Masla i gceann na héagóra do dhaoine neamhurchóideacha a gortaíodh le linn na dTrioblóidí

Is maith gur ghabh Martina Anderson leithscéal as íobartaigh a mhaslú ach is údar imní é an meon a nocht sí d’éinne atá ag brath ar Stormont le leas na n-íobartach a dhéanamh

Masla i gceann na héagóra do dhaoine neamhurchóideacha a gortaíodh le linn na dTrioblóidí

Amárach, an lá deiridh den mhí, beidh deireadh le téarma Judith Thompson mar Choimisinéir na nÍobartach i dTuaisceart Éireann. Níl aon chinnteacht faoi cathain a cheapfar comharba uirthi.

D’achainigh sí ar an bhFeidhmeannas in Stormont coimisinéir nua a cheapadh go haibéil agus a chinntiú nach mbeidh íobartaigh thíos le babhta eile den choraíocht pholaitiúil a chuir moill le blianta ar scéim chúitimh nó pinsin.

Dúirt Judith Thompson go raibh géarghá le duine agus aonad neamhspleách a labhródh thar ceann na ngrúpaí éagsúla d’íobartaigh agus marthanóirí a mbíonn a n-éilimh ag teacht salach ar a chéile go minic; teastaíonn oifig chun cearta gach duine acu a tharraingt le chéile agus a chosaint dar léi.

Dúirt sí gur gearr go rithfear reacht in Westminster nach bhfuil ag teacht leis na tuairimí a bailíodh abhus le linn comhairliúcháin. De réir na reachtaíochta nua, ní bhfaighidh iarrthóir ach aon éisteacht amháin – ceilfear deis achomhairc fiú má thagann fianaise nua chun solais níos deireanaí. Mhaígh Judith Thompson go mbeadh Coimisinéir a mbeadh seasamh láidir aige/aici riachtanach chun déileáil leis sin. Níor léir go raibh muinín aici go ngabhfadh an Feidhmeannas i ngleic le Westminster faoin gceist.

In Stormont féin tá an laincis a chuir Michelle O’Neill ar ghnó an phinsin scaoilte. Ghéill an leasChéad-Aire agus leasUachtarán Shinn Féin do rialú na hArd-Chúirte a d’eisigh an Breitheamh McAlinden deich la ó shin agus d’ainmnigh sí an Roinn Cirt, faoi cheannas Naomi Long, chun maoirseacht a dhéanamh ar an scéim phinsin d’íobartaigh. Cé nach raibh bean Shinn Féin sásta leis an scéim, dúirt sí nach raibh an dara rogha aici i bhfianaise chinneadh na hArd-Chúirte ach deireadh a chur lena bac air.

Ná ceapadh éinne gur ribín réidh é do na híobartaigh anois, áfach.

Dúirt an tAire Cirt go bhféadfadh go dtógfadh sé bliain go leith eile sula mbeadh íocaíocht le fáil ag duine ar bith. Ina theannta sin d’áirigh sí go bhféadfadh costas na scéime a bheith chomh hard le £800 milliún, suim nach mbeadh Stormont in acmhainn a sheasamh. £100 milliún a bhí luaite ag Westminster agus bhí an Státrúnaí meáite de go bhfuair Stormont an maoiniú sin cheana féin.

Ní rud nua é argóint a bheith ann faoi mhaoiniú agus bheifí ag súil go mbeadh cur agus cúiteamh faoi ach go ndéanfaí comhréiteach sa deireadh. Údar imní an mhoill atá á tuar agus an éiginnteacht faoi mhaoiniú, ach is fadhbanna iad ba cheart a bheith inréitithe go furasta má tá an toil pholaitiúil ann chuige.

Ach bhí gné amháin den scéal a bhain le toil nó neamhthoil pholaitiúil a bhí samhnasach. Masla i gceann na héagóra do dhaoine neamhurchóideacha a gortaíodh le linn na dTrioblóidí ab ea an racht a chuir an Teachta Tionóil de chuid Shinn Féin, Martina Anderson, di ar Twitter.

Martina Anderson

Ionadaí sinsearach de chuid Shinn Féin í Anderson, iarfheisire Eorpach, iarphríosúnach de chuid an IRA Shealadaigh. Ta stádas aici sa pháirtí. Nuair a chuir an Breatimeacht deireadh lena ré mar fheisire Eorpach comhthoghadh í mar Theachta Tionóil don Fheabhail in ionad Raymond McCartney a d’éirigh as.

Baineadh an phostáil chonspóideach de Twitter tar éis cúig uair an chloig, ar ordú ó Michelle O’Neill. Faoin am sin bhí sé feicthe ag na sluaite de na híobartaigh ar ghoill sé go mór orthu. Bhí sé ina raic agus roinnt aontachtaithe agus daoine eile ag éileamh go mbrisfí Anderson as an Tionól.

Lá arna mhárach ghabh sí leithscéal ag rá go raibh a foclaíocht ciotach. Ní raibh sé i gceist aici ‘daoine a d’fhulaing dochar mór le linn na coinbhleachta anseo a ghortú ná a mhaslú’, a dúirt sí. Dúirt Mary Lou McDonald, Uachtarán Shinn Féin, gur labhair sí leis an Teachta Anderson agus go raibh an leithscéal riachtanach.

Ba é an leithscéal an rud ba lú a d’fhéadfadh Anderson a dhéanamh. Tá gach ceart aici féin agus a páirtí a bheith ag feachtasaíocht ar mhaithe le hathruithe ar an scéim má chreideann siad go bhfuil cúis acu. D’aontódh go leor íobartach ar neamhthrodaithe iad le Sinn Fein nár cheart go bhfaigheadh saighdiúirí a bhí freagrach as uafáis ar nós Dhomhnach na Fola cúiteamh.

Ach ní thugann sé sin an ceart d’Anderson daoine a mhaslú agus iarracht a dhéanamh iad a náiriú. Táimid ag caint anseo ar dhaoine a mhaireann i bpian go seasta, daoine a chaill radharc na súl, daoine a chaill a gcosa, nó cosa agus lámha. Daoine ar nós Jennifer McNern a raibh mé ag scríobh fúithi Dé Céadaoin seo caite, bean óg a bhí ag ól caife lena deirfiúr sa chathair nuair a d’ionsaigh Sealadaigh an IRA sibhialtaigh i 1972. Sin 48 bliain d’anró agus pian. Scéal thairis é ach ba Chaitlicigh iad an bheirt bhan óg a maraíodh sa phléasc uafásach sin san Abercorn agus ba Chaitlicigh iad na deirfiúracha McNern. B’in é an pobal ar mhaígh na Sealadaigh go raibh siad ag troid chun iad a chosaint.

Is suarach an mhaise do pholaiteoir ar bith a bheith ag cur i gcéill go raibh locht ar dhaoine a gortaíodh cé nach raibh baint ná páirt acu le foréigean.

Is maith gur ghabh an Teachta Anderson leithscéal ach is údar imní é an meon a nocht sí d’éinne atá ag brath ar Stormont chun a chinntiú go bhfaighidh íobartaigh cúiteamh agus cóir leighis go luath.

Fág freagra ar 'Masla i gceann na héagóra do dhaoine neamhurchóideacha a gortaíodh le linn na dTrioblóidí'

  • MacAnRí

    Fimíneacht i dtólamh ó Shinn Féin ..ba cheart do Mary Lou bata agus bóthar a thabhairt do Martina Anderson ach níl sí ábalta mar tá an cumhacht leis an seandream.