Sna nótaí báis éagsúla a scríobhadh ar bhás gan choinne Mháirtín Uí Mhurchú bhí trácht gairid ar a shaol agus ar a ghairm, ar ar bhain sé amach, ar ar scríobh sé. B’éachtach agus b’éagsúil an méid sin.
Bhí sé ina cheannródaí gan aon bhréag ar staidéar na sochtheangeolaíochta in Éirinn agus tharraing go rathúil ar an léann sin thar lear d’fhonn a chur chun leasa abhus. É ina léachtóir le Gaeilge in UCC nuair a bhí ina fhear óg fós, ina ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, ina Ollamh Sinsearach in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus ina stiúrthóir ar Scoil an Léinn Cheiltigh ansin chomh maith.
Is mór ar fad an méid sin, ach níl ann ach an craiceann ar barra a chlúdaigh eolas domhain fairsing ar léann agus ar theanga na Gaeilge sna cultacha éagsúla ildaite a chaitheann an léann sin chun dúshlán an scoláire is mó a thabhairt. B’fhéidir gur san leabhrán Urlabhra agus Pobal (1971) a chéad chuir saol na Gaeilge aithne níos fairsinge air, óir is ann a thug áiteamh ar son dhátheangachas de shaghas eile dúinn agus inar chuir an téarma ‘débhéascna’ inár láthair mar chuid den áiteamh sin.
Má thuigim é, nó má chuimhním i gceart air, is é a chiallaíonn ná go bhféadfadh teanga amháin a bheith in uachtar i ngnéithe áirithe de shochaí dhátheangach seachas an ceann eile, agus go dtabharfadh a leithéid sin de leagan amach buntáiste don Ghaeilge ach é a chóiriú i gceart. Ní gá a rá gur tugadh cluas don téis agus don teoiric agus gur ligeadh a bhféadfaí a dhéanamh i ndíchuimhne.
Gné shuaitheantasach eile a bhain leis an saothar sin ná an friotal inar saothraíodh é. Ní fhéadfaí gan ceann a thógaint den réim éasca ardstíle a cleachtadh ann, amhail is go raibh a leithéid go binn nádúrtha laethúil ó phrós diagachta na 17ú céad i leith. Is beag scoláire Gaeilge a dhealbhaigh prós dá chuid féin amach a bhí lánchothromúil do agus ceartoiriúnach leis an rud ar mhian leis é a rá. Bhí sin ag Máirtín, ionas gur taitneamhach aeistéitiúil ba ea ar scríobh sé ann féin, i leataobh óna ndúirt in aon chor.
Tá an stíl ghlan neamhrómánsúil sin saor ó fhlóisíní le fáil sa stair chuimsitheach a scríobh sé ar Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge a d’fhoilsigh Cois Life (2001), agus inar léirigh sé go raibh fothaí na hathbheochana le fáil sa chumann sin i dtosach ach gan aon chreidiúint a bhaint ónar tháinig ina dhiaidh. Níl ann ach go raibh leathdhearmadta agus go rabhthas airí ar a chuid oibre a áireamh. Ina theannta sin, ba dhóigh leat ar an taobh eile de bhogha na staire, an paimfléad Ag Dul ó Chion: Cás na Gaeilge 1952-2002 ina rianaíonn sé na claochluithe a tháinig ar pholasaí an stáit sa tréimhse sin agus an tslí ina raibh, dar leis, sinn lánullamh ar dhul chun cinn mór a dhéanamh i ndeireadh na 60idí den aois seo caite, ach gur lena linn sin go beacht a scaoileadh polasaithe níos dearfaí le sruth.
