Más réiteach atá uainn ní chabhraíonn sé ciníochas a chur i leith lucht gearáin

Ní dhearna an rialtas aon phleanáil faoi cén chaoi a ndéanfaimis freastal ar theifigh

Más réiteach atá uainn ní chabhraíonn sé ciníochas a chur i leith lucht gearáin

Agus mé ag éisteacht leis na scéalta faoi thearmainn teifeach agus na hagóidí a bhaineann leo chomh rialta sin, cuireadh an seanscéal faoi thurasóir i gCiarraí i gcuimhne dom. D’fhiafraigh sé fios an bhealaigh ó leaid áitiúil, agus an freagra a fuair sé ná: “Dá mbeinn ag dul ansin ní ón áit seo a thosóinn.”

Ní fheicim cén leigheas atá i ndán don chonspóid faoi theifigh is lucht dídine agus ceapaim go bhfuil an scéal ag dul i ndonas toisc nach ndearna muid – nó an rialtas – an rud ceart ón tosach.

Ghlac an rialtas go caithréimeach leis nach gcuirfeadh muid aon teorainn ar an líon teifeach a ligfeadh muid isteach sa tír.  Thugamar bualadh bos mór dúinn féin as ár ndaonnacht.  Ach ní dhearna an rialtas aon phleanáil faoi cén chaoi a ndéanfadh muid freastal ar na teifigh chéanna.

Cén freastal sin?  Ar an gcéad dul síos go mbeadh áit ar fáil chun iad a lonnú ann go slán sábháilte.  Ar an dara dul síos, go mbeadh fáil acu ar dhochtúir is córais leighis, ar scoileanna is oideachas, ar oiliúint agus eolas faoin tír is a cultúr, agus – thar aon ní eile – fáil acu ar fhostaíocht nó rud éigin le déanamh.

Ar ndóigh ní hamháin nár chuireamar aon rud i bhfeidhm le freastal ar na dualgais seo, ach níor chuireamar na rudaí seo ar fái dár muintir féin ach an oiread.

Tá géarchéim tithíochta ann, mar a léiríonn na figiúirí faoi na hÉireannaigh nach bhfuil aon áit chónaithe acu in Éirinn. Tá géarchéim cúram leighis againn, go háirithe faoin tuath, mar ina lán ceantar ní féidir teacht ar dhochtúir teaghlaigh ar bith.

Tá fadhbanna oideachais ann, easpa córais iompair faoin tuath, easpa fostaíochta, brú ar spás, is eile.

Ach níl aon fhreastal á dhéanamh ag an rialtas ar na dualgais sin i leith ár saoránach féin.  Tuige an gceapfadh muid gur féidir freastal ceart a dhéanamh ar theifigh nuair nach féidir linn é a dhéanamh dár muintir féin?

Cinnte, tá líon as cuimse teifeach ann anois i gcomparáid lena raibh againn fiú roinnt bheag blianta ó shin.  70,000 nó mar sin ón Úcráin, agus áit cónaithe geallta ar dtús dóibh agus 13,000 teifeach eile ó thíortha eile.

Ach is léir nach bhfuil na háiseanna ar fáil againn le freastal a dhéanamh ar an líon sin daoine.

Is éard a bhí ag teastáil, ar ndóigh, ná plean dearfach le tabhairt faoi na fadhbanna tithíochta is eile a bhí ag goilliúint orainn féin ar mhaithe le réiteach a fháil a d’oirfeadh do theifigh is dúchasaigh araon.

É sin ráite, is léir gur seafóid cuid mhaith den fhaitíos a léiríonn daoine.  Níl eachtrannaigh níos tugtha don fhoréigean nó don easpa measa ar mhná ná Éireannaigh, agus níl na teifigh freagrach ach an oiread as na deacrachtaí a ghoilleann ar an bpobal dúchasach.

Ag an am céanna, fiú mura bhfuil bunús ceart leis an bhfaitíos a bhíonn ar dhaoine, tá faitíos ann.  Go deimhin, bíonn faitíos ar mhná, mo léan, siúl leo féin i bhfochair scata fear óg, bíodh siad Éireannach nó eachtrannach, agus cuirtear leis an bhfaitíos sin nuair is fir dhíomhaoine iad agus gan tada le déanamh acu.

Ach in ionad míniú a thabhairt faoin gcaoi nach gcuirfeadh na teifigh isteach go fírinneach ar dhaoine, in ionad na seirbhísí riachtanacha a chur ar fail, ní thugann an rialtas aon aird ar an ngnáthphobal.

Nuair a tharlaíonn achrann, ansin deir an rialtas gur chóir dul i gcomhairle le daoine.  Deir siad a leithéid gach uair, ach ní théann siad i gcomhairle le daoine go dtí go mbíonn achrann ann.

Agus, ar ndóigh, an rud is éasca ná duine den eite dheis i bhfad amach a thabhairt ar éinne a dhéanann gearán.

Go fírinneach is dream an-bheag, gan cumhacht ná tábhacht í an eite dheis i bhfad amach, ach má thugann tú ciníoch ar dhuine de ucht an ghearáin seans maith go nglacfaidh siad chucu an meanma sin.

Mar shampla, i Seantrabh i mBaile Átha Cliath dúirt an pobal nár bhain siad leis an eite dheis sin ach go raibh a gcuid cúiseanna míshástachta féin acu.

Ag deireadh thiar ceapaim gurb é an fáth nach dtéitear i gcomhairle le muintir na háite, an fáth go dtugtar lucht ciníochais orthu, an fáth go dtugtar le fios dóibh gur chóir dóibh bheith ciúin, ná nach bhfuil aon mheas ag maorlathas an stáit ar an ngnáthmhuintir.

Seans go bhfuil sé ródhéanach tabhairt faoin scéal seo i gceart, ach tá baol mór go dtiocfaidh fíorchiníochas ar an saol mura n-athraíonn an rialtas a mbéasa.

Fág freagra ar 'Más réiteach atá uainn ní chabhraíonn sé ciníochas a chur i leith lucht gearáin'