Marty Walsh ag súil an tUachtarán Biden a thabhairt go Gaeltacht Chonamara

Labhair Tuairisc le Rúnaí Saothair Stáit Aontaithe Mheiriceá, arb as Gaeltacht Chonamara dá mhuintir

Marty Walsh ag súil an tUachtarán Biden a thabhairt go Gaeltacht Chonamara

Cinnfidh an saol air nó tabharfar an tUachtarán Joe Biden go Ros Cíde i Ros Muc agus go Caladh Mhaínse i gCarna. Sin é a dúirt an Rúnaí Saothair i Rialtas Mheiriceá, Marty Walsh, agus é ag labhairt le Tuairisc anall as Nua-Eabhrac do Lá Fhéile Pádraig. 

“Tá a fhios agam go bhfuil fonn ar an Uachtarán Biden turas a thabhairt go hÉirinn agus tarlóidh sé sin luath nó mall,” a deir an Rúnaí Saothair. 

“Bíonn gach uile cheangal agus brú ar an Uachtaráin ach déanfaidh mé mo dhícheall é a thabhairt go Conamara agus chuig ceantracha dúchais mo mháthar agus m’athar.” 

Ag tuairim is uimhir a hocht atá an Rúnaí Saothair, Marty Walsh, sa líne shinsearachta anuas ón Uachtarán i bpolaitíocht Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ach tuigeann an saol go bhfuil sé i bhfad níos gaire ná sin don Uachtarán Biden ó thaobh ceangail phearsanta de agus cairde móra iad an bheirt acu. 

Tuigeann Marty Walsh níos fearr ná mórán duine ar bith eile go bhfuil céad agus míle ceangal ar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, bíodh sé sa Teach Bán nó ag taisteal go hidirnáisiúnta. Ach coinneoidh Marty Walsh air, a deir sé, ag meabhrú dó gur cheart dó a theacht go Conamara ach a mbeidh sé in Éirinn lá níos faide anonn. 

Rud atá níos cinnte faoin tráth seo ná go mbeidh sé féin ag tabhairt a chéad chuairt ar Éirinn mar bhall de Rialtas Mheiriceá i mbliana. Beidh sé ag glacadh leis an gcuireadh go dtabharfadh sé aitheasc don Seanad i mBaile Átha Cliath agus gan dabht, a deir sé, ag dul go Carna agus go Ros Muc, ceantair dhúchais a mhuintire.

Imirceoirí as an dá phobal sin ab ea athair agus máthair an Rúnaí Saothair: Mary Joe Pheadair (Ní Mháille) as Ros Cíde agus John Mháirtín Tom (Breathnach) as Caladh Mhaínse. Tá John ar shlí na firinne. 

Bliain go ham seo a deimhníodh go mbeadh Marty Walsh ar an 29ú Rúnaí Saothair i Rialtas Mheiriceá. Bhí seacht mbliana caite aige roimhe sin mar Mhéara ar chathair Bhoston. “Athrú mór gan dabht,” a deir Marty “mura mbeadh tada eile ann ach an taisteal.” 

Bhí sé in Texas Dé Máirt agus i Nua-Eabhrac inné. Roimh dheireadh an lae, bhí sé ar a bhealach go Washington D.C. Ansin atá sé an Lá Fhéile Pádraig seo i measc na nÉireannach agus na nGael-Mheiriceánach atá cruinnithe i bpríomhchathair Mheiriceá don ócáid. 

Turas caithréimeach a bhí aige go Nua-Eabhrac inné. Bhronn an James Connolly Society an gradam ‘Gael-Mheiriceánach na Bliana’ ar Walsh. Onóir í sin a mbaineann sé an-sásamh aisti, a deir sé. 

Cé nach bhfuil an sruth as Éirinn ag teacht go Meiriceá anois mar a bhíodh sa tseanaimsir, feictear do Mharty Walsh go bhfuil stádas agus cumhacht láidir sna Stáit i gcónaí ag an tír seo. 

Cé go bhfuil lorg dheacrachtaí an víris Covid-19 agus cruachás na hÚcráine ina máchail ar an saol sa mbliain seo 2022 beidh léargas ar sheasamh na hÉireann i Meiriceá le tabhairt faoi deara go láidir in Washington an Lá Fhéile Pádraig seo, a deir Marty Walsh. 

Tá an Rúnaí Saothair mórtasach as an obair atá déanta ag Rialtas Mheiriceá faoi stiúir an Uachtaráin Biden le bliain. Tá an Rannóg sin aige féin in ann a rá go bhfuil 7.4 milliún duine gafa ar ais ag obair le dhá mhí dhéag. Tá an ráta dífhostaíochta laghdaithe go dtí 3.8%. Tá neart agus fuinneamh in eacnamaíocht Mheiriceá, a deir Marty Walsh le Tuairisc. Ach feiceann sé go ndéanfaidh an t-ionsaí ar an Úcráin dochar d’eacnamaíocht an domhain. 

“Beart uafásach” a thugann sé ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Ábhar é atá seasta go mór i gceist ag cruinnithe Rialtais Mheiriceá faoi stiúir an Uachtaráin Biden, an rialtas a bhfuil Marty Walsh ina bhall de. 

An féidir le Meiriceá tuilleadh a dhéanamh sa gcás uafásach seo? 

“Dhá rud,”a deir Marty Walsh. “Airgead a chur ar fáil agus soláthar míleata a chur ar fáil. Ach, caithfimid a bheith cúramach nach gcuirfear an domhan i mbaol a scriosta,” a deir sé. Creideann an Rúnaí Saothair go ngoillfidh na smachtbhannaí go géar ar na Rúisigh le himeacht na haimsire. “Anseo sna Stáit Aontaithe, mar shampla, níl lucht ceardchumainn sásta ábhar a thógáil as longa lastais Rúiseacha. 

“Tá comhlachtaí Meiriceánacha ag tarraingt amach as an Rúis agus tá rud eile ann a ghortóidh na Rúisigh – sin go bhfuil snaidhm curtha ar infheistíocht airgeadais dá gcuid sna Stáit Aontaithe. Ní ligfear cent ar ais chucu.” 

Ó thosaigh sé sa Roinn Saothair bliain ó shin, tá Marty Walsh tar éis turas amháin ar a laghad a thabhairt chuig 34 Stát agus chuig 70 cathair i Meiriceá. 

Ach tá sé cinnte gur i mBoston a bheidh sé do lá speisialta an tseachtain seo chugainn – cothrom lae beirthe a mháthar Mary atá ina cónaí in Dorchester. 

Fág freagra ar 'Marty Walsh ag súil an tUachtarán Biden a thabhairt go Gaeltacht Chonamara'

  • Pádraig O'hEipicín

    An bhfuil tu ar son na bheatha, Marty.

  • Nuala Holloway

    Marty, tá súil agam go mbeidh sé abálta teacht go hÉirinn.
    Fear tuisceannach, cineálta, deas é. Tá sé bródúil as an gceangal atá aige leis an tír seo. Go n-éirí leat leis an méid oibre atá déanta agat chomh maith.
    Lá Fhéile Pádraig sona dhuit.
    Le meas,
    Nuala Holloway.