Meán Fómhair níos fliche, níos teo agus níos grianmhaire ná mar is dual don tír  

An mhí seo caite bhí an uasteocht ag 14 stáisiún aimsire ar fud na tíre níos teo ná a taifeadadh riamh cheana 

Meán Fómhair níos fliche, níos teo agus níos grianmhaire ná mar is dual don tír  

Bhí an uasteocht a cláraíodh i rith mhí Mheán an Fhómhair ag 14 stáisiún aimsire ar fud na tíre níos teo ná a taifeadadh ag na stáisiúin sin riamh cheana, de réir na sonraí aimsire is déanaí ó Met Éireann. 

Bhí an teocht ab ísle ag deich stáisiún níos teo ná a bhí riamh roimhe seo, de réir na sonraí nua. 

Bhí chuile chineál anaimsire againn le mí – tonnta teasa, díle bháistí agus Agnes, an chéad stoirm ainmnithe an séasúr seo.  

Sháraigh an mhí seo caite an ghnáthaimsir a bhíonn ann, seachas i bhfíorchorr-áit, agus é níos fliche, níos teo agus níos grianmhaire ná mar is dual don tír an tráth sin bliana.  

Na chéad deich lá den mhí seo caite bhí Éire sáinnithe idir balla ardbhrú os cionn mhór-roinn na hEorpa agus crios malltriallach lagbhrú siar agus siar ó dheas uainn san Atlantach.  

Bhí sé níos teo ar fud na tíre ná mar a bhíonn meánteocht fhadtréimhseach na míosa agus sáraíodh an teocht is airde do Mheán Fómhair ag roinnt stáisiún aimsire.  

Cláraíodh an Meán Fómhair is teo le 122 bliain ag an stáisiún i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. 

Bhí an mheánteocht sa tír seo 2.1°C níos teo ná an mheánteocht fhadtréimhseach agus ba shuntasaí fós an t-ardú ar an íosteocht fhadtréimhseach a bhí 3.0°C níos teo.  

Bhí an mheán-uasteocht don mhí seo caite  0.8°C os cionn mheán-uasteocht fhadtréimhseach na míosa sin.  

B’ionann cuid mhaith an teocht a taifeadadh do Mheán Fómhair 2023 agus an teocht a bhí againn mí Lúnasa 2021 ach go raibh an mhí seo caite níos teo i roinnt áiteanna.   

Ba é Meán Fómhair na bliana seo an ceann is teo a cláraíodh riamh i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean agus an mheánteocht ag 15.6°C ag na Laighnigh agus 15.1°C ag na Muimhnigh.  

14.7°C an teocht is airde a taifeadadh i gCúige Chonnacht an mhí seo caite, agus bhí an teocht chéanna sa gcúige an mhí chéanna in 2006. In 2006 freisin a cláraíodh an teocht is airde go dtí sin i gCúige Uladh mí lár an fhómhair ag 14.4°C agus 0.1°C faoi sin a bhí an uasteocht ansin an mhí seo caite. 

Oícheanta teo ar fud na tíre, spéir scamallach agus an aimsir á rialú ag an ardbhrú cuid den tsiocair a bhí ag an mbrothall mífhéiltiúil a bhí againn an mhí seo caite.  

Mí Mheán an Fhómhair 2023 a taifeadadh an íosteocht mhíosúil is teo in Éirinn agus i ngach cúige sa tír. Seo thíos an chomparáid leis an íosteocht fhadtréimhseach:  

  • – Mumhain 11.8°C (2.4°C os cionn an ÍTF ) 
  • – Connachta 11.6°C (2.4°C os cionn an ÍTF) 
  • – Laighin 11.3°C (2.4°C os cionn an ÍTF, mar a bhí in 2006). 
  • – Ulaidh 10.8°C (2.2°C os cionn an ÍTF). 

Ó thuaidh den teorainn, tá sé curtha ar an taifead ag Oifig Aimsire na Ríochta Aontaithe gur 10.7°C an mheán-íosteocht a bhí ann an mhí seo caite – an meán is teo a cuireadh riamh ar an taifead.   

Sáraíodh an teocht ag roinnt stáisiún aimsire. 

Ag Aerfort na Sionainne, contae an Chláir bhí sé 1.5°C níos teo ná an ghnáth-theocht agus an Meán Fómhair is teo ar an taifead ansin le 71 bliain. An teocht ab airde i rith an lae ag an aerfort, 27.9°C (10.2°C os cionn na meánteochta fadtréimhsí), agus an teocht is mó atá ar an taifead don mhí sin le 75 bliain. 

Bhí an Meán Fómhair is teo le 122 bliain i bPáirc an Fhionnuisce agus 15.8°C meánteocht na míosa a bhí ag an stáisiún sin (2.4°C os cionn mheánteocht fhadtréimhseach na háite). Ba in 2006 a áiríodh an teocht ab airde roimhe sin. 

Bhí an dara Meán Fómhair ba theo le 122 bliain i gCionn Mhálanna, i gCo Dhún na nGall, stáisiún arbh é 14.6°C meánteocht na míosa ann, an Meán Fómhair is teo ón mbliain 2006 agus é 1.4°C níos teo ná an mheánteocht fhadtréimhseach ansin. 

Seo a bhí le rá ag an Dr Sandra Spillane, eolaí aeráide le Met Éireann: 

“Údar suntais an teas agus an triomach a bhí againn ar fud oileán na hÉireann mí Mheán Fómhair 2023, bhí meánteocht na míosa os cionn an mheáin agus níos lú báistí againn ná mar is gnáth.  

“Tréimhsí ardbhrú ba choitianta againn an chuid is mó den mhí agus is dual bun a bheith ar an aimsir agus í a bheith tirim nuair a bhíonn ardbhrú i réim. Tháinig níos mó de chosúlacht an fhómhair ar an aimsir le deireadh na míosa nuair a seoladh lagbhrú trasna na tíre.”  

Níl aon fhuarú á ghealladh dúinn sa tír seo sna réamh-mheastacháin aeráide is déanaí atá déanta mar gur téamh agus ardú teochta atá á thuar gach séasúr den bhliain san am atá romhainn.  

Fág freagra ar 'Meán Fómhair níos fliche, níos teo agus níos grianmhaire ná mar is dual don tír  '