Maoiniú nua chun tréimhse ‘Erasmus’ trí mhí sa Ghaeltacht a chur ar fáil do 175 mac léinn

Faoi chiste nua, a sheolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta i gCarna inniu, íocfar €1,428 in aghaidh an mhic léinn le teaghlaigh Ghaeltachta chun lóistín a chur ar fáil ar feadh trí mhí

Maoiniú nua chun tréimhse ‘Erasmus’ trí mhí sa Ghaeltacht a chur ar fáil do 175 mac léinn

Fógrófar ar maidin ciste nua chun deis a thabhairt do mhic léinn trí mhí a chaitheamh ina gcónaí sa Ghaeltacht mar chuid dá gcúrsaí.

€250,000 a bheidh sa chiste nua atá le fógairt ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne inniu agus táthar ag súil go mbainfidh 175 mac léinn leas as chun seimeastar a thabhairt ag maireachtáil le teaghlaigh Ghaeltachta. 

Dhá dhream a bheidh cáilithe don scéim. Is iad an chéad dream acusan ná mic léinn a bhfuil an Ghaeilge mar chroí-ábhar ina gcúrsa tríú leibhéal – B.A. sa Ghaeilge nó B.Comm le Gaeilge, mar shampla. Is iad an dara dream a mbeidh an ciste nua dírithe orthu ná mic léinn nach bhfuil an Ghaeilge ina cuid den chúrsa atá á dhéanamh acu ach a shílfeadh go mbeadh ardinniúlacht sa Ghaeilge ina buntáiste acu do ghairmeacha éagsúla, sa státseirbhís go háirithe.

Faoin gciste nua, a sheolfaidh an tAire Stáit in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna inniu, cuirfear maoiniú ar fáil do na hinstitiúidí tríú leibhéal chun liúntas €17 in aghaidh an mhic léinn in aghaidh an lae a íoc le teaghlaigh Ghaeltachta chun lóistín a chur ar fáil ar feadh trí mhí. Is ionann sin agus €1,428 in aghaidh an mhic léinn.

Is iad na teaghlaigh a bheidh cáilithe chun lóistín a chur ar fáil do na mic léinn ná iadsan a choimeádann scoláirí do na coláistí samhraidh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. 

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne gur “cúis mhór áthais” dó an tréimhse nua tumoideachais trí mhí do mhic léinn a fhógairt.

“Is iad na ceantair Ghaeltachta fearann dúchais na Gaeilge agus de thoradh an bhirt seo cuirfear ar chumas suas le 175 mac léinn in aghaidh na bliana a bheith tumtha sa Ghaeilge – rud a bheidh ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta araon.

“Cabhróidh sé seo ar fad chomh maith ar ndóigh chun acmhainn an státchórais a fhorbairt tuilleadh le freastal níos fearr a dhéanamh ar na héilimh bhreise atá agus a bheidh ann ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge sa tréimhse atá romhainn.

“Le blianta fada tá deis ag mic léinn a bhíonn ag foghlaim teangacha tréimhse Erasmus a chaitheamh thar lear agus iad tumtha sa sprioctheanga, Anois den chéad uair, beidh ciste ar fáil a chabhróidh le mic léinn chun seimeastar iomlán a chaitheamh sa Ghaeltacht.”

Ní fios go fóill cé na ceantair Ghaeltachta a bhainfidh leas as an gciste nua, ach deirtear go bhfuil sé i gceist ag an Roinn go mbainfidh oiread ceantar Gaeltachta agus “is féidir” tairbhe as.

Fág freagra ar 'Maoiniú nua chun tréimhse ‘Erasmus’ trí mhí sa Ghaeltacht a chur ar fáil do 175 mac léinn'

  • Rossa Ó Snodaigh

    Dea-nuacht cinnte, agus treise le Seán Kyne.