Méadú 25% tagtha ar lucht féachana TG4 i rith na Nollag

Ba é an cluiche rugbaí idir Connachta agus Cúige Mumhan Lá Caille an clár ba mhó a mheall lucht féachana

Méadú 25% tagtha ar lucht féachana TG4 i rith na Nollag

Cúrsaí spóirt agus cláir faisnéise is mó a mheall daoine i dtreo TG4 i rith na Nollag de réir na bhfigiúirí féachana is déanaí atá foilsithe ag an gcraoltóir.

De réir na figiúirí sin tháinig méadú 25% ar lucht féachana TG4 i rith na Nollag i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2020.

De réir TAM Ireland/Nielsen, bhí sciar laethúil de 2.8% den lucht féachana ar an meán ag TG4 idir Oíche Nollag agus Lá Caille. Sciar 2.2% a bhí ag TG4 le linn na Nollag in 2020.

Ba é Rugbaí Beo agus an craoladh ar an gcluiche idir Connachta agus Cúige Mumhan Lá Caille an clár ba mhó a mheall lucht féachana.

D’fhéach 118,000 duine ar an gcluiche beo.

Bhí tóir freisin ar na cláir faisnéise agus cheoil a craoladh ar TG4 le linn na Nollag.

109,000 duine a d’fhéach ar Seo é Joe Dolan, clár a thug léargas ar shaol agus ar shaothar an amhránaí Joe Dolan Oíche Chinn Bliana. 72,000 a bhreathnaigh ar chlár faoi na Saw Doctors The Saw Doctors – Sing a Powerful Song a craoladh Lá le Stiofáin agus d’fhéach an líon céanna ar chlár ceiliúrtha Philomena Begley Opry Philomena @ 60 ar an 28 Nollaig.

Deir TG4 gur léiríodh an-spéis i gcláir faisnéise eile chomh maith. 70,000 a d’fhéach ar an gclár faisnéise siamsúil faoin aisteoir Peter O’Toole, Peter O’Toole Réalta & Rógaire a craoladh Lá Nollag. Lá Fhéile Stiofáin, 60,000 duine a d’fhéach ar Dhoireann Ní Ghlacáin agus í ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil amach faoina seanathair Seán Ó Riada, caoga bliain tar éis a bháis i Seán Ó Riada – Mo Sheanathair.

D’fhéach 51,000 ar an gclár ómóis do bhainisteoir fhoireann Peile Ban Chorcaí nach maireann, Éamonn Ryan: An Máistir. oíche Lá Nollag, d’fhéach 54,000 duine ar Joe Burke – Ceiliúradh, clár faoin mboscadóir Joe Burke as oirthear na Gaillimhe a d’imigh ar shlí na fírinne mí Feabhra 2021.

Oíche Chinn Bliana mheall an clár ceoil as Ráth Chairn Fáilte 2022, a bhí á chur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus Orla Ní Fhinneadha, 58,000 duine.

Ghabh Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont buíochas le foireann agus lucht léirithe TG4 as an obair a rinneadh chun an lucht féachana a mhealladh, in ainneoin na ndúshlán a bhain le cúrsaí Covid aimsir na Nollag.

“Tá gach slat tomhais atá againn ag léiriú go bhfuil an pobal Éireannach an-cheanúil ar TG4 mar chainéal agus mar bhranda agus is ábhar sástachta dúinn an méadú suntasach bliain ar bhliain seo a chlárú agus muid ag tabhairt faoi 2022 le misneach agus le dóchas.”

Fág freagra ar 'Méadú 25% tagtha ar lucht féachana TG4 i rith na Nollag'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Treaslaím le hAlan Eslemont agus foireann TG4 as na sár cláracha a chuir siad ar siúl aimsir na Nollag.