Mar bhean a bhfuil beirt iníonacha agam ní dhéanfaidh mé dearmad ar theachtaireacht Vicky Phelan

Cothrom an lae seo bliain ó shin chinn Vicky Phelan a scéal a chur i láthair an phobail

Mar bhean a bhfuil beirt iníonacha agam ní dhéanfaidh mé dearmad ar theachtaireacht Vicky Phelan

Bliain is an lá inniu a chuala mé ainm Vicky Phelan den chéad uair.

Scéal faoi chás cúirte ar nós na scéalta a gcloiseann muid chuile lá. Ach ní mar a chéile a bhí an cás seo. Ná an bhean seo.

Nuair a chinn Vicky Phelan gan cead a thabhairt do na húdaráis, do na saotharlanna ná don chóras dlí í a chur ina tost tharraing sí aird ar scéal a chuir alltacht, olc agus faitíos ar chuile bhean sa tír. Dúradh linn go raibh an córas CervicalCheck ar chóras chomh maith agus a d’fhéadfadh a bheith ann.

Chreid muid iad. Chuaigh muid ar bheagán foinn agus rinne muid an scrúdú. Anois cuireadh ar ár súile dúinn ní hamháin nach raibh an córas sin iomlán iontaofa agus nár cuireadh mná ar an eolas faoi thorthaí tástálacha. Bhí mná ann a fuair amach gan choinne go raibh siad i mbaol báis.

Sna míonna a lean cás Vicky Phelan chuala muid ainmneacha go leor eile. Chuaigh cás Emma Mhic Mhathúna go mór i gcion orainn go léir. Tá Ruth Morrissey fós os comhair na gcúirteanna. Tá Stephen Teape deisbhéalach ag míniú cás a mhná Irene agus an saol atá aige anois mar bhaintreach lena bheirt mhac. Bhásaigh Laura Brennan an mhí seo caite. Go dtí cúpla lá roimh a bás bhí sise fós ag troid, ag áiteamh ar thuismitheoirí a chinntiú go bhfaigheadh a gcuid iníonacha an vacsaín HPV.

Idir an dá linn, tá an Dr. Gabriel Scally tar éis scrúdú a dhéanamh ar an scéal. Níl aon fhianaise, dar leis, gur déanadh faillí cé go molann sé go mbeadh córas saotharlanna níos éifeachtaí ag plé le Cervical Check.

Ar mhaithe le scannal polaitiúil a choinneáil ó dhoras, taca an ama seo anuraidh d’fhógair an tAire Sláinte Simon Harris go mbeadh tástáil d’ailse i muineál na broinne ar fáil saor in aisce d’aon bhean a mhothaigh gur theastaigh a leithéid uaithi. Bhí príomhoifigeach leighis an Stáit an Dr Tony O’Donnell in aghaidh an fhógra ach leanadh den scéim. Ní nach ionadh chuaigh na mílte bean ar ais ag iarraidh tástálacha nua. D’fhág sin ar fad go bhfuil an córas anois calctha cheal acmhainní agus go mbíonn mná míonna seachas seachtainí ag fanacht ar thorthaí tástála.

Bíodh sin mar atá, an peaca is mó a rinneadh anseo ná gur ceileadh eolas ar mhná a raibh amhras faoi thástálacha a gcuid scrúduithe. Níl muid cinnte fós go díreach cé mhéad bean a d’fhéadfadh go raibh tionchar ag léamh míchruinn tástálacha ar a sláinte agus a saol.

Idir an dá linn, tá Vicky Phelan ag baint leas as druga nua atá ag déanamh maitheasa di. Tharraing sin féin conspóid mar gurbh éigean brú a chur ar an Aire Sláinte maoiniú a chur ar fáil dóibh siúd ar mhol a ndochtúir an cógas dóibh.

Ach tá Vicky Phelan fós thar a bheith tinn. Tá an ailse fós  uirthi. An fáth is mó gur chinn sí ar an 25 Aibreán anuraidh a scéal a chur i láthair an phobail go spreagfadh sé mná aire a thabhairt dóibh féin. Theastaigh uaithi a hiníon féin a chosaint. Mar bhean a bhfuil beirt iníonacha agam chuaigh an teachtaireacht sin go mór i gcion orm. Agus tá ár mbuíochas dlite do Vicky Phelan as an scéal ar fad a chur i láthair an phobail.

Fág freagra ar 'Mar bhean a bhfuil beirt iníonacha agam ní dhéanfaidh mé dearmad ar theachtaireacht Vicky Phelan'