‘Más Breatimeacht gan mhargadh é, ní dhéanfar tada a phlé gan réiteach ar cheist na teorann’

Deir Michel Barnier go seasfaidh an tAontas Eorpach an fód le hÉirinn bíodh sé ina mhargadh Breatimeachta nó ná bíodh

‘Más Breatimeacht gan mhargadh é, ní dhéanfar tada a phlé gan réiteach ar cheist na teorann’

Michel Barnier leis an Taoiseach Leo Varadkar. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá ráite ag Michel Barnier, príomh-idirbheartaí Breatimeachta an AE, go bhfuil “lántacaíocht” bhallstáit an Aontais ag Éirinn.

Ag labhairt dó i mBaile Átha Cliath tráthnóna, dúirt Barnier go raibh cainteanna fiúntacha aige leis an Taoiseach Leo Varadkar faoi méid a tharlódh dá bhfágfadh an Bhreatain an AE gan aon mhargadh a bheith déanta.

Sa chás sin dúirt sé go gcaithfí cosaint a thabhairt don mhargadh aonair agus, cé nach mbeadh sé éasca, mhaígh sé go dtiocfaí ar leigheas ar chás na teorann in Éirinn.

Dá mbeadh Breatimeacht gan mhargadh ann, dúirt sé nach bpléifí cúrsaí trádála leis an mBreatain mura gcuifí ceist na teorann san áireamh agus mura dtabharfaí aghaidh ar cheist an chúlstop, an polasaí árachais conspóideach a cuireadh sa mhargadh imeachta chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint nó go dtiocfaí ar réiteach eile faoin gceist.

“Tá tacaíocht iomlán an aontais agaibh, agus mar atá ráite cheana agam is é an cúlstop an t-aon réiteach ar éirigh linn teacht air chun an status quo ar oileán na hÉireann a chosaint.

“Beidh mé an-soiléir go deo faoi seo; dá bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an AE gan aon mhargadh a bheith déanta ní dhéanfaimis aon rud a phlé leis an Ríocht Aontaithe nó go mbeadh socrú déanta faoi Éirinn agus Tuaisceart Éireann, agus faoi chearta saoránach agus socrú airgeadais,” arsa Barnier.

D’fhágfadh sin fiú dá mbeadh Breatimeacht gan mhargadh ann go gcaithfeadh an Ríocht Aontaithe cloí le trí bhunchoinníoll sin de chuid an chaomhaontaithe aistarraingthe dá mb’áil leo teacht ar shocrú trádála nua leis an AE.

Dúirt Barnier go mbeadh an tAE sásta aontas custam nua a thairiscint don Ríocht Aontaithe agus go raibh súil aige go dtiocfadh Príomh-Aire na Breataine Theresa May agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn ar chomhaontú faoi phlean Breatimeachta.

D’fhéadfaí an dearbhú polaitíochta atá mar chuid de mhargadh imeachta Theresa May a leasú “an-sciobtha” chun aontas custam nó socrú eile a chur isteach ann.

Beidh cruinniú ag Theresa May amárach le ceannairí na Fraince agus na Gearmáine, Emmanuel Mcron agus Angela Merkel chun plé a dhéanamh ar a hiarratas ar shíneadh ama gearr ar an mBreatimeacht.

Beidh cruinniú mullaigh éigeandála ag ceannairí bhallstáit an AE Dé Céadaoin. Mura gcuirtear síneadh ama leis an mBreatimeacht fágfaidh an Ríocht Aontaithe agus gan aon mhargadh déanta acu Dé hAoine, is é sin mura vótálfaí chun Airteagal 50 a chur ar ceal.

Fág freagra ar '‘Más Breatimeacht gan mhargadh é, ní dhéanfar tada a phlé gan réiteach ar cheist na teorann’'