Más seafóid a bhíodh ag tráchtaire, gach seans gur seafóid atá i gcónaí aige

Is soiléir i gcás tráchtairí áirithe a n-aineolas iomlán faoin Úcráin agus a dhaille is atá siad ar an aineolas sin

Más seafóid a bhíodh ag tráchtaire, gach seans gur seafóid atá i gcónaí aige

Iarrann daoine stuama éirimiúla orm uaireanta mo thuairim a léiriú faoi shuíomhanna agus tráchtairí ‘neamhspleácha’ faoin Úcráin – leithéidí Consortium News, Caitlin Johnstone agus Moon of Alabama.

Feicim na patrúin chéanna iontu ar fad ó thaobh na hÚcráine de. Ar dtús báire is soiléir an t-aineolas iomlán faoin Úcráin agus an easpa féintuisceana faoi leibhéal an aineolais sin.

Tógaimis Moon of Alabama, mar shampla. Ar an 19 Márta bhreathnaigh an saoi tíreolaíoch seo ar léarscáil na hÚcráine agus mhaígh sé gurbh é an sprioc ab fhearr don Rúis ná stát nua neamhspleách Rúiseach a chruthú ar thailte iomlána na hÚcráine ar an taobh thoir d’abhainn an Dnieper agus feadh cósta dheisceart na hÚcráine ar fad mar go bhfuil tromlach an daonra sa cheantar sin ar fad ina Rúisigh eitneacha.

Ní thógfadh sé ach nóiméad nó dhó taighde lena fháil amach nach raibh tromlach eitneach Rúiseach áit ar bith san Úcráin lasmuigh den Chrimé, de réir na dtorthaí daonáirimh. Má tá fíric atá chomh bunúsach, chomh tábhachtach agus chomh héasca le seiceáil mícheart ag tráchtaire, cad is fiú aon aird a thabhairt ar aon rud a deir siad?

Ar an 19 Meán Fómhair tugadh ‘ceacht staire’ dúinn faoin Úcráin a bhí chomh breac le heolas míchruinn agus le botúin go bhfuilim cuibheasach muiníneach nach bhfuil oiread is leabhar amháin faoi stair na hÚcráine léite ag an té a scríobh ach gur ag athchúrsáil ábhar a d’aimsigh sé ar shuíomhanna ‘neamhspleácha’ eile a bhí sé.

Dúradh linn mar shampla: ‘Before 1991 the Ukraine had never existed as a state or independent entity.’ Bhain an Úcráin neamhspleáchas amach den chéad uair i 1917 cé cur chaill sí arís ar ball é. Dúradh linn nuair a bhain an Úcráin neamhspleáchas amach i 1991 gurbh Rúisigh eitneacha ‘nearly half of the population’ sa stát nua. Sa daonáireamh deireanach roimh an neamhspleáchas i 1989, ba Rúisigh eitneacha 22.1% den daonra agus de réir an chéad daonáireamh san Úcráin neamhspleách in 2001 ba 17.3% an figiúr.

Ar an 30 Meán Fómhair, dúirt an saoi teangeolaíochta linn go labhraíonn 50% d’Úcránaigh an Rúisis mar a dteanga laethúil agus gur canúint de chuid na Rúisise í an Úcráinis mar go dtuigeann 100% d’Úcránaigh an teanga. De réir an eolais is déanaí ó dhaonáireamh 2001 ba í an Úcráinis an chéad teanga ag 67.5% den daonra agus an Rúisis an chéad teanga ag 29.6% den daonra. Tuigeann gach Úcránach an Rúisis ar mhórán de na fáthanna céanna go dtuigeann gach Gaeilgeoir Béarla. Ach ní thuigeann Rúiseach ar bith ón Rúis an Úcráinis murar fhoghlaim siad í, ar an gcúis gur teanga í atá chomh difriúil ón Rúisis is atá teanga Slavach ar bith eile ar nós na Polainnise. Ach nuair a bhíonn Moon of Alabama ag iarraidh a rá linn go bhfuil an Rúisis á cur faoi chois san Úcráin, ansin go tobann is teangacha difriúla iad an Úcráinis agus an Rúisis.

