Macron ag súil le buntáiste na hEorpa ag baile

Níl amhras ar bith ach go mbainfidh Macron chuile dheis as a thréimhse mar uachtarán ar an Aontas Eorpach/Chomhairle na hEorpa lena sheasamh féin a neartú roimh thoghchán sa mbaile

Macron ag súil le buntáiste na hEorpa ag baile

Chuir Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron fís a rialtais dá n-uachtaránacht ar Chomhairle na hEorpa as seo go mí an Mheithimh os comhair na Parlaiminte in Strasbourg an tseachtain seo. Ní haon rún é go bhfuil fonn ar Macron, a chreideann go láidir in aontú breise ag leibhéal an Aontais, brú ar aghaidh le moltaí leis an Aontas a neartú. Chuir sé a chás i láthair na bhFeisirí Eorpacha ach sa deireadh ba gheall le díospóireacht i bParlaimint na Fraince an plé.

Teastaíonn ó Macron go mbeadh an tAontas níos aontaithe agus níos láidre. Tá téarnamh ón ngéarchéim sláinte le déanamh agus cinntí le déanamh faoi bhreis aontaithe. Dúirt sé go gcaithfidh an tAontas Eorpach a thabhairt le fios in 2022 go bhfuil sé cumhachtach agus dlús a chur le polasaí slándála nó cosanta nua. Ní leor Aontas atá bunaithe ar chomhoibriú taobh istigh dá chuid teorainneacha níos mó, ar sé. Caithfear glór níos aontaithe a chloisteáil ón eagraíocht a léireoidh go bhfuil smacht aici ar a cinniúint agus go bhfuil sí in ann a cuid roghanna féin a dhéanamh, a dúirt sé. Ba chóir go ndéanfaí plé níos oscailte leis an Rúis ag an leibhéal idirnáisiúnta, arsa Macron.

Teastaíonn uaidh go gcuirfí cearta breise le Cairt Chearta an Duine ag leibhéal na hEorpa, go háirithe cearta a bhaineann le ginmhilleadh agus cúrsaí comhshaoil. Teastaíonn uaidh freisin na rialacha a bhaineann le heasnaimh bhuiséid a leasú. Ar cholbha thiar an Aontais, deir Macron go gcaithfear seasamh láidir a ghlacadh i leith na Breataine. Bhí sé thar a bheith cáinteach ar sheasamh na Breataine i leith na n-imirceach ar Mhuir nIocht. Caithfear aghaidh a thabhairt ar easpa comhionannais san Aontas, a dúirt Uachtarán na Fraince.

Tá an tAontas faoi bhrú le tamall de bhlianta, idir an Breatimeacht agus Covid-19. Ní fada roimhe sin a bhí an ghéarchéim airgeadais ann. Teastaíonn ó Macron a chinntiú go gcuirfidh an tAE na laethanta dorcha seo de. Ceann de na dúshláin eile atá le sárú ná tíortha cosúil leis an bPolainn agus an Ungáir a bheith ag tabhairt dúshlán na gcoinníollacha maidir le cearta an duine a théann le ballraíocht san Aontas Eorpach. An cheist mhór le linn uachtaránachta na Fraince ar an Aontas as seo go samhradh, cé mhéad dá chuid oibre a bheidh faoi anáil thoghchán uachtaránachta na Fraince?

Deis iontach é do Macron, atá á chur féin chun cinn mar cheannaire atá báúil leis an Eoraip, go bhfuil sé ina cheannaire ar Chomhairle na hEorpa sna míonna céanna a bhfuil toghchán uachtaránachta á reáchtáil sa bhFrainc. Dá réir sin ceistíodh go géar é in Strasbourg an tseachtain seo. Iarrthóir na nGlasach sa toghchán uachtaránachta céanna, Yannick Jadot, b’fhíochmhaire lena chuid ceisteanna. Dúirt sé go lom go bhfuil Macron freagrach as bás daoine a bhíonn ag iarraidh an Mhuir nIocht a thrasnú le dul chun na Breataine. Cháin sé freisin é as na campaí do theifigh atá ar thalamh na Fraince.

Ba dheacair uaireanta an deighilt idir polaitíocht na hEorpa agus polaitíocht na Fraince a fheiceáil sa díospóireacht. Níl amhras ar bith ach go mbainfidh Macron chuile dheis as a thréimhse mar uachtarán ar an Aontas lena sheasamh féin a neartú. D’fhógair sé an tseachtain seo go bhfuil cruinniú mullaigh urghnách le reáchtáil i bPáras i mí an Mhárta. Cé mhéad de sin a bhainfidh le cur chun cinn an Aontais agus cé mhéad a bhainfidh le deis a thabhairt do Macron a cháil mar cheannaire domhanda a neartú?

Fág freagra ar 'Macron ag súil le buntáiste na hEorpa ag baile'