‘Más síocháin atá uait, ullmhaigh don chogadh’

Agus an t-ord domhanda mar ab eol dúinn é iompaithe bunoscionn ag Trump agus Putin, thug ráiteas Laidine ar leac chuimhneacháin lón machnaimh dár gcolúnaí

‘Más síocháin atá uait, ullmhaigh don chogadh’

Se vis pacem, para bellum atá scríofa ar leac chuimhneacháin ar bharr seanurdhúin, ciliméadar ó dheas ón teach ina bhfuil cónaí orm. ‘Más síocháin atá uait, ullmhaigh don chogadh.’

Faoi dheifir a tógadh an t-urdhún sin, sa bhliain 1800. An bhliain roimhe sin, bliain glan i ndiaidh ‘Bliain na bhFrancach’ in Éirinn, rinne an Bhreatain agus an Rúis comhionradh ar an bhFrainc, san Ísiltír, a bhí ina cuid d’impireacht Napoléon ag an am.

Ach oiread leis na Francaigh i Maigh Eo an bhliain roimhe, d’éirigh le hionradh na Sasanach agus na Rúiseach ar dtús. Ach ansin cuireadh stop leo sna dumhcha gainimh in aice le mo bhaile dúchais, Heemskerk. ‘Dumhach na Rúiseach’ a thugtar go dtí an lá atá inniu ann ar stráice, cúpla ciliméadar ó thuaidh, inar cuireadh na céadta saighdiúirí Rúiseacha a maraíodh.

Lunette a thugtar ar an seanurdhún sin gar do mo theach a tógadh faoi dheifir sa bhliain 1800, dún beag gainimh i gcruth leathghealaí agus móta timpeall air, ceann de na scórtha lunettes a tógadh chun stop a chur le haon iarrachtaí eile de chuid na Sasanach agus na Rúiseach teacht aniar aduaidh ar an bhFrainc san Ísiltír.

Níor úsáideadh riamh iad, agus níl fágtha inniu ach seacht gcinn. Ar éigean a thabharfá suntas dóibh sa tírdhreach agus is ar éigean a shamhlófá go mbeadh éifeacht acu i gcoinne lucht ionraidh, fiú amháin sa 19ú hAois.

Ach lón machnaimh atá sa ráiteas Laidine úd: Se vis pacem, para bellum.

Baineadh creathadh as an Eoraip an tseachtain seo caite nuair a ghlaoigh Trump ar Putin; glaoch gutháin uair an chloig go leith a chuir deireadh leis an ord domhanda mar ab eol dúinn é ó 1945 i leith.

Agus an t-alt seo á scríobh, tá an Rúis agus na Stáit Aontaithe i mbun cainte faoin gcogadh san Úcráin san Araib Shádach – gan an Úcráin féin, ná an Eoraip, i láthair.

Níos túisce an tseachtain seo, chas ceannairí Eorpacha agus NATO le chéile faoi dheifir i bPáras; phléigh siad an ghéarchéim ach ní dhearna beart praiticiúil.

An rud is léir dúinn san Eoraip anois – níor chóir go gcuirfeadh sé iontas orainn dáiríre dá dtabharfaimis aird ar a mbíodh á rá ag an Trumpach le fada an lá – ná nach féidir linn brath ar Mheiriceá a thuilleadh chun muid a chosaint.

Ach ní hamháin sin.

Dealraíonn sé – mothaíonn sé aisteach na focail seo a scríobh – gur namhaid de chineál atá sna Stáit Aontaithe anois.

Bímis soiléir faoi seo: agus cogaí trádála ar siúl ag an Trumpach leis an gcuid eile den domhan, oireann sé dó má bhíonn brú ar an Eoraip ón taobh thoir. A luaithe agus a bheidh sos cogaidh san Úcráin, beidh saoirse ag Putin chun brú a chur (agus cá bhfios ionradh a dhéanamh dáiríre) ar thíortha ar cuid den Aontas Eorpach iad ach a bhíodh ina gcuid d’impireacht na Rúise fadó: an Fhionlainn, na Tíortha Baltacha, fiú an Pholainn féin.

Déarfaidh mé arís é: oireann an bhagairt anoir sin don Trumpach mar mhír mhargántaíochta sa chogadh trádála leis an Eoraip. ‘Glacaigí le táillí arda agus ná cuirigí táillí arda de bhur gcuid féin i bhfeidhm, nó fágfaidh mé san fhaopach ar fad sibh.’

Ach céard eile a phléigh Trump agus Putin sa ghlaoch gutháin sin? Tabhair teoiric chomhcheilge air seo, ach dá mba rud é gur atarraing siad teorainneacha na hEorpa eatarthu féin mar a rinne Molotov agus Von Ribbentrop tráth?

‘Bíodh an Ghraonlainn agatsa, Donald, ach tógfaidh mise an Úcráin agus na Tíortha Baltacha. Agus an Mholdáiv. Ó is ea, agus …’

Cúpla lá ó shin i gcathair München, dúirt Volodymyr Zelenskyy, uachtarán na hÚcráine, go bhfuil géarghá le harm aontaithe Eorpach.

Tá an ceart ar fad aige.

Nuair nach féidir brath ar Mheiriceá a thuilleadh, nuair atá NATO briste, agus nuair atá deachtóir contúirteach ag scéiméireacht leis ar an teorainn thoir, céard eile is féidir a dhéanamh?

Se vis pacem, para bellum: tá sé furasta an bhrí mhícheart a bhaint as an ráiteas sin agus gríosóireacht chogaidh a chur ina leith siúd a tháinig aníos leis an ngaois sin an chéad lá riamh.

Is éard atá i gceist, gan dabht, ná gur gá a chinntiú go bhfuil tú in ann tú féin a chosaint, go bhfuil tú ullmhaithe don chogadh i gcónaí – ionas nach dtarlóidh cogadh ar chor ar bith.

Fág freagra ar '‘Más síocháin atá uait, ullmhaigh don chogadh’'