Ní nach ionadh, ní bunús rómhaith é aineolas dá leithéid faoin Úcráin chun tuiscint a bheith agat ar a bhfuil ag tarlú sa tír sin. Tréith eile a bhaineann le leithéidí Moon of Alabama ná a thubaistí is atá siad i mbun anailíse agus tairngreachtaí. Ní hamhlaidh go mbíonn na tairngreachtaí a dhéantar in Moon of Alabama mícheart anois agus arís. Bhí siad mícheart ar nach mór gach uile cheist mhór a bhain leis an gcogadh go dtí seo.

Ar nós gach uile cheann de na suíomhanna agus na tráchtairí seo bhí Moon of Alabama ag caint go lánmhuiníneach faoi ‘Russian Invasion Scam’ sna seachtainí roimh thús an ionraidh: ‘Why has the Biden administration created an artificial ‘crisis’ about a Russian invasion of Ukraine when such an invasion is neither planned nor likely to happen?’

Dúradh linn gur bréag a bhí sa rud ar fad a chum rialtas Mheiriceá mar go raibh plean ag an Úcráin an Donbas a ionsaí. An lá roimh an ionradh, dúradh linn: ‘All the anonymous intelligence-lacking officials who make such claims are simply lying.’

Agus ar nós chuile cheann de na tráchtairí seo, ní dhearnadh aon athmhachnamh faoin tuiscint a bhí acu i ndáiríre i bhfianaise a mbotún ollmhór.

Ar an 22 Márta 2022 dúradh linn nach fada go scriosfadh fórsaí na Rúise ‘what is left of the Ukrainian forces’. Ar an 29 Márta dúradh linn go raibh ‘dímhíleatú’ na hÚcráine beagnach bainte amach agus go gcríochnódh airtléire na Rúise an tasc laistigh de chúpla seachtain.

Ar an 27 Aibreán 2022 dúradh linn go raibh ‘hunch’ ag an údar nach seachadfadh an Ghearmáin an córas frith-aerárthaigh Gepard go dtí an Úcráin go deo. Thosaigh an Ghearmáin ag seachadadh na gcóras sin chun na hÚcráine i mí Iúil 2022.

Ar an 28 Meitheamh 2022 dúradh linn nach bhfaigheadh an Úcráin ar ais aon chuid de na tailte a bhí tógtha ag an Rúis: ‘It isn’t in the position to do so militarily nor through negotiations. It will simply have to accept defeat and give up on the east and south…’

Meán Fómhair 2022 ghabh an Úcráin ar ais 12,000 ciliméadar cearnach san oirthuaisceart i gceantar Kharkiv. I mí na Samhna 2022 ghabh an Úcráin ar ais cathair Kherson.

Ach níor chaill fear an mhisnigh riamh é agus nuair a thosaigh an frith-ionsaí Úcránach chun cathair Kherson a athghabháil dúradh nach raibh ciall ar bith leis agus nach raibh ach an teip i ndán dó.

Dúirt an saoi míleata linn: ‘In my view the offensive was launched at the wrong time and with too few troops along too many axes.’ Agus dúirt an saoi polaitiúil linn: ‘I am sure that the Ukrainian military knew that this offensive would fail. For political reasons Zelenski ordered them to launch it anyway.’ (liomsa an cló Iodálach)

Faigheann tú na tairngreachtaí áiféiseacha seo ó na tráchtairí ‘neamhspleácha’ frith-Úcránacha ar fad. Údar grinn is ea cuid acu ar nós an chinn seo ó Caitlin Johnstone dhá lá roimh thús an ionraidh: ‘I want you to promise me you’ll completely revise your worldview and drastically change your media consumption habits when March gets here and the invasion still hasn’t happened.’

Dar ndóigh níor ghlac sí lena comhairle féin. Faoin 7 Márta bhí sí ag rá: ‘You seem to be under the impression that Ukraine has any chance of stopping Putin from taking Kyiv. You can only believe that if you’re living in a self-reinforcing echo chamber.’ Agus mar sin de agus mar sin de….

