Méadú ar líon na ndaltaí a thug faoin nGaeilge don GCSE

Tháinig titim ar líon na ndaltaí a thug faoin scrúdú ‘Gaeilge’ sa GCSE ach tháinig méadú ar líon na ndaoine a rinne an scrúdú ‘Irish’, an scrúdú atá dírithe ar fhoghlaimeoirí

Méadú ar líon na ndaltaí a thug faoin nGaeilge don GCSE

Tháinig méadú ar líon na ndaltaí a thug faoin scrúdú ‘Irish’ an GCSE i mbliana fad is a thit líon na ndaltaí a rinne an scrúdú ‘Gaeilge’ don teastas.

Tá an rogha ag daltaí atá i mbun staidéir ar an nGaeilge ó thuaidh dhá churaclam éagsúla a leanúint, ceann amháin atá dírithe ar dhaoine a bhfuil an Ghaeilge acu cheana féin, an scrúdú ‘Gaeilge’, agus ceann eile atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge, an scrúdú ‘Irish’.

Rinne 1,845 duine an scrúdú ‘Irish’ i mbliana i gcomparáid leis an 1,737 duine a rinne an scrúdú sin in 2016. Thit líon na ndaoine a rinne an scrúdú atá dírithe ar chainteoirí líofa Gaeilge ó 168 anuraidh go 150 i mbliana.

Ó thaobh líon na ndaoine a bhain grád A*, an grád is airde, sna scrúduithe sin amach i mbliana, bhain 15.9% de na daoine a thug faoin scrúdú d’fhoghlaimeoirí an grád is airde amach, titim bheag ón 17% a bhain an grád céanna amach in 2016. Bhí ardú beag ar líon na ndaoine a bhain an grád is airde amach sa scrúdú ‘Gaeilge’, ó 8.3% in 2016 go 10% in 2017.

Bhí méadú chomh maith ar líon na ndaltaí ar theip orthu sa dá scrúdú, iadsan a fuair grád E, F, G nó ‘Gan Ghrád’. Theip ar 1% de na daltaí a rinne an scrúdú ‘Irish’ i mbliana i gcomparáid le 0.3%

anuraidh agus theip ar 1.3% a rinne an scrúdú ‘Gaeilge’ in 2017, i  gcomparáid leis an 0.6% a theip anuraidh.

Ba é an grád ‘B’ an grád is mó a baineadh amach sa scrúdú ‘Irish’ i mbliana, fuair 35.3% de na 1,845 dalta a rinne an scrúdú sin an grád sin. B’amhlaidh a bhí an scéal anuraidh nuair a bhain 33.6% den 1,737 dalta a rinne an scrúdú sin grád B amach.

D’éirigh níos fearr leis na daltaí a thug faoin scrúdú ‘Gaeilge’. Ba é an grád A an grád ba mhó a baineadh amach i measc na ndaltaí sin anuraidh, 38.1%, agus i mbliana, 37.3% díobh a fuair é.  Is é an grád A an dara grád is airde is féidir a fháil sa scrúdú.

De réir thorthaí an A Level, a foilsíodh an tseachtain seo caite, rinne 333 duine an scrúdú Gaeilge ag an leibhéal sin. Bhain 8.4% acu an grád A* amach, titim ó 9.4% in 2016, agus theip ar 0.6%, i gcomparáid le 0.3% anuraidh. 

Fág freagra ar 'Méadú ar líon na ndaltaí a thug faoin nGaeilge don GCSE'

  • Mánus

    Curaclam dóibh siúd go bhfuil Gaeilge acu agus ceann eile do foghlaimeoirí le scrúdú níos simplí. Is fearr an dá curaclam a chionneáil. Curaclam “Irish” do foghlaimeoirí amháin atá sa Deisceart. Cén t-íontas go bhfuil caighdeán na Gaeilge tithe comh mór sin sa Deisceart le 30 bhliain; ins na hollscoileanna ach go háirithe.