Máirín Nic Dhonnchadha ceaptha ina ceannasaí ar Oireachtas na Gaeilge

Tiocfaidh Máirín Nic Dhonnchadha, atá ag obair leis an Oireachtas le breis is scór bliain, i gcomharbhacht ar Liam Ó Maolaodha, a chuaigh ar scor anuraidh

Máirín Nic Dhonnchadha ceaptha ina ceannasaí ar Oireachtas na Gaeilge

Tá sé fógartha gurb í Máirín Nic Dhonnchadha atá ceaptha ina Ceannasaí úr ar Oireachtas na Gaeilge.

Tiocfaidh Nic Dhonnchadha, atá ag obair leis an Oireachtas le breis is scór bliain, i gcomharbhacht ar Liam Ó Maolaodha, a chuaigh ar scor anuraidh.

Bhí Máirín Nic Dhonnchadha ag feidhmiú mar Stiúrthóir Gníomhach ó d’fhág Ó Maolaodha anuraidh agus d’fhógair Bord Stiúrtha an Oireachtais inniu go bhfuil sí anois ceaptha ina Stiúrthóir buan.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí le Máirín as a ceapachán úr mar Cheannasaí”, a dúirt Stiofán Ó Móráin, Cathaoirleach Bhord Stiúrtha an Oireachtais. “Tá tréimhse dhúshlánach amach roimh an Oireachtas agus níl aon dabht faoi ach go bhfuil an cur chuige, an paisean agus na hinniúlachtaí ag Máirín atá riachtanach chun an ról seo a chomhlíonadh go muiníneach, go fuinniúil agus go ceannródaíoch. Gabhaim buíochas léi as obair agus foireann na heagraíochta a stiúradh le bliain anuas. Thar ceann Bhord Stiúrtha an Oireachtais, guím gach rath uirthi sna blianta atá le teacht”.

Is as Béal an Daingin i nGaeltacht Chonamara do Nic Dhonnchadha. Thosaigh sí ag obair mar Riarthóir leis an Oireachtas sa bhliain 2000 agus ceapadh ina Leas-Stiúrthóir/Oifigeach Polasaí agus Straitéise í nuair a rinneadh ceanneagraíocht den Oireachtas sa bhliain 2014.

Rinne Máirín Nic Dhonnchadha an-obair le comórtais na dtaibhealaíon a fhorbairt ag Oireachtas na Samhna agus le ceangal a fhorbairt agus a threisiú le féilte Ceilteacha eile.

Cuirfear tús lena tréimhse oifigiúil mar Cheannasaí Dé Máirt seo chugainn, 17 Bealtaine 2022, tráth a mbeidh an tOireachtas ag comóradh 125 bliain a bhunaithe.

Beidh ócáidí comórtha in Óstán Gresham, Baile Átha Cliath, an tráthnóna sin, cothrom an lae ó bhí an chéad Oireachtas ann, chun an ócáid stairiúil a chomóradh.

Fág freagra ar 'Máirín Nic Dhonnchadha ceaptha ina ceannasaí ar Oireachtas na Gaeilge'

  • An Teanga Bheo

    Go néirí leat Máirín an Connachtach chun cinn, beir bua.