Cead tugtha do TG4 figiúirí féachana a gclár nuachta a choimeád faoi rún

Níor glacadh le hargóint Tuairisc gur áiféis a bhí ann a mhaíomh nach raibh dualgas ar chraoltóirí seirbhíse poiblí figiúirí féachana a chur ar fáil

Cead tugtha do TG4 figiúirí féachana a gclár nuachta a choimeád faoi rún

Níl aon dualgas de réir dlí ar TG4 a rá cé mhéad duine a fhéachann ar a gcláir nuachta agus cúrsaí reatha.

Rinneadh an cinneadh sin mar thoradh ar iarratas a rinne Tuairisc ar na figiúirí lucht féachana do na cláir Nuacht TG4 agus 7Lá.

Chuaigh Tuairisc i muinín na reachtaíochta um shaoráil faisnéise nuair a dhiúltaigh TG4 do ghnáthiarratas preasa ar na figiúirí féachana.

Dhiúltaigh TG4 don iarratas a rinneadh faoin reachtaíocht ar chúiseanna éagsúla, ina measc rúndacht an eolais agus an baol go ndéanfaí dochar, mar shampla, do chaidreamh foirne dá gcuirfí na figiúirí ar fáil.

Dúradh chomh maith gur bhain na figiúirí féachana le próiseas eagarthóireachta na gclár.

Ghlac an Coimisinéir Faisnéise leis an maíomh áirithe sin agus chinn sé nár tháinig na figiúirí féachana faoin reachtaíocht dá réir.

De réir na reachtaíochta, tá díolúine ag RTÉ agus TG4 ón Acht um Shaoráil Faisnéise fad is a bhaineann sé le heolas faoi na cinntí eagarthóireachta a dhéantar faoina gclár.

An argóint a bhí ag Tuairisc ná go raibh sé soiléir nár bhain an chuid sin den reachtaíocht le cláir atá craolta cheana ná le hábhar na gclár sin – is é sin le rá gur taifead stairiúil a bhí á lorg.

Chreid Tuairisc chomh maith gur áiféis a bhí ann a mhaíomh nach raibh dualgas ar chraoltóirí seirbhíse poiblí atá maoinithe ag airgead an phobail figiúirí féachana a chur ar fáil, go háirithe nuair a chuireann na craoltóirí féin a leithéid d’fhigiúirí ar fáil go minic agus nuair a bhíonn siad ar fáil d’aon dream atá ag iarraidh fógra a ghlacadh leo.

Tugtar sainmhíniú sa chuid den reachtaíocht a luaigh TG4 agus an Coimisinéir Faisnéise ar cad atá i gceist le ‘próiseas eagarthóireachta’ i gcás na díolúine:

“The process of making editorial decisions concerning programme or programme schedule content which, without prejudice to the generality of the foregoing, shall include preliminary programme proposal reviews, programme planning and final pre-transmission editorial decisions.”

Mhaígh TG4 gur rud leanúnach atá sa phróiseas eagarthóireachta a leanann ar aghaidh i ndiaidh chraoladh na gclár.

Déantar cinntí eagarthóireachta faoi Nuacht TG4 agus 7Lá bunaithe ar na figiúirí féachana a bhí ag na cláir atá craolta cheana, a dúirt siad.

Dúradh go bpléann lucht na hardbainistíochta figiúirí féachana na gclár ag cruinnithe gach seachtain le lucht eagarthóireachta agus lucht an sceidil.

Déantar cinntí eagarthóireachta bunaithe ar na cruinnithe sin, a dúradh.

Dúradh go mbíonn cruinniú uair sa mhí ag Ard-Stiúrthóir TG4 leis an bPríomh-Eagarthóir Nuachta do Nuacht TG4 agus 7Lá agus go ndéantar cinntí eagarthóireachta bunaithe ar an bplé a bhíonn ar siúl ag na cruinnithe sin.

Bíonn na cruinnithe sin ann mar chuid den mheabhrán tuisceana idir TG4 agus RTÉ, a dúradh.

Ghlac Oifig an Choimisinéara Faisnéise leis an argóint gur bhain na figiúirí féachana leis an bpróiseas eagarthóireachta.

Breis is bliain ó shin a d’iarr Tuairisc ar TG4 ar dtús go gcuirfí ar fáil dúinn na figiúirí féachana do Nuacht TG4.

