Meabhrú dúinn gur féidir leis an nGaeilgeoir a bheith chomh ciníoch le duine ar bith eile…

Bhí oscailt súl cheart i ndán dom mar sin nuair a rinne mé staidéar roinnt blianta ó shin ar scríbhneoireacht na Gaeilge i lár na haoise seo caite

Meabhrú dúinn gur féidir leis an nGaeilgeoir a bheith chomh ciníoch le duine ar bith eile…

Is dócha go bhfuil claonadh againne, lucht labhartha na Gaeilge, féachaint orainn féin mar mhionlach a bhfuil leatrom seasta déanta air agus is mar gheall air sin go bhfuil bá instinneach againn le mionlaigh eile.

An eachtra uafásach sin le gairid, inar mharaigh póilín i Meiriceá an fear gorm George Floyd, chuir sé idir alltacht agus uamhan orainn.  Thit sé amach ar an tsráid phoiblí agus, a bhuíochas do na meáin shóisialta, bhí sé le feiceáil ar fud na cruinne. Bhí bá instinneach againn leis an bhfear bocht a cuireadh faoi chois agus lena mhuintir siúd.

Mar phobal teanga mhionlaigh creidimid gur chóir dúinn dul i gcomhar le mionlaigh eile agus dá bharr sin gur chóir dúinn tacaíocht láidir a thabhairt don bhfeachtas Black Lives Matter agus don phobal gorm i gcoitinne anseo agus thar lear.

Ghlac mé leis tráth gur mar sin a bhí sé i gcónaí agus níor shamhlaigh mé gurbh fhéidir le duine de lucht labhartha na Gaeilge, agus go háirithe duine den eite chlé i ngluaiseacht na Gaeilge, a bheith ciníoch faoin muintir ghorm.

Bhí oscailt súl cheart i ndán dom mar sin nuair a rinne mé staidéar roinnt blianta ó shin ar scríbhneoireacht na Gaeilge i lár na haoise seo caite.      

Níor foilsíodh ach dhá úrscéal i nGaeilge sa bhliain 1949: Cré na Cille, saothar cáiliúil Mháirtín Uí Chadhain, agus  An Bealach chun an Bhearnais le Tarlach Ó hUid.  Tóraíocht an dúchais is ábhar do leabhar Uí hUid agus gineadh go leor cainte agus tuairimíochta faoi ag an am.  Is fear gorm é laoch an scéil Peadar Ó Baoighill.  Ba ó Éireannach a dhíbir Cromail ina dhaor go Jamaica a shíolraigh athair Pheadair.  Duine aislingeach a bhí san athair agus is uaidh a fuair a mhac ‘conamar fuílligh na gcuimhní éagsúil a thug na hÉireannaigh díbrithe leo go Jamaica na céadta bliain roimhe sin.’

De réir mar a chuaigh an buachaill in aois ‘bhí an ghairm a tháinig chuige ó Éirinn anall ag éirí ní ba tréine agus ní ba mealltaí.’

Scríobh Criostóir Mac Aonghusa (1905-1991) léirmheas fada ar an leabhar in Feasta, Nollaig 1949.  Ba bhunmhúinteoir agus scríbhneoir é Mac Aonghusa.  Chaith sé formhór a shaol oibre ag múineadh sa Ghort Mór i bparóiste Ros Muc.  Ba chara é leis an gCadhnach agus ‘i gcomhar [leis-sean] agus múinteoir eile sa cheantar, Seosamh Mac Mathúna, bhunaigh sé an t-eagras Cumann na Gaedhealtacha chun ceart a bhaint amach do mhuintir na Gaeltachta agus dá dteanga’ (Ainm.ie).

Eisean ba thúisce a mhol agus a d’fhéach chuige go lonnófaí cuid de theaghlaigh na Gaeltachta i gContae na Mí.  Bhí sé ar dhuine den toscaireacht a bhuail le hÉamonn de Valera ar an 11 Samhain 1932 nuair a thug seisean geallúint go dtabharfaí talamh a bhí ag Coimisiún na Talún do mhuintir na Gaeltachta agus lean sé air ag agóid go dtí go raibh scéim Ráth Chairn curtha i gcrích.

Blianta ina dhiaidh sin (i 1966) bhí Mac Aonghusa ina bhall de Misneach (grúpa radacach feachtasaíochta ar son cearta teanga).

Bhí sé gníomhach freisin i bpéire feachtas eile: aitheantas mar Ghaeltacht a bheith ag Ráth Chairn agus Aifreann Gaeilge a bheith ar fáil san áit – dhá fheachtas ar éirigh leo.

Bhí sé pósta le Mairéad de Lappe agus rugadh ceathrar clainne dóibh.  Duine den cheathrar sin ba ea Proinsias Mac Aonghusa (1933-2003), an t-iriseoir agus craoltóir mór le rá, a bhí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge.   

