Má tá Gaeilge agat, níor cheart go mbeadh ach an t-aon rún amháin agat don bhliain nua – bheith níos Gaelaí.
Sea, ná bac leis an amaidí sin faoi éirí as an ól nó meáchan a chailleadh nó níos mó aclaíochta a dhéanamh agus níos lú a ithe. Ná bac leis an dea-rún go nglacfaidh tú ballraíocht sa ghiom nó go rachaidh tú go dtí an chéad chruinniú eile den chlub leabhar nó go dtabharfaidh tú faoi M.A. (páirtaimseartha) i gcúrsaí fealsúnachta agus é mar aidhm agat snas a chur ar d’aigne agus snaidhm ar do bholg.
Más sin a bhfuil ar intinn agat, damnaím thú mar fhabht-Ghael na Bliana Úire. Ná bac leis na luachanna bréige a bhrúnn sochaí an Iarthair ort. Ná bac leo. Ith leat. Ól leat. Luigh siar ar an tolg agus bain súp as an tsaol.
Abair arís é, a chomrádaí sa chúis chantalach seo, abair arís é – caithfidh mé bheith níos Gaelaí; caithfidh mé bheith níos Gaelaí, caithfidh mé bheith níos Gaelaí. Níl mé ag iarraidh ort éisteacht le RnaG nó leabhar i nGaeilge a léamh (i bhfad uainn obair bhaile!) nó rang oíche a theagasc nó agóid a dhéanamh taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta nó litir ghearáin a scríobh chun na nuachtán Béarla.
Níl ná baol air.
Tig leat do dhílseacht don chúis a léiriú ar bhealach an-simplí – cuir ort filleadh beag. Sea, filleadh beag, a dúirt mé. Tá an t-am againn filleadh ar fhréamhacha na hathbheochana leis an fhilleadh bheag; tá an t-am againn uilig an filleadh beag a tharraingt orainn féin mar chomhartha fíor-Ghaelachais. Tá an t-am againn uilig siúl síos sráideanna na hÉireann, thuaidh, theas, thiar agus thoir, agus filleadh beag orainn, ball beag éadaigh a chaitheamh a thugann le fios don tsaol mhór go bhfuil lucht na Gaeilge beo i measc phobal Béarla na tíre.
Fáinne, a deir tú, ba mhaith leat fáinne a chaitheamh? Cad é an sórt ainmhí thú go scriosfá maoin an phláinéid seo, go bhfágfá cneácha ar Gháia agus ór agus airgead a thochailt as a craiceann mín. Mór mo náire, mo phian agus mo bhrón go ndíolfá do mháthairphláinéad. Ba cheart do lucht na Gaeilge cosc a chur ar chaitheamh fáinní.
Ach an filleadh beag, a chomrádaí sa streachailt shíoraí seo, sin an comhartha is cuí don aisling iontach seo againn. Éadach déanta go nádúrtha, go traidisiúnta; tionscal a thabharfas obair don Ghael in Éirinn agus in Albain; ball beag éadaigh a bheadh le feiceáil go sonrach ar na sráideanna; bratach, más mian leat, bratach ceangailte faoi do choim a thugann le fios go bhfuil Gaeilge agat, gur ball de threibh uasal teanga thú agus nach bhfuil eagla ort roimh a dhath ar bith.
Sea, ní fada go mbeidh deireadh leis an chaint seo ar fad nach bhfuil cainteoirí Gaeilge in Éirinn. Ní bheadh le déanamh ach sracfhéachaint a thabhairt amach as an fhuinneog agus Eureka! seo chugat Gael agus an filleadh beag faoina thóin nó faoina tóin nó is ball éadaigh é an filleadh beag a fhóireann d’fhir agus do mhná!
Tá mé cinnte nárbh fhada go mbeadh tuairiscí ar Liveline agus ar na nuachtáin Bhéarla faoi seo agus go mbeadh dea-phoiblíocht le gnóthú ag an teanga dá réir sin.
Creidim gur chóir d’Fhoras na Gaeilge agus do na ceanneagraíochtaí tús a chur leis an dea-chleachtas seo. Sílim gur chóir go lucht TG4, RnaG agus Údarás na Gaeltachta é a chaitheamh fosta. Samhlaímis an éifeacht a bheadh le feidhmeannaigh faoina bhfilleadh beag.
Bheadh buntáiste sa bhreis leis sa Tuaisceart mar chomhartha athmhuintearais fosta nó bíonn an-dúil ag mórán aontachtaithe san fhilleadh bheag. Nach orthu a bheadh an gliondar cruinniú a reáchtáil le lucht teanga agus an filleadh beag fud fad na háite, Tartan na Teanga ina measc? (Fágfaidh mé faoi lucht teanga é cé acu a chaitheann siad fobhrístí nó nach gcaitheann le linn na gcruinnithe.)
Tá tú buartha, a chomrádaí sa choimhlint chainte seo, go mbeidh tú i do cheap magaidh, gur rud saorga é an filleadh beag, nach bhfuil an filleadh beag faiseanta? A chomrádaí gan chiall, is ceap magaidh anois thú agus ní coincheap saorga go hathbheochan mionteanga. Ná cuireadh sé buaireamh ar bith ort. Ní bheidh san fhilleadh beag ach comhartha poiblí go bhfuil tú bródúil as cultúr na nGael, go gcreideann tú sa rud nach bhfuil faiseanta, i gcúis na teanga atá ina ceap magaidh cheana féin.
Ní thuigim cad chuige a mbeadh drogall ort gan filleadh beag a chaitheamh. An fíor-Ghael thú nó Gaelic-language enthusiast?
Tristan Ua Ceithearnaigh
Smaoineamh maith é ar fad!. Níos fearr ná fáinne nó brat. Caithfaidh mé tarraingt mo fhilleadh beag Gaeleach amach tar éis tamall fhad agus é a chaitheamh arís le bród.!.:-)
Seán Fennell
Bulaí fir, a Phóil, smaoineamh an -mhaith, bheadh Lucht Albainís Uladh breá sásta. Cinnte bheadh deontas ag dul fosta
Emer Ní Ronáin.
, Anois, cár fhág mé mo Fháinne?