Méadú tagtha ar lucht féachana TG4 in 2021

In ainneoin gur tháinig méadú, thit an stáisiún ón séú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn in 2020 go dtí an seachtú ceann anuraidh

Méadú tagtha ar lucht féachana TG4 in 2021

Tháinig méadú 3% ar lucht féachana TG4 anuraidh ach chaill an stáisiún a áit mar an séú cainéal is mó in Éirinn.

Méansciar féachana 1.89% a bhí ag TG4 anuraidh, méadú ó 1.83% in 2020.

Maítear gur fhéach 3.6 milliún duine, nó 81% den phobal, ar an stáisiún Gaeilge am éigin le linn 2021.

Bhí an meánsciar den lucht féachana a bhí ag TG4 le linn an Phríomh-am Féachana in 2021 os cionn 2%, an chéad uair a tharla a leithéid ó 2013.

D’ardaigh an meánsciar den lucht féachana a bhí ag an stáisiún ag an bpríomh-am féachana, idir 7pm agus meán oíche, ó 1.92% in 2020 go dtí 2.05% in 2021.

In ainneoin an mhéadaithe sin, áfach, chaill an stáisiún a áit mar an séú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn in 2020 agus sa seachtú háit a bhí sé in 2021. Ardú mór ar fhigiúirí féachana Virgin Media Three ba chúis leis an ísliú céime agus tháinig méadú 56% ar fhigiúirí an stáisiúin sin idir 2020 agus 2021.

Léiríonn na figiúirí is déanaí go mbreathnaíonn níos mó daoine sa tír seo ar RTÉ 1, RTÉ 2, Virgin Media One, Virgin Media Two agus Virgin Media Three ná mar a bhreathnaíonn ar TG4 ach tá an stáisiún Gaeilge chun tosaigh ar BBC Two, Channel 4 agus Sky One.

De réir straitéis cúig bliana TG4, is é an sprioc atá ag lucht an stáisiúin go mbeadh meánsciar 2.2% den lucht féachana náisiúnta ag an stáisiún Gaeilge faoi 2022.

Bhí súil acu a bheith ar an séú cainéal is mó lucht féachana sa tír faoin mbliain sin, sprioc a bhain siad amach le dhá bhliain anuas.

An Bhealtaine an mhí ab fhearr a bhí ag TG4 ó thaobh lucht féachana de anuraidh. Bhí sciar 2.74% san iomlán ag an stáisiún in aghaidh an lae i rith na míosa. An 23 Bealtaine an lá ab fhearr a bhí ag an stáisiún anuraidh, lá ar thuill cluichí sraithe Allianz lucht féachana 829,000 duine don stáisiún.

Meánsciar náisiúnta den lucht féachana ag TG4 2014-2021
Cainéal 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 2021
TG4 1.8 1.7 1.8 1.9 1.8 1.8 1.8 1.9

Craoltaí spóirt is mó a mheall lucht féachana chuig TG4 in 2021. Ba é Rugbaí Beo – an Cluiche Ceannais Pro-14 idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan Dé Sathairn an 27 Márta – ba mhó a mheall lucht féachana chuig an stáisiún.  D’fhéach 545,000 duine ar an gcluiche ag pointe éigin agus lucht féachana 229,000 duine a bhí i gceist ar an meán, sciar 21.5% den lucht féachana ag an am sin.

Ba é Cluiche Ceannais Pheil na mBan Beo idir an Mhí agus Áth Cliath ar an 5 Meán Fómhair an dara clár is mó ar bhreathnaigh daoine air anuraidh. Bhí meánlucht féachana 227,000 aige agus bhí sciar 29.9% ag an gcluiche.

D’fhéach 118,000 duine ar chlár speisialta ceoil, amhránaíochta, agus ealaíne ar bhreithlá an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigínn, Ómós Michael D @ 80. Bhí sciar 9.1% den lucht féachana ag an gclár ceiliúrtha sin.

Ba é an clár faisnéise is mó ar breathnaíodh air in 2021 ná Martin McGuinness, clár a rinne scagadh ar shaol agus ar oidhreacht Martin McGuinness, nach maireann.  Bhí meánlucht féachana de 75,000 ag an gclár faisnéise sin.

D’fhéach 74,000 duine ar an gclár faisnéise PEIG faoi Pheig Sayers agus bhí meánsciar 6.1% ag an gclár sin.

Mheall Seinnteoir TG4 os cionn 3 milliún amharc anuraidh idir amhairc bheo agus VoD [fís ar éileamh], méadú 15% ar 2020.  Ba é an clár faisnéise is mó a rabhthas ag faire air ar sheinnteoir TG4 ná an clár faisnéise Laochra Gael faoin bpeileadóir Dhún na nGall Kevin Cassidy. Bhí Síle Seoige: Deireadh Tochta, clár faisnéise faoi leanbh a cailleadh sa mbroinn, ar an dara clár is mó ar féachadh air ar an seinnteoir in 2021.

Dúradh gur tháinig méadú 20 milliún ar líon na n-amharc a bhí ag an stáisiún ar na meáin shóisialta in 2021, agus go raibh 58 milliún amharc físe san iomlán i gceist.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4:

“D’éirigh le TG4 an lucht féachana a fhás sa phríomh-am féachana in 2021 den chéad uair ó 2013. Is éacht ann fhéin é seo a bhaint amach don fhoireann ar fad idir léiritheoirí na gclár san earnáil neamhspleách agus foireann TG4.

“Cé gur lean na dúshláin a bhain leis an bpaindéim ar aghaidh in 2021, táimid thar a bheith bródúil as an sceideal clár a mheall lucht féachana láidir chugainn.  Is léir go bhfuil gean ag an bpobal féachana ar TG4 agus an luach atá linn mar chraoltóir seirbhíse poiblí. Táimid buíoch den Rialtas as an tacaíocht a léirigh siad do TG4 arís in 2022 agus táimid ag súil leis an mbliain amach romhainn.”

Fág freagra ar 'Méadú tagtha ar lucht féachana TG4 in 2021'

  • Gerry Sóna

    Tá sé scannalach ar fad go bhfuil cead ag leithid Virgin 1 agus 2 agus na staisiún eile Bearla a bheith ag craoladh sa tír seo gan dualgaisí orthu roinnt claracha i nGaeilge a chraoladh agus daoine le Gaeilge a fhostú. An bhfuil rialtas againn sa tír seo a gcreideann go bhfuil an Gaeilge tabhachtach agus lárnach inár gcúltur????