Tá an léirmheas a scríobh Críostóir Mac Aonghusa ar leabhar Uí hUid an-spéisiúil ar go leor bealaí.  Is léir nár thaitin an gormach Gaelach Peadar Ó Baoghill leis agus nach bhfaca sé aon cheangal idir a thóraíocht siúd i ndiaidh a dhúchais agus ceist na féiniúlachta i gcomhthéacs na hÉireann.  B’ait le Mac Aonghusa nár scríobh an t-údar – ‘fear óg den Aos Bhuí’ – “faoina mhuintir féin, ná faoin saol is eol dó a scríobh sé ach faoi Bhleaiceannaí Mheiriocá”. 

Is cosúil gur gile leis an fear dubh ná an fear buí,” arsa an léirmheastóir.

Cuireann na tagairtí ciníocha a dhéanann Mac Aonghusa don mhuintir ghorm ar ár súile dúinn cé chomh cúngaigeanta agus a bhí cuid de na daoine a bhain le haos eagna na Gaeilge an tráth sin agus cuireann meon na ndaoine seo i gcuimhne dúinn freisin gur thug Ó hUid rud éigin úr difriúil do scríbhneoireacht Gaeilge na haimsire.

Ag cur síos ar Harlem dó agus ag scríobh mar dhuine a bhí eolach ar an áit, dúirt Mac Aonghusa:

“Chífidh tú an fear dubh ceart agus an bhean dubh cheart agus chífidh tú freisin an cineál measctha.  Is cineál gránna é.  Ní deas an feic é mar chíonn tú na spotaí geala ag briseadh amach trí na chraiceann leath-dhubh.  Duine luathintinniúil é chleachtas cluichí cinniúna as éadan agus níl aon mhuinín le cur as.  Thairneódh rásúr chugat le casadh do láimhe.  Duine measctha ab ea Peadar freisin.  Ach ní mar ‘mheascach’ a líníodh é ach mar scoláire mín mánla agus mar naomh a baineadh as a chleachtadh.”

I litir chuig Feasta ag freagairt don léirmheas shéan Ó hUid ‘barúlacha [Mhic Aonghusa] fá na hOráistigh agus fá Chiardhuáin na Stát Aontaithe.’  Bhí sé mícheart ar fad nuair a dúirt sé nach bhfuil bród ag Protastúnaigh Chúige Uladh as a sinsir.  ‘Tá bród uafásach áibhéileach acu as a sinsir agus sin é an fhadhb,’ scríobh Ó hUid.  Ar an gcuma chéanna ní raibh ‘craiceann’ na fírinne ag Criostóir i dtaobh na meascach.  Ba iadsan an ‘dream is oilte, is uaisle agus is éirimiúla de Chiardhuáin Mherica,’ dar le Tarlach.

D’easaontaigh go leor daoine eile le tuairimí diúltacha Mhic Aonghusa faoin leabhar, rud a thaispeánann nach monailit tuairimíochta a bhí i lucht léite na Gaeilge ag an am.  I litreacha chuig Feasta dúirt Séamus Ó Braonáin ‘gur thaitin an scéal go mór’ leis agus thaitin sé ‘thar barr’ le Diarmuid Ó hAlmhain.  Cheap Ó hAlmhain gurb é ‘an trua é gan leabhair chomh taitneamhach leis do bheith le fáil againn níos minicí.’  Ina léirmheas air in Inniu dúirt Séamus Ó Néill: “is ‘scéal inléite inspéise’ é (mar a deirtear ar an chlúdach), agus níos mó ná sin scéal neamhghnách é a léiríonn go bhfuil buaidh na samhlaíochta ag an údar.”

Is trua nach raibh bua na báúlachta ag Críostóir Mac Aonghusa agus é ag trácht ar dhaoine gorma ach is meabhrú dúinn gur féidir le Gael a bheith chomh ciníoch le duine ar bith eile agus go gcaithfimid bheith san airdeall gan aon spás a thabhairt do ghalar gangaideach an ciníochais sa tír seo nó in aon áit eile.

Fág freagra ar 'Meabhrú dúinn gur féidir leis an nGaeilgeoir a bheith chomh ciníoch le duine ar bith eile…'

  • Gabriel Rosenstock

    B’fhiú go mór tuilleadh scéalta den sórt seo a thaighde agus a fhoilsiú. Níor caitheadh go maith le Tarlach Ó hUid i ndeireadh a shaoil, dála an scéil, is é sin nuair a cuireadh deireadh leis an bpáipéar INNIU. Is léir ón gcuntas atá air ag Ainm.ie gur fiú eolas a chur ina thaobh agus nach ceart é a ligean i ndearmad.
    https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1717

  • Eoin Ó Murchú

    Bhí an Críostoir céanna báúil le Spáinn Franco, más buan mo chuimhne. Ní bhaineann sé sin uaidh an méad dhein sé ar son na Gaeltachta, ach gan dabbht is taobh gránna é de fhear a rinne maitheas in áiteanna eile.