Maoiniú ar bith ar fáil ón Roinn Leanaí do naíonraí lán-Ghaeilge an stáit in ainneoin iarratais

Chuir an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige stop tamall de bhlianta ó shin leis an maoiniú a bhíodh á chur ar fáil do na naíonraí lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Maoiniú ar bith ar fáil ón Roinn Leanaí do naíonraí lán-Ghaeilge an stáit in ainneoin iarratais

Níl aon scéala faighte fós faoi iarratas a rinne Foras na Gaeilge  anuraidh ar mhaoiniú do naíonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios sa Dáil gur cuireadh stop tamall de bhlianta ó shin leis an maoiniú a bhíodh á chur ar fáil do na naíonraí lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus go ndearna Foras na Gaeilge iarratas “cuimsitheach” ar a leithéid de mhaoiniú anuraidh.

Trí mhaoiniú ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus Foras na Gaeilge a chuir Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil do na naíonraí Gaelacha go dtí lár 2014, ach is cosúil gur chuir an Roinn Leanaí stop leis an maoiniú sin nuair a aistríodh cúram na réamhscolaíochta lán-Ghaeilge chuig Gaeloideachas in 2014.

Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do Ghaeloideachas i dtaca leis an réamhscolaíocht lán-Ghaeilge ach níl aon mhaoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige don chúram sin  níos mó.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go ndearna Foras na Gaeilge “iarratas cuimsitheach” leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige anuraidh ar mhaoiniú do na naíonraí Gaelacha “agus go bhfuiltear ag leanúint suas ar an iarratas sin”.

Tá gealltanas tugtha i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge go dtabharfar isteach plean cuimsitheach náisiúnta don luathoideachas Gaeilge.

Chuige sin, gealladh sa phlean go gcruthófaí dhá phost sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (RLGÓ) chun forbairt a dhéanamh ar an soláthar luathoideachais i nGaeilge ar fud an stáit. Bheadh duine amháin den bheirt a d’fhostófaí sa Roinn Leanaí freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorbairt an luathoideachais trí mheán na Gaeilge i naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht agus bheadh an duine eile ag cur comhairle ar na naíonraí sin maidir leis an tSeirbhís Forbartha agus Tacaíochta Caighdeáin, Tús Níos Fearr.

Thug an tAire Stáit le fios ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán inné, gur fhógair an Roinn Leanaí an dá phost sin agus gur theip orthu teacht ar aon duine dóibh.

Gealltar sa phlean leis go gcuirfear tacaíocht agus acmhainní nua ar fáil do naíonraí chun seirbhís luathoideachais trí Ghaeilge a chur ar fáil agus go mbunófaí ciste nua an bhliain seo chugainn chun “spreagadh agus tacaíocht” a thabhairt do theaghlaigh ina bhfuil páistí sa chóras gaeloideachais le go labhróidís an Ghaeilge níos minice sa bhaile.

Ba é an Teachta Dála agus urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív a cheistigh an tAire Stáit faoi thacaíocht a bheith ar fáil do na naíonraí Gaelacha ar an gcuma chéanna is a chuirtear tacaíocht ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Maoiniú ar bith ar fáil ón Roinn Leanaí do naíonraí lán-Ghaeilge an stáit in ainneoin iarratais'