Marty Walsh pósta – fáisceadh an tsnaidhm ar Mhuir Chairb

Tuairiscítear san iris Commonwealth Beacon i Massachusetts go bhfuil Marty Walsh, iarmhéara ar Bhoston agus iarAire Rialtais i Rialtas Joe Biden, ina fhear pósta anois.

Marty Walsh pósta – fáisceadh an tsnaidhm ar Mhuir Chairb

Phós Marty agus Lorrie Higgins, a pháirtí le 20 bliain, le linn dóibh a beith ar cuairt go dtí an Mhuir Chairib os cionn 3 mhí ó shin. Breitheamh áitiúil a phós an bheirt i searmanas príobháideach.

In Ionad na Parlaiminte Stáit i mBoston a chas an bheirt ar a chéile i dtosach nuair a bhí Marty Walsh in Fheisire Parlaiminte agus Lorrie Higgins ina feidhmeannach ansin.

Seacht mbliana déag agus dhá fhichead atá Marty Walsh anois agus bliain le cois an leathchéid atá Lorrie, a bhean chéile.

Ina cheannasaí ar cheardchumann na n-imreoirí haca sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada atá Marty Walsh anois, áit a saothraíonn sé os cionn 3 mhilliún dollar sa mbliain.

Chaith Marty cúig bliana ina Mhéara ar Bhoston sular ceapadh é ina Rúnaí Saothair Náisiúnta i Washington.  Chaith sé dhá bhliain sa bpost sin sular ghlac sé leis an bpost ceannasaíochta ar chumann na n-imreoirí haca.

Cónaíonn sé féin agus a bhean chéile i gceantar Lower Mills i mBoston.

Bhí sé ina ábhar iontais nuair a d’fhág Marty Walsh post an Rúnaí Saothair, go háirithe agus cairdeas láidir idir é féin agus an tUachtarán Joe Biden.   Ach chuir ceardchumann na n-imreoirí haca tairiscint mhór tharraingteach os a chomhair.

Cé go bhfuil sé imithe as an bpolaitíocht anois deirtear go bhfuil suim an-mhór ag Marty Walsh i gcónaí sa saol poiblí.   Tá ceangal coinnithe aige le polaiteoirí agus le grúpaí pobail agus le heagraíochtaí carthanachta go leor, agus ceangal coinnithe aige le lucht gnó chomh maith.

Tuigtear go bhfuil Marty ag tacú go láidir le heagraíochtaí éagsúla i gcónaí.  Thug sé $25,000 do na Sisters Association of Greater Boston le gairid; $10,000 don Pháirtí Daonlathach i Massachusetts agus $5,000 d’Ionad Cultúrtha na hÉireann i Massachusetts.

Tá €3.7m. i gciste polaitiúil Mharty Walsh i gcónaí ach bhí $5m sa gciste sin nuair a d’éirigh sé as an bpolaitíocht.   Síntiúis a thug sé d’eagraíochtaí éagsúla ó shin a laghdaigh an ciste.

Tá sé ráite ag Marty Walsh go mbeidh sé ag tacú go láidir leis an Uachtarán Joe Biden i bhfeachtas na hUachtaránachta.  Ceaptar go n-iarrfaí cúnamh Mharty i stáit a bhfuil struchtúir láidre ceardchumainn iontu, agus i stáit a bheadh idir dhá cheann na meá ó thaobh vótála de.

Tá a fhios  go bhfuil cuairteanna tugtha ag Marty Walsh ar an Teach Bán ó d’éirigh sé as post an Rúnaí Saothair.

Fág freagra ar 'Marty Walsh pósta – fáisceadh an tsnaidhm ar Mhuir Chairb'