Níl mise cáilithe, gan amhras, ar aon rud d’aon bhun a rá mar gheall ar an staidéar cuimsitheach a dhein sé ar chanúintí Gháidhlig Pheairt in Albain East Perthshire Gaelic: social history, phonology, text and lexicon (1989) agus a leasdeartháir West Perthshire Gaelic (2021), ach a dhearbhú gurbh é sin go beacht atá iontu idir stair agus fóineolaíocht agus téacsanna agus foclóir. Formhór mór na staidéar ar na canúintí Albanacha is staidéar iad ar na canúintí a bhí in airde láin agus beo beathach ag an am, sna hoileáin go ró-áirithe, leithéid ceann Magne Oftedal The Gaelic of Leurbost, Isle of Lewis nó The Dialect of Barra in the Outer Hebrides le Carl Borgstrom, nó fiú ceann léanmhar bacach éidreorach Ghordon Mac Gill-Fhinnein ar Gáidhlig Uibhist a Deas (1966), ach chuir Máirtín Ó Murchú roimhe staidéar ar chanúint de chuid na mórthíre, de lárGhaidhealtachd na h-Alba, agus í ag dul as, nó ó chion, a dhéanamh. Ní féidir go raibh sin furasta, agus ní féidir go raibh sé furasta ach oiread caint a bhaint as cuid de na seanfhaisnéiseoirí a raibh sé chucu, mar is léir ó na taifid atá cloiste agam.
Bíonn gné eile de dhuine ann i gcónaí lasmuigh dá shaothar scolártha. Níor mhór é m’aithne air in aon chor i leataobh ó ghnóthaí agus imeachtaí ollscoile agus léinn, ach tuigeadh dom go raibh sé i gcónaí riamh tuisceanach, caoin, béasach, fáilteach, foighneach agus cuiditheach liomsa agus le daoine eile. Tá a fhios agam go raibh sé riamh fial le scoláirí óga agus eile níos críonna, tréith fhíorGhaelach uasal má bhí ceann riamh ann. Bíodh a theist air sin, mar aon sampla uaigneach singilte amháin, an staidéar mór cuimsitheach a dhein Micheál Ó Cearúil ar Bunreacht na hÉireann: a study of the Irish text, leabhar ocht gcéad leathanach mionchló dhá cholún ina scagtar agus ina miondealaítear gach alt agus fo-earnáil den bhunreacht seo againn féin. Leabhar ar chaolchúis na teanga má bhí a leithéid riamh ann!
Sa réamhrá, nach mór gan iomrá, deir Micheál Ó Cearúil, ‘Professor Máirtín Ó Murchú has read a draft of this work subsection by subsection, Article by Article, and his scholarly contributions are included as fully as possible in the work which follows. The author has benefitted enormously from the master classes he received as Professor Ó Murchú patiently and generously discussed his recommendations week by week over a period of many months.’
Tá a fhios agam go raibh sé amhlaidh le daoine eile de réir mar ba ghá. B’in seirbhís phoiblí thairis go fada mar a d’iarrfaí ar dhuine ina ghnáthchúram oibre.
Déanfar áireamh fós ar na haistí iomadúla, ar na hailt gan áireamh, ar na háitimh éagsúla a dhein sé nó a raibh sé páirteach iontu. Obair lae eile í sin nuair a thráfaidh cuid bheag éigin den chailliúint.
Ach rud amháin eile fós, fós: b’álainn snoite allabhrach an cainteoir Gaeilge é. Dhein sé ealaín den chaint a bhí aige féin. Ghearr sé gach aon fhocal amach ina chloch eibhir. Bhí faobhair agus imill leo. Ghluaiseadar isteach ina chéile gan cháim. Ba phléisiúr a bheith ag éisteacht leis, bua annamh a thug sé leis agus atá imithe uainn.
An tEisreachtach
Ba dhuine uasal, cuiditheach é Máirtín, agus scoláire mór.
Sheasfainn sa sneachta ag éisteacht leis an máistreacht chruinn, bhlasta, cheolmhar, fhileata a bhí aige ar an nGaeilge.
Suaimhneas síoraí go raibh aige.
Eoin Ó Murchú
Déanann Alan ealaíon dá chuid scríbhinn féin freisin. Alt iontach.
KH
Is féidir éisteacht leis thíos:
https://www.rte.ie/archives/2023/0224/1358654-lighthouse-families/
https://www.listennotes.com/podcasts/si%C3%BAlach-sc%C3%A9alach/si%C3%BAlach-sc%C3%A9alach-230619-B9RF7A-bZgl/