Maigh Eo agus Tír Eoghain ag dul chun páirce agus Babhta 1 na gcluichí cáilithe ag tosú

Is é an cluiche idir Maigh Eo agus Luimneach agus an ceann idir Tír Eoghain agus an Mhí coimhlintí móra an lae

Maigh Eo agus Tír Eoghain ag dul chun páirce agus Babhta 1 na gcluichí cáilithe ag tosú

Mattie Donnelly (Tír Eoghain) agus Cillian O'Connor (Maigh Eo). Pictiúir: INPHO

Cuirfear tús leis na babhtaí cáilithe i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann tráthnóna agus cuid d’fhoirne mór le rá na tíre ag dul chun páirce.

I Páirc na nGael a bheidh Maigh Eo i gcoinne Luimnigh. Is é seo an chéad uair ag Maigh Eo ag imirt i mBabhta 1 na mbabhtaí cáilithe ó 2010, nuair a chaill siad in aghaidh an Longfoirt.

Ní bheidh teacht ag Stephen Rochford ar Tom Parsons ná Diarmuid O’Connor, beirt a bhí ar an bhfoireann a chaill in aghaidh na Gaillimhe i gCraobh Chonnacht, ach ó tharla go bhfuil biseach tagtha anois ar Lee Keegan, ba dhóigh leat gur beag an baol go ndéanfaidh fir an iarthair praiseach de chluiche an lae inniu.

Tá cleachtadh acu ar na babhtaí cáilithe ó fheachtas na bliana seo caite agus cé nach raibh siad i mbarr a maitheasa agus iad ag dul tríd an gcúldoras anuraidh, rinne siad a ndóthain i gcónaí leis na haenna a thabhairt leo.

Is í an choimhlint idir Tír Eoghain agus An Mhí an cluiche mór eile tráthnóna. Tá lucht tacaíochta na Mí in ísle brí faoi láthair ó fuair Longfort an ceann is fearr orthu i gCraobh Laighean. D’imir siad dhá chluiche cáilithe i gcoinne Thír Eoghain le cúig bliana anuas agus cé nach raibh ach cúpla pointe eatarthu ag deireadh an dá chluiche sin, ba iad fir Mickey Harte a thug an lá leo in 2013 agus in 2015.

Cé gurb iad sin an dhá chluiche is mó a bhfuil caint fúthu, tá roinnt coimhlintí suimiúla eile ann tráthnóna chomh maith. Casfaidh Doire agus Cill Dara ar a chéile ar an Abhainn Bheag. Díbríodh Doire ó Roinn 3 i mbliana agus díbríodh Cill Dara ó Roinn 1, rud a fhágann nach mbeidh ceachtar foireann lán le muinín. Anois nó riamh atá i gceist don dá fhoireann seo mar sin agus fios maith acu nach bhfuil dul chun cinn mar ba chóir á dhéanamh acu.

Sa Mhuileann gCearr, casfaidh Ard Mhacha agus an Iarmhí ar a chéile sna babhtaí cáilithe den dara bliain as a chéile. Bhí an bua ag buachaillí Kieran McGeeney anuraidh ach níor mhór dóibh taispeántas i bhfad níos fearr a thabhairt uathu ná mar a thug siad i gcoinne Fhear Manach más fúthu cluiche an lae inniu a bhuachan.

Sna trí chluiche eile a imreofar tráthnóna, casfaidh Loch Garman agus Port Láirge ar a chéile i bPáirc Loch Garman, an chéad chluiche craoibhe riamh idir na comharsana seo, imreoidh Uíbh Fhailí sa bhaile in aghaidh Aontroma agus beidh An Cabhán ar cuairt ar Eachroim. Ba cheart go dtiocfadh na hUltaigh slán sa gcluiche sin agus seans go mbeidh an bua ag na foirne baile sa dá chluiche eile.

Is amárach a bheidh an t-ochtú gcluiche i mBabhta 1, agus An Lú ag triall ar Ruislip chun Londain a imirt. Bhí daoine den tuairim go n-éireodh le Londain an ceann is fearr a fháil ar Shligeach i gCraobh Chonnacht agus cé nach ndearna siad an beart sa deireadh, beidh seans níos fearr fós acu bua a fháil tráthnóna.

Dé Sathairn, 9 Meitheamh

Loch Garman v Port Láirge – Páirc Loch Garman, 1.30i.n.

Doire v Cill Dara – Abhainn Bheag, 3.00i.n.

An Mhí v Tír Eoghain – Páirc Tailteann, 5.00i.n. (Beo ar Sky Sports)

Luimneach v Maigh Eo – Páirc na nGael, 6.00i.n.

Uíbh Fhailí v Aontroim – Páirc Uí Chonchúir, 6.00i.n.

Cill Mhantáin v An Cabhán – Eachroim, 6.00i.n.

An Iarmhí v Ard Mhacha – Páirc Uí Chíosóg, 7.00i.n.

Dé Domhnaigh, 10 Meitheamh

Londain v An Lú – Ruislip, 2.00i.n.

Fág freagra ar 'Maigh Eo agus Tír Eoghain ag dul chun páirce agus Babhta 1 na gcluichí cáilithe ag tosú'