nua as an bpíosa (dá sheanbhunaithe an comhlacht.)
An mar sin a bheidh cúrsaí feasta?
Fág freagra ar 'Mearbhall agus cantal a bhí orm nuair a thug mé cuairt ar shiopa leabhar nua '