I mí Feabhra 2021, tráth a raibh cúrsaí reatha i nGaeilge go mór i mbéal na phobail, d’iarr Tuairisc ar TG4 na figiúirí féachana do Nuacht TG4 do mhí Eanáir na bliana sin a chur ar fáil do scéal nuachta a bhí le foilsiú ar an suíomh.

Cuireadh eolas áirithe ar fáil do Tuairisc ach diúltaíodh an t-eolas a bhí á lorg a chur ar fáil, is é sin an meánsciar den lucht féachana a bhí ag gach eagrán de Nuacht TG4 a craoladh an mhí roimhe sin.

Dúradh ina dhiaidh sin gur 10,000 duine ar an meán a d’fhéach ar Nuacht TG4 an mhí áirithe sin.

Nuair a soiléiríodh gurb iad na figiúirí do na heagráin ar fad den chlár nuachta a bhí á lorg, dúirt TG4 ar dtús go gcuirfí an t-eolas sin ar fáil dúinn nuair a d’fhillfeadh an té a bhíonn ag plé leis na figiúirí féachana óna laethanta saoire.

Ach nuair a d’fhiosraigh Tuairisc an scéal arís mí an Mhárta, níor cuireadh an t-eolas a bhí á lorg ar fáil an uair sin ach oiread. Dúradh an babhta seo, áfach, gur 8,500 san oíche a bhí mar mheán-lucht féachana ag Nuacht TG4 i mí Eanáir, seachas 10,000 mar a dúradh mí roimhe sin.

Ba léir nach raibh sé i gceist in aon chor anois ag TG4 na figiúirí féachana do na heagráin éagsúla de na cláir a craoladh mí Eanáir a chur ar fáil do Tuairisc.

“Ní féidir figiúirí laethúla a chur ar fáil do gach eagrán i mí Eanáir gan comhthéacs agus sainanailís a bheith déanta ar na figiúirí sin,” a dúirt TG4 mar fhreagra ar an iarratas ba dhéanaí ó Tuairisc.

I mí Aibreáin 2021 rinne Tuairisc iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar na figiúirí féachana do Nuacht TG4 agus 7lá don tréimhse idir an 1 Eanáir agus an 31 Márta 2021.

Rinneadh an t-iarratas céanna ar RTÉ ó tharla gurb iad a dhéanann Nuacht TG4 agus 7Lá. Cé gur chuir RTÉ figiúirí do na cláir sin ar fáil dúinn cheana faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, dhiúltaigh siad sin a dhéanamh an uair seo ar an mbonn gur bhain na figiúirí le TG4.

I mBealtaine 2021 dhiúltaigh TG4 na figiúirí féachana don dá chlár a chur ar fáil.

Luaigh siad ceithre mhír den reachtaíocht lena gcinneadh. Dúradh gur bhain na figiúirí le cinntí eagarthóireachta. Dúradh go bhféadfadh nochtadh na bhfigiúirí cur as do chumas na bainistíochta a gcúram a dhéanamh trí, mar shampla, cur isteach ar chúrsaí caidreamh tionsclaíoch.

Mhaígh TG4 freisin go raibh díolúine ón reachtaíocht i gceist mar go bhfuair an stáisiún na figiúirí faoi dhiscréid agus dá nochtfaí iad go bhféadfadh sé cur as don chaidreamh atá acu leis an dream a thug dóibh iad.

Chomh maith leis sin, luaigh lucht an stáisiúin an chuid den reachtaíocht a deir nach gá eolas airgeadais, tráchtála, eolaíoch nó teicniúil a chur ar fáil dá gceapfaí go leanfadh caillteanas airgid nó brabús nochtadh an eolais sin. Thagair an stáisiún freisin don chuid den reachtaíocht a deir gur ceadmhach gan eolas a thabhairt sa chás go gcuirfeadh a nochtadh isteach ar idirbheartaíocht faoi chonradh nó faoi nithe eile.

Ó tharla gur chinn an Coimisinéir Faisnéise gur bhain na figiúirí féachana le próiseas eagarthóireachta na gclár, níor ghá, a dúirt sé, aon scagadh a dhéanamh ar na cúiseanna eile a luaigh TG4 le diúltú an eolais.

Fág freagra ar 'Cead tugtha do TG4 figiúirí féachana a gclár nuachta a choimeád faoi rún'