Ní Chanainn agus de Faoite os cionn a mbuille lena n-asal beag dubh

Chuir Diarmuid de Faoite agus Nuala Ní Chanainn 'M'asal Beag Dubh' i láthair go ceolmhar taibhsiúil in amharclann an DLR Lexicon

Ní Chanainn agus de Faoite os cionn a mbuille lena n-asal beag dubh

Deirtear gur dána an mhaise é d’aisteoir obair le páistí ná ainmhithe. Is fíor nach raibh asal beag dubh Uí Chonaire ar an stáitse le Diarmuid de Faoite agus Nuala Ní Chanainn in amharclann an DLR Lexicon an tseachtain seo caite, ach bhí na páistí ann go flúirseach, ó shé mhí d’aois go dtí na déaga luatha.

Is beag nár chreid mé go raibh an t-asal ann freisin agus Diarmuid agus Nuala ag cur scéal Uí Chonaire i láthair go ceolmhar taibhsiúil. Aisteoir thar a bheith fisiciúil é Diarmuid de Faoite, agus chuir sé an t-asal, an ceannaitheoir agus an ceannaí i láthair trí ghothaí iontacha a chur air féin agus corrphrapa. I mbun na tobchumadóireachta a bhí sé agus é ag baint leas as moltaí ó na páistí.

Rinne sé go paiteanta é, agus d’éirigh leis gach rud a thabhairt leis: ó gháirsiúlacht buachaillí óga go cuanna. Bhí go leor amhrán agus ceol fite fuaite leis an léiriú, a thosaigh le leagan drámatúil de Beidh Aonach Amárach agus Nuala mar mháthair a bhí an-dian ar Dhiarmuid. Scaoil sí chun an aonaigh sa deireadh é chun an tAsal Beag Dubh a cheannach, rud a chosain punt air – agus sé pingine (seacláide) do gach gasúr san lucht féachana! Bhí Diarmuid ag streachailt ag iarraidh a asal a chur ag gluaiseacht go dtí gur aimsigh sé an rún, faitíos an asail roimh an ngaoth sna géaga. Chuir siad clabhsúr breá ar an scéal  le leagan drámata den amhrán An Trucailín Donn.

Ós rud é go bhfuil muid i mbéal na Nollag, tar éis sos beag (a thug deis do na gasúir rith thart agus roinnt fuinnimh a ídiú) chuir Nuala agus Diarmuid muid ag canadh carúl Nollag; agus fuair go leor de na leanaí deis amhrán dá gcuid féin a rá.

Ba chuid í an ócáid seo de shraith imeachtaí a chuirtear ar fáil sa leabharlann uair sa mhí faoi choimirce na leabharlainne agus Glór na nGael. Bhí tacaíocht ag an ócáid seo ó Chlár na Leabhar Gaeilge agus ó IMRAM.

Fág freagra ar 'Ní Chanainn agus de Faoite os cionn a mbuille lena n-asal beag dubh'

  • diarmuid de faoite

    Go raibh céad míle maith agat a Aonghuis, bhaineamar ana shásamh as an tráthnóna scéalaíochta agus amhráin a chaitheamar sa Lexicon le gasúir óga agus aosta Átha Cliath!