‘Mar sheasamh polaitiúil, tá rás an aontachtais rite’

25 bliain ó shin, ar an 10 Aibreán 1998, a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Sa tsraith seo tugann daoine an tréimhse chinniúnach sin chun cuimhne

‘Mar sheasamh polaitiúil, tá rás an aontachtais rite’

Deich mbliana roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta bhí mé sa chéad bhliain ar an ollscoil agus Fin de Partie (Endgame) le Samuel Beckett á léamh againn don chúrsa Fraincise. Is beag ciall a bhí muid in ann a bhaint as, mar dhráma, in ainneoin é a bheith an-simplí i gcosúlacht, ba léir go raibh sé an-chasta. Ba sa tréimhse chéanna sin, ag deireadh na 1980idí, a chuala mé daoine ag tabhairt endgame ar thrioblóidí an tuaiscirt. Nuair a thosaigh an tsraith cainteanna idir John Hume agus Gerry Adams, níorbh fhada go rabhthas ag caint ar ‘próiseas síochána’ níos mó ná ‘cluiche deiridh’.

Nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta in Aibreán 1998, ba thoradh é ar phróiseas a bhí mall ach cinnte go leor ina dhiaidh sin. Ba iad an dá shos comhraic sa bhliain 1994 an chloch mhíle ba thábhachtaí, dar liom. Cé nár mhair an tsíocháin i bhfad, ba léiriú í ar an méid a d’fhéadfadh tarlú. Tharla go leor foréigin sa dá bhliain idir 1996 agus 1998 ach bhí an mothú ann i gcónaí go raibh gluaiseacht mhall chinnte ann i dtreo na síochána. Bhí cara liom, an t-oibrí pobail agus gníomhaí teanga Breandán Ó Brolcháin (Brad), páirteach i gcainteanna a bhí ag tarlú sa chúlra. Tháinig ionadaí de chuid Rialtas na hÉireann chuig a theach cónaithe in Ard Eoghain, Béal Feirste, agus dúirt leis go raibh an t-aontachtas ar an dé deiridh, ‘unionism is in terminal decline’. Bhí craiceann na fírinne ar an abairt sin agus choinnigh mé cuimhne uirthi dá réir.

An teachtaireacht sin agus an tuiscint go mbeadh socruithe eatramhacha de dhíth sula mbeadh reifreann ann faoi athaontú na hÉireann, ba iad a thug dóchas do náisiúnaithe an tuaiscirt go ndéanfadh an comhaontú a leas. Ar ndóigh, ní hé gach duine a ghlac leis an méid a bhí á ghealladh. Ba léir go mbeadh tionól in Stormont agus bhí an dearg-ghráin ag náisiúnaithe ar Stormont. Ba san fhoirgneamh chéanna a d’fhógair James Craig, Príomh-Aire Thuaisceart Éireann, ‘All I boast of is that we are a Protestant Parliament and a Protestant State’.

Ach thuig tromlach mór an phobail náisiúnaigh go mbeadh comhghéilleadh le déanamh. Ar ndóigh, ní raibh a fhios ag aon duine cá fhad a mhairfeadh na socruithe eatramhacha seo – an tionól, na heagrais trasteorann agus eile. Seo anois muid, 25 bliain níos sine agus níos eolaí dá réir.

Ní raibh amhras orm ag an am gur chóir vótáil ar son an Chomhaontaithe. D’fhéadfainn go leor lochtanna a fháil ar na socruithe eatramhacha agus ar an tionól go háirithe, tionól nach bhfuil ag feidhmiú faoi láthair, ar ndóigh. Ach níor athraigh mo bharúil faoi rud amháin go háirithe, an té a dúirt ‘unionism is in terminal decline’, b’fhíor dó. Ní bhainim pléisiúr as sin sa mhéid nár mhaith liom go dtabharfaí béim síos dá laghad d’fhéiniúlacht chultúrtha Aontachtaithe an tuaiscirt.

Ach mar sheasamh polaitiúil, tá rás an aontachtais rite, dar liom. Bhí an deis ag an DUP áil a dhéanamh den éigean, sochaí rafar shéanmhar a dhéanamh de Thuaisceart Éireann ionas go maolódh an t-éileamh ar Éirinn aontaithe as a chéile. Ní dhearna siad sin. Is é rud a dhiúltaigh siad meas a léiriú ar an fhéiniúlacht Ghaelach Éireannach a bhaineann go dlúth leo féin dá n-aithneodh siad é. I mbéal na Nollag 2016, bhain siad an cúpla punt scallta a bhí á chaitheamh ar scéim Líofa, scéim a thugadh deis do dhaoine óga nach raibh an acmhainn acu díol as cúrsa Gaeltachta. San am chéanna, bhí na milliúin á ndó acu sa scéim náireach Renewable Heat Incentive (RHI) ar baisteadh ‘Cash for Ash’ uirthi le tréan searbhais.

endgame nua anois againn agus beidh sé le himirt go cúramach ag an dream a chreideann gurb é athaontú na tíre an toradh a bheas air. Caithfear cairdeas agus athmhuintearas a chothú lenár gcomharsana aontachtacha agus bheith istigh agus croí isteach a thabhairt dóibh san Éirinn nua. Má tharlaíonn sin beidh ábhar eile ceiliúrtha againn don chéad chomóradh eile.

Tá Fionntán de Brún ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Tá a chéad úrscéal ‘Béal na Péiste’ ar fáil anois

Fág freagra ar '‘Mar sheasamh polaitiúil, tá rás an aontachtais rite’'