Dhá nod: 1. Má bhíonn tráchtairí ag maíomh go rialta go bhfuil a fhios acu go cinnte cad a tharlóidh sa todhchaí, go háirithe i gcás cogaidh, tá seans maith nach fiú cac an diabhail a gcuid tráchtaireachta. Dá mhéid saineolais agus tuisceana a bhíonn ag tráchtairí is ea is cúramaí a bhíonn siad i mbun tairngreachtaí de ghnáth.

  1. Bealach níos fearr fós chun fiúntas tráchtaire nó suíomh anailíse a mheas ná breathnú siar ar an méid a dúirt siad san am atá thart, rud atá éasca a dhéanamh ar an idirlíon. Má tá cuma sheafóideach anois ar an méid a dúirt siad cúpla seachtain nó cúpla mí ó shin, is é is dóichí gur seafóid an méid atá á rá acu anois freisin.

Is féidir liom smaoineamh ar a lán foinsí a mbraithfinn orthu faoin Úcráin seachas leithéidí Moon of Alabama, Caitlin Johnstone agus Consortium News: scoláirí ar oirthear na hEorpa, saineolaithe míleata, iriseoirí gan saineolas ach a leanann cleachtais bhunúsacha iriseoireachta, aon duine den 70,000 teifeach ón Úcráin atá sa tír seo faoi láthair.

Nó d’fhéadfaí freagraí ailtéarnacha ar cheisteanna faoin Úcráin a scríobh ar phíosaí páipéir, iad a ghreamú den bhalla agus iarraidh ar mhoncaí dairteanna a chaitheamh leo chun roghnú eatarthu.

Ar a laghad bheadh an ceart ag an moncaí cuid den am.

Fág freagra ar 'Más seafóid a bhíodh ag tráchtaire, gach seans gur seafóid atá i gcónaí aige'

  • Gabriel Rosenstock

    Níl scoláirí ná iriseoirí chun deireadh a chur leis an gcogadh seo! Cheapfá faoi thráchtairí áirithe go mbeadh díomá orthu dá dtiocfadh deireadh leis an gcogadh seo – nó le gach cogadh – mar bheadh orthu ábhar salach eile a phlé ansin, feirmeoireacht muc, abair, nó striapachas sa Téalainn.
    Cad atá laistiar den chogadh fíorghránna seo agus laistiar de gach cogadh? Mholfainnse do dhaoine an scannán Lord of War a fheiceáil. (Tá sé ar Netflix). Nioclás i gCás (Nicholas Cage) atá i bpáirt an Úcránaigh ann, mangaire arm. Cad iad na tíortha is mó a dhíolann airm, dála an scéil? Na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an Rúis, an tSín agus an Fhrainc, baill na Comhairle Slándála de chuid na Náisiún Aontaithe! I dtéarmaí airgid de, cad is fiú an trádáil arm in aghaidh na bliana? An bhfuil tuairim ag éinne? Ní gá domsa fiafraí de Caitlín Johnstone cad a chaitear ar airm. Tá na figiúirí ag an Stockholm International Peace Research Institute. Sa bhliain 2020, b’fhiú $112 billiún é.
    Fad is atá airgead den sórt sin le saothrú ar thrádáil arm, an dtiocfaidh deireadh leis an gcogaíocht go deo? An mbeidh orainn cur suas le tráchtaireacht ar an gcogadh san Úcráin, sa tSúdáin nó sa tSeafóideastáin go Lá Philib an Chleite?
    Má tá síocháin ag teastáil ó Fhachtna, bíodh sé glórach ar son na neodrachta. Bíodh sé glórach ar son na dí-armála. Ní féidir buansíocháin a bhaint amach leis an lámh láidir. Tuigeann an domhan mór go mba bhotúin uafásacha iad, bunaithe ar bhréag, an cogadh san Iaráic agus san Afganastáin. Ná seasaimis le bréagadóirí ná le búistéirí – is cuma cé hiad.
    Úcránach ab ea athair Noam Chomsky. Ag caint ar an gcogadh san Úcráin, deir Chomsky (New Statesman, 29 Aib. 2023) gur ar Mheiriceá agus ar Shasana atá an locht: dhiúltaigh siad do chomhchainteanna síochána. Ach is dócha go gceapann Fachtna nach foinse iontaofa é Chomsky ach oiread.

