Maith thú Marcus Rashford, ná bíodh ocras ar aon pháiste feasta

Tá gá le polasaí fadtéarmach chun fadhb dho-mhaite an ocrais i measc an aosa óig a threascairt

Maith thú Marcus Rashford, ná bíodh ocras ar aon pháiste feasta

Maith thú Marcus Rashford. Ós annamh don gcolún seo a bheith ag moladh imreoirí sacair ó phríomhroinn Shasana, ní áirím Manchester United – caithfear lánmharcanna a thabhairt don pheileadóir óg. Fearacht a chomhghleacaithe tá sé an-saibhir anois agus tionchar poiblí as cuimse aige mar réalta spóirt. Bhain sé leas as an tionchar sin ar mhaithe le gasúir atá á dtógáil ar bheagán mar a bhí sé féin.

Nuair a chuir sé iallach ar rialtas Boris Johnson a phort a athrú agus maoiniú do bhéilí a cheadú i rith shaoire an tsamhraidh do pháistí a fhaigheann béilí saor is aisce ar scoil rinne sé gar do pháistí anseo i dTuaisceart Éireann freisin. Bhí a scéim féin ceadaithe roimhe sin ag Albain agus an Bhreatain Bheag sular mhúscail Boris Johnson. Nach truamhéalach an scéal é nach gcuirfí cothú ar fáil do phaistí atá faoi mhíbhuntáiste sa samhradh murach idirghabháil ó phearsa cáiliúil?

Faoi Chéadaoin na seachtaine seo ba é Tuaisceart Éireann an t-aon réigiún sa Ríocht Aontaithe nach raibh cinneadh déanta ann an liúntas le haghaidh beatha don aos scoile a cheadú ón 30 Meitheamh ar aghaidh. Bhí £27 an dalta gach coicís ceadaithe ó thús na paindéime dóibh sin a bhíodh ag fáil béilí saor ar scoil.

Dúirt an tAire Oideachais in Stormont Peter Weir mí ó shin, áfach, nach raibh a roinn in acmhainn leanúint leis an bhfóirdheontas i rith an tsamhraidh, i mí Iúil agus mí Lúnasa.

Ba chosúil i ndiaidh fheachtas Rashford nár mhian le Stormont a bheith ina chadhan aonair sprionlaithe. D’iarr Weir ar an bhFeidhmeannas an t-airgead a fháil i bpóirse éigin, as buiséad na paindéime is dóigh. Níor theastaigh ó aire ar bith go mbeadh an cháil amuigh orthu go raibh siad ar nós cuma liom faoi pháistí a bheith ocrach. Ach i réigiún ina bhfuil bochtanas forleathan agus méadú 120% tagtha ar an dífhostaíocht san chéad dá mhí den phaindéim sé an feall é nár bhog siad go dtí gur scuab sruth na poiblíochta iad.

Níl i gceist ach £12 milliún. Costas £19 milliún a bhí ar an scéim idir an 26 Márta nuair a dúnadh na scoileanna agus an 30 Meitheamh nuair a bhí deireadh le cur leis an íocaíocht. Mar is gnách bhí sioscadh ar siúl faoi mhaoiniú a fháil ó Westminster. Seans go mbeidh airgead breise ag dul do na réigiúin mar iarmhairt ar chinneadh Whitehall rud a dhéanamh ar Rashford. Cibé áit as a dtiocfadh na pingineacha thuig an aicme pholaitiúil go mbeidís náirithe mura n-íocfaí iad. Suim shuarach as buiséad £12,000 milliún ach cor cinniúnach é i saol páiste.

Scríobh mé faoin ábhar seo ar an suíomh seo i ndeireadh Lúnasa anuraidh nuair a bhí eagraíochtaí carthanachta, clubanna óige agus múinteoirí ag éileamh polasaí a ghabhfadh i ngleic leis an bhfadhb ar bhonn fadtéarmach. Ba é mo bharúil ansin agus deirim arís é gur scannal é ocras a bheith ar pháiste in aon áit in am ar bith. Ach i dtíortha saibhre san 21ú haois? Do-mhaite.

Tá beagnach aon trian de dhaltaí scoile an Tuaiscirt i dteideal béilí scoile saor in aisce, sin suas le 100,000 páiste. Faigheann gach duine acu lón agus faigheann roinnt daltaí bricfeasta chomh maith.

Bhí an cás go holc anuraidh ach tá sé níos measa i mbliana de dheasca Covid-19 mar cé go raibh na dearbháin £27 ar fáil bhí bail níos measa ar roinnt tuismitheoirí de bharr an víris, na dianghlasála, na dífhostaíochta nó gan de theacht isteach acu ach liúntas Covid. Is léir ón bhfianaise ó bhancanna bia agus carthanachtaí eile gur chruthaigh cúrsaí le trí mhí anuas géarchéim i measc daoine a bhí ar an bhfaraor géar roimh an bpaindéim.

Is maith ann na híocaíochtaí ad hoc chun faobhar a bhaint den ocras. Tá géarghá leo ach ní leor iad. Tá polasaí uileghabhálach riachtanach chun a dhul i ngleic leis an easpa deiseanna; tá ganntanas bia lárnach san easpa cothaithe do chorp agus intinn. Ní de sheans a theipeann ar an bpáiste a bhfuil a bholg folamh cruthú go maith ar scoil. Mura mbrisfear an fáinne fí is beag seans a bheidh ag an bpáiste sin.

D’fháiltigh Marcus Rashford, a bhfuil fios a ghnó aige sna cúrsaí sin a bhuíochas dá thaithí féin óna óige, roimh u-chasadh Boris Johnson an samhradh seo ach d’éiligh sé go mbeadh polasaí fadbhreathnaitheach, fadtéarmach ann. Tá an ceart aige. Níor cheart go mbeadh ar pháistí aghaidh a thabhairt ar an nganntanas seo bliain i ndiaidh bliana anseo, sa Ríocht Aontaithe, sa Phoblacht ná i sochaí fhorbartha ar bith san 21ú haois. Déantar deimhin de gurb í seo an bhliain deiridh ar gá brú a chur ar rialtais chun an fhaillí a cheartú.

Fág freagra ar 'Maith thú Marcus Rashford, ná bíodh ocras ar aon pháiste feasta'