Ní ‘slánaitheoir de shaghas éigin’ ab ea John Hume

Bhí John Hume agus Gerry Adams i mbun cainteanna mar gheall ar ‘chearta’ mhuintir na hÉireann idir 1986-1993 gan cead na ndaoine sin

Ní ‘slánaitheoir de shaghas éigin’ ab ea John Hume

John Hume le Gerry Adams i 1994 Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá dearmad déanta ar na rudaí ba shuntasaí a bhain le saol polaitiúil John Hume ó cailleadh é le gairid. Rinneadh cúpla gearán fíor-ait freisin mar gheall ar thionchar Hume ar pholaitíocht Phoblacht na hÉireann, go háirithe. Dúradh gur mhinic a d’fhulaing Hume agus a bhean chéile go huafásach i 1993 nuair a tháinig sé chun solais go raibh “comhrá” ar bun idir é féin agus Gerry Adams ó dheireadh na n-ochtóidí.

Cheapfá ón tráchtaireacht sin go raibh Hume ag súil le buíochas de shaghas éigin uainn, nó ómós fiú, agus nuair a dhiúltaigh gach éinne sa Phoblacht tacaíocht a thabhairt dá chur chuige aonaránach rúnda gur ghoill sé sin go mór air, agus gur fhág an diúltú sin olc ina chroí dúinn.

Is deacair meon aigne Hume i 1993 a thuiscint. Ba pholaiteoir é a bhí in iomaíocht le polaiteoirí eile chun a chuid tuairimí a chur i gcrích. Ní sagart a bhí ann a bhí ag obair go naofa ar ár son, agus ní raibh muintir na Poblachta faoi gheasa éisteacht leis ná glacadh lena chuid comhairle, nó ómós a thabhairt dó, mura rabhadar sásta leis an obair a bhí ar bun aige.

Má bhíonn ort achainí a dhéanamh ar dhuine eile buíochas a ghabháil leat, níl an buíochas sin tuillte agat ach an oiread.

Os a choinne sin, áfach, bhí láncheart ag a lucht tacaíochta dílis  nuair a dúirt siad le déanaí nach raibh a leithéid ann riamh roimhe. Ba é John Hume an chéad pholaiteoir ó bhunú an Stáit i 1922 a rinne iarracht greim iomlán a fháil ar pholasaí eachtrach an Stáit seo againne, cé nach raibh sé in ann vóta a chaitheamh in olltoghcháin an Stáit chéanna.

Dúradh, agus deirtear fós, gur slánaitheoir de shaghas éigin ab ea é, cosúil leis na laochra a luaití i bhfilíocht an tSeacabíteachais sa 17ú haois déag. Mac an Cheannaí ab ea Hume de réir dealraimh, a tháinig trasna na dtonnta chun cabhrú linn.

Aisling ghéar do dhearcas féin.

Ar leaba ’s mé go lagbhríoch.

An ainnir shéimh darbh ainm Éire.

Ag teacht im’ghaor ar marcaíocht.”

Taidhleoireacht phríobháideach a bhí ar bun ó 1986-1993 idir Hume agus Gerry Adams, fear a gcuirtear ina leith go raibh sé ina bhall sinsearach d’arm príobháideach ag an am. Bhíodar ag caint mar gheall ar “chearta mhuintir na hÉireann”, gan cead na ndaoine céanna sin. Ba chóir a rá anseo nach bhfuil saoránach príobháideach in ann dul i mbun cainteanna den chineál seo i dtíortha eile.

Iompar coiriúil a bheadh ina leithéid sna Stáit Aontaithe, mar shampla, de réir an Logan Act ó 1799:

Any citizen of the United States, wherever he may be, who, without authority of the United States, directly or indirectly commences or carries on any correspondence or intercourse with any foreign government or any officer or agent thereof, with intent to influence the measures or conduct of any foreign government or of any officer or agent thereof, in relation to any disputes or controversies with the United States, or to defeat the measures of the United States, shall be fined under this title or imprisoned not more than three years, or both.” 

Ní raibh aon pholaiteoir eile chomh sotalach le Hume go rachadh sé i mbun oibre den chineál seo. Agus ní ábhar iontais dúinn nach raibh gach éinne sásta an chumhacht sin a ghéilleadh dó i 1993. Is léir mar shampla ó dhialann bhreá Sheán Duignan, One Spin on the Merry Go Round nach raibh an Taoiseach féin, Albert Reynolds, sásta le hiompar Hume idir 1993-1994.

Ba léir do Reynolds gur cheap Hume féin gurbh eisean an ceannaire ceart dáiríre ar náisiúnaithe na hÉireann. Ba é Duignan urlabhraí Reynolds do na meáin chumarsáide idir 1992 agus 1994, agus seo mar a mhínigh sé an teannas a bhí ann i gcónaí idir Reynolds agus Hume:

“29th October 1993 Brussels. Hume and Adams told to get off the pitch! Albert and Major met (no officials present) and for more than an hour. Joint statement afterwards sent a clear message to John [Hume] to butt out and leave it to the two governments.”

Nuair a bhí Reynolds and Hume sa tseomra le chéile, scríobh Duignan go rabhadar beirt “curiously cool and careful with each other. Is it vanity, rivalry, jealousy?”

Cén fáth nár luadh an méid sin nuair a fuair Hume bás?    

Fág freagra ar 'Ní ‘slánaitheoir de shaghas éigin’ ab ea John Hume'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Alt é seo le tuiscint ana chúng ar stair na hÉireann agus léargas ana aisteach a léiríonn a thagairtí faoi sheach d’aisling agus don Logan Act. Cé acu an dtabharfar slanaitheoir ar John Hume nó nach dtabharfar, shlánaigh a chainteanna le Gerry Adams go leor ó ainbhás. Buíochas atá tuillte aige seachas alt suarach mar atá foilsithe anseo thuas ag John Paul.

  • Daithi Mac Carthaigh

    Ní deas an dímheas a léirítear ar John Hume anseo agus ar mhuintir na Sé Chontae trí chéile.
    Mura raibh vóta ag an Uasal Hume i dtoghcháin na Dála, ní air sin a bhí an locht ach ar an gcríochdheighilt lenar bunaíodh stáitín seicteach sna 6 Chontae a chleacht apartheid, idirdhealú, foréigean agus dúnmharú i gcoinne an mhionlaigh ann.
    Bhí a gcúl iompaithe ag cuid mhór mhaith de bhunaíocht an Stáit seo le muintir an tuaiscirt sna hochtóidí agus na nóchaidí agus dianchinsireacht i bhfeidhm, rud a chuir le fad na dtríoblóidí agus le líon na gcorpán gan trácht a John Paul ar an lagtrá i ngeilleagar na tíre.
    Má theastaíonn uait ról abhcóide an diabhail a imirt, bíodh bunús éigin leis an téis a chuireann tú chun cinn.