  • Éamonn Mac Niallais

    An-mhaith.

  • Diarmuid de Faoite

    Tá fhios ag madraí an bhaile nach suíomhanna iontaofa na cinn a roghnaíodh san ‘exposé’ seo le ‘troid’ ina gcoinne. Trua nach ngabhfadh sé sa bhfáinne le hirisí ná le hiriseoirí ní b’fhearr chun na mórcheisteanna a bhaineann le cogaíocht, leis an Úcráin agus leis an ngeopholaitíocht a phlé, an díospóireacht riachtanach nár ceadaíodh go dtí seo.

  • diarmuid de faoite

    P.s. luaitear consortium news ach ní thugtar aon sampla uaidh. Más é an cruinneas an slat tomhais an argóint, bí cruinn. Agus ní ag tacú le consortium news atáim.

  • Antóin

    An ceart ar fad ag Gabriel anseo, is dóigh liom.

    Na billiúin caite ar airm, na billiúin seolta chuig an Úcráin – agus an eol d’éinne cé a fuair na billiúin sin? – agus ansin na costais atógála; na trilliúin déarfainn. Agus cé atá réidh le lámh chuidithe a thabhairt ach BlackRock ar ndóigh – nuair a sheasann Putin i leataobh!

    https://off-guardian.org/2023/01/24/a-hard-edged-rock-waging-economic-warfare-on-humanity/

    https://off-guardian.org/2023/03/02/western-oligarchy/

    Nach bhfuil sé suimiúil freisin go bhfuil AE ag ceannach ola ón Rúis arís d’ainneon na smachtbhannaí. Ceannaíonn an India ola ón Rúis agus díolann an India an fuílleach. Déanann Maracó an rud céanna. Iontas na nIontas! Ní bheadh lá iontais orm dá mbeadh an Úcráin féin ag ceannach ola ón Rúis.

    Ní mar a shíltear a bhítear agus ní mar a deirtear a bhítear ach an oiread i gcúrsaí cogaíochta.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    1. Céad abairt an ailt thuas: Iarrann daoine stuama éirimiúla orm uaireanta mo thuairim a léiriú faoi shuíomhanna agus tráchtairí ‘neamhspleácha’ faoin Úcráin – leithéidí Consortium News, Caitlin Johnstone agus Moon of Alabama.’

    2. Diarmuid de FaoiteDé Máirt, Bealtaine 2 2023 ag 5:05 pm
    Tá fhios ag madraí an bhaile nach suíomhanna iontaofa na cinn a roghnaíodh san ‘exposé’ seo le ‘troid’ ina gcoinne’

    3. Gabriel RosenstockDéardaoin, Márta 23 2023 ag 10:18 am
    https://www.moonofalabama.org/2022/04/azovreplist.html
    Níl a fhios agam cad is na ‘foinsí údarásacha neamhspleácha’ seo a dtagraíonn Fachtna dóibh.
    Liosta, le do thoil! An mbeadh an blag Moon of Alabama ina measc?

    4. Gabriel RosenstockDé hAoine, Feabhra 24 2023 ag 3:09 pm
    https://caitlinjohnstone.com/2023/02/12/pentagon-wants-to-return-special-ops-propagandists-to-ukraine/
    Ní haon Robert Fisk í Caitlin Johnstone ach bíonn scéalta aici go rialta nach bhfaighimid
    ar TG4, Tuairisc, Raidió na Gaeltachta etc. Agus is file í chomh maith, bail uirthi!

    5. Ba chumarsáid phríobháideach a bhí i gceist le Consortium News. Ainm an duine bainte amach: [20:48, 09/03/2023] Interesting read here on Ukraine. Don’t know enough about the situation to evaluate it but it seems to have, on the face of it, some useful evaluations.
    [20:48, 09/03/2023] : https://consortiumnews.com/2023/03/08/as-bakhmut-falls-us-may-turn-from-ukraine-starting-with-pipeline-story/

  • Bran an madra

    Tá breis agus 240,000 de mhadraí an bhaile ag leanúint Caitlín Johnstone ar Twitter. Bhuf bhuf.