Máirtín Ó Direáin, Treasa Ní Mhiolláin agus oíche amhránaíochta i mBaile Átha Cliath

Thug an fonnadóir Treasa Ní Mhiolláin Máirtín Ó Direáin siar ar bhóithrín na smaointe oíche lena cuid fonnadóireachta...

Máirtín Ó Direáin, Treasa Ní Mhiolláin agus oíche amhránaíochta i mBaile Átha Cliath

Dealbh an Dhíreánaigh

Bhí cainteoirí dúchais Gaeilge le fáil go tréan chaon taobh de bhaile na Gaillimhe agus Máirtín Ó Direáin ina chónaí ann. Baile a bhí ann t-am sin, seachas cathair. Gaeilge a bheith ón gcliabhán aige a d’fhág gur éirigh leis post a fháil in Oifig an Phoist, áit a mbíodh an dá theanga á labhairt aige. I gcomhluadar Gael a bhíodh sé lasmuigh den oifig, idir aisteoirí na Taibhdheirce, aos léinn na hOllscoile agus lucht Chonradh na Gaeilge.

Ag bean arbh as Árainn í féin a d’fhan sé agus é ina chónaí ann. Má bhí saol an bhaile an-éagsúil le saol an oileáin faoin tuath, más ea, bhí an file in ann a theanga féin a labhairt ann ar a laghad ar bith, rud a bhainfeadh an faobhar dá chuid uaignis, b’fhéidir.

Nó má bhí cumha an deoraí air agus é lonnaithe i nGaillimh, ní léir an méid sin óna chuid luathphíosaí próis. Ba í Gaillimh baile mhuintir na tuaithe agus fios ag daoine cé thú féin agus cárbh as duit.

Pobal i bhfad níos pollta agus níos scaipthe a bhí roimhe ó thaobh na teanga de i mBaile Átha Cliath, baile mór a bhí ag iompú ina chathair, diaidh ar ndiaidh. Bhí athruithe eile seachas athrú teanga le sonrú ansin aige, áit a raibh sé ‘I measc na bplód gan ainm,/Gan ‘Cé dhár díobh é’ ar a mbéal/Ná fios mo shloinne acu’.

Is ann a luigh sé isteach ar an bhfilíocht, ag díriú ar Árainn a óige.

Má bhí blaiseadh den idéalú agus den mhaoithneachas ag roinnt lena chur síos ar an oileán ina chuid filíochta, ní fhágann sin nárbh ann don oileán sin agus é ina ógánach, faoi mar a thugtar le tuiscint uaireanta. D’fhágtaí doirse ar leathadh – fágtar fós i roinnt áiteanna – agus chuidíodh comharsana lena chéile, mar a chuidíonn fós. Léiriú dearfach a bhí aige ar an áit níos minice ná a mhalairt, rud a fhágann gur léiriú aontaobhach é, seachas léiriú míchruinn.

Léiriú é, mar sin féin, a bhain leis an saol mar a bhlais seisean é agus é ina ghasúr.

Rud eile ar fad is ea an t-athrú a tháinig ar shaol an oileáin agus é i mBaile Átha Cliath, agus an drogall a bhí ar an bhfile i dtús na haimsire aghaidh a thabhairt ar an méid sin, má thuig sé go raibh a leithéid ag tarlú. Is minic a dhéantar an dá rud a mheascadh suas, cé nach mar a chéile iad agus nach mbaineann siad leis an bhfeiniméan céanna.

Bíodh sin mar atá, ní hannamh ‘oileán na samhlaíochta’ a bheith á lua lena chuid filíochta, faoi mar a bhaineann sí le hÁrainn, agus roinnt tráchtairí den tuairim go raibh sé ag dul dian air léiriú iomlán cruinn den inis a thabhairt slán agus a áit dhúchais a ‘shealbhú’ mar is ceart.

Má tá bunús leis an áiteamh sin, shílfeá gur tháinig athrú ar an scéal nuair a chuala sé Treasa Ní Mhiolláin ag casadh oíche agus lucht Gaeltachta bailithe le chéile le corrstéibh d’amhrán a chloisteáil sa chathair aduain ‘fhallsa’. Mar seo a leanas a chuir an Direánach síos ar a cuid fonnadóireachta agus ar an ócáid lenar bhain sí:

Aréir ag oíche na Gaeltachta

In áras an cheoil

Thosaigh tú ag gabháil fhoinn

Is d’imigh mo smaointe ar fán

Chonaic mé Port Chonnla

Is port Bhéal an Dúin,

An Gleannachán a chonaic mé

Is an Choradh Dhubh thoir.

Chonaic mé Bungabhla,

Creig an Chéirín, is an Sruthán,

Eoghanacht taobh thiar de,

Is na seacht dteampaill ann;

Chonaic mé an Sraoilleán

Barr Aille is an tSrúill,

Is curach gona foireann

Ag teacht le cuan.

Fág freagra ar 'Máirtín Ó Direáin, Treasa Ní Mhiolláin agus oíche amhránaíochta i mBaile Átha Cliath'