Méadú ar lucht féachana TG4 don tríú bliain as a chéile

Ardú 9% a tháinig ar fhigiúirí féachana TG4 anuraidh

Méadú ar lucht féachana TG4 don tríú bliain as a chéile

Tháinig ardú 9% ar fhigiúirí féachana TG4 anuraidh agus méansciar níos mó den lucht féachana meallta ag an stáisiún ná mar a mealladh le breis is deich mbliana.

Sciar 1.96% den lucht féachana in Éirinn a bhí ag TG4 in 2022, ardú ón 1.8% a bhí i gceist in 2021. Is é sin an sciar is mó den lucht féachana a bhí ag TG4 in aon bhliain ó 2011.

D’fhág an t-ardú in 2022 gur tháinig ardú ar an sciar den lucht féachana a bhí ag an gcainéal don tríú bliain as a chéile.

Cainéal 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 2021 2022
TG4 1.8 1.7 1.8 1.87 1.76 1.84 1.83 1.89 1.96

Ardú a bhí i gceist freisin ar an sciar den lucht féachana a bhí ag TG4 ag an bpríomh-am féachana. 2.15% den lucht féachana in Éirinn a bhí ag féachaint ar TG4 ag an bpríomh-am féachana, idir 7pm agus meán oíche. B’in ardú ón 2.05% a bhí i gceist in 2021.

Fágann na figiúirí is deireanaí go bhféachann níos mó daoine in Éirinn ar TG4 ná mar a fhéachann ar BBC Two agus Channel 4 agus go bhfuil RTÉ 1, RTÉ 2, Virgin Media One, Virgin Media Two, Virgin Media Three agus BBC 1 chun cinn air.

Cuireadh Sky News ar fáil ar Saorview ag deireadh 2021 agus bhí sciar 1.91% den lucht féachana ag an gcainéal nuachta ina 2022, díreach taobh thiar den 1.96% a bhí ag TG4. Meastar gur tháinig borradh ar fhigiúirí féachana Sky News ag tús na bliana mar gheall ar an bpaindéim agus an cogadh san Úcráin ina dhiaidh sin.

De réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag an stáisiún, d’fhéach 3.654 milliún duine nó 82% den daonra ar TG4 am éigin anuraidh.

Ba í mí na Nollag an mhí ab fhearr a bhí ag TG4 le meánsciar 2.22%. Ba é an 31 Iúil an lá ab airde a bhí sciar lucht féachana TG4 anuraidh nuair a bhain sé 9.6% amach. B’in é an lá ar craoladh Cluiche Ceannais Pheil na mBan.

Cluichí CLG ab ea na cúig chlár is mó a mheall lucht féachana ar TG4 in 2022, an cluiche sin idir mná na Mí agus Chiarraí ina measc.

Níl TG4 sásta na figiúirí féachana a chur ar fáil do chláir áirithe.

Cluiche Ceannais Peile Allianz idir Ciarraí agus Maigh Eo an clár ba mhó lucht féachana anuraidh. 228,000 duine a d’fhéach ar an gcluiche sin ag tús mhí Aibreáin agus sciar 30.2% den lucht féachana aige ag an am. Ba é Cluiche Ceannais Pheil na mBan idir an Mhí agus Ciarraí an dara clár ba mhó a breathnaíodh air in 2022. Bhí meánlucht féachana 206,000 duine aige sin, sciar 30.3%.

D’éirigh go maith ag tús 2022 leis an tsraith nua siamsaíochta, Contractors, sraith inar tugadh léargas ar chonraitheoirí feirmeoireachta a thugann cúnamh d’fheirmeoirí. D’fhéach 75,000 duine ar an meán ar an gclár ba mhó lucht féachana den tsraith mí Aibreáin agus ba é Contractors an clár ba mhó a d’fhéach daoine air ar sheinnteoir TG4 in 2022. Bhí trí chlár ón tsraith i measc na gcúig chlár is mó féachana ar an seinnteoir in 2022.

Dúradh go raibh os cionn 3.3 milliún amharc ar Sheinnteoir TG4 anuraidh. idir amhairc bheo agus VoD. Méadú 11% ar 2021 a bhí ansin, de réir na bhfigiúirí a chuir an stáisiún ar fáil. Ba é an cluiche Faoi 17 idir Gaillimh agus Tiobraid Árann ar an 19 Meitheamh an craoladh beo ba mhó a breathnaíodh air agus breis is 33,000 radharc aige.

Dúradh gur tháinig méadú ollmhór ar na ‘radhairc’ ar na meáin shóisialta a bhí ag TG4 anuraidh, ó 58 milliún radharc in 2021 go dtí 132 milliún radharc in 2022.

Fág freagra ar 'Méadú ar lucht féachana TG4 don tríú bliain as a chéile'