‘Machnamh’ á dhéanamh ag comhairle cathrach faoi bhreithiúnas dlí go gcaithfidh siad eolas a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge

Tá go dtí an 15 Márta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste cáipéisí a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge a bhain le cinneadh na comhairle stop a chur le comharthaíocht dhátheangach san Olympia, ionad fóillíochta in iarthar na cathrach

‘Machnamh’ á dhéanamh ag comhairle cathrach faoi bhreithiúnas dlí go gcaithfidh siad eolas a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge

Tá a “machnamh” á dhéanamh ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste faoi bhreithiúnas bhinse faisnéise i mBéal Feirste gur chóir don Chomhairle eolas a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge, eolas a lorgaíodh faoin reachtaíocht saoráil faisnéise breis agus dhá bhliain ó shin.

Sheas an binse de chuid na gCúirteanna Breithiúnais Ríoga le hachomharc Chonradh na Gaeilge i gcoinne chinneadh Choimisinéir Faisnéise Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste gan comhairle dlí a chur ar fáil, comhairle a bhain le comharthaíocht dhátheangach a bheith san ionad fóillíochta, an Olympia Leisure Centre, i mBéal Feirste.

De réir an bhreithiúnais, tá go dtí an 15 Márta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste chun na cáipéisí cuí a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge.

Dúirt urlabhraí ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste le Tuairisc nach raibh aon chinneadh déanta ag an Chomhairle faoi na cáipéisí a chur ar fáil.

“Tá an Chomhairle ar an eolas faoi chinneadh an bhinse faisnéise. Tá machnamh á dhéanamh againn faoin chinneadh ina iomláine agus níl aon ráiteas eile le déanamh ag an Chomhairle ag an phointe seo,” a dúradh.

Chinn an binse an mhí seo seasamh le hiarratas Chonradh na Gaeilge go gcuirfí ar fáil dóibh an chomhairle dlí a fuair Comhairle Cathrach Bhéal Feirste faoin chomharthaíocht dhátheangach. Tugadh éisteacht d’fhinnéithe ón dá thaobh ag Ionad Éisteachta Binse an mhí seo caite.

I mí Feabhra 2022 a rinne Conradh na Gaeilge iarratas faoin reachtaíocht saoráil faisnéise chuig Comhairle Cathrach Bhéal Feirste faoin chomhairle dlí a fuair an Chomhairle sular cuireadh ar ceal pleananna chun comharthaíocht dhátheangach a bheith san Olympia.

Bhain an chomhairle dlí sin leis an úsáid a bhain an DUP as an ‘call in’ nó an ‘glaoch isteach’ chun stop a chur le cinneadh go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach in Ionad Fóillíochta an Olympia in iarthar Bhéal Feirste.

Is féidir ‘glaoch isteach’ a chur síos nuair a cheapann 15% de na comhairleoirí nár tháinig an Chomhairle ar chinneadh ar an bhealach ceart nó má cheaptar go ndéanfadh an cinneadh dochar do chuid den phobal.

Cuireadh ar ceal cinneadh a rinne coiste de chuid na Comhairle i mí Mheán Fómhair 2021 comharthaíocht dhátheangach a chuir in airde san Olympia.

An chomhairle dlí a fuair Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ná go raibh na critéir chuí comhlíonta ag an DUP agus go bhféadfadh comharthaí dátheangacha “dochar díréireach” a dhéanamh do “chuid amháin de mhuintir an cheantair”.

Níor foilsíodh riamh an réasúnú ba bhonn leis an chinneadh sin agus diúltaíodh d’iarratas a rinne Conradh na Gaeilge ar an eolas sin.

Thacaigh PILS [Tacaíocht Dlithíochta ar mhaithe le Leas an Phobail], a chabhraíonn le heagraíochtaí cásanna a thabhairt chun leasa an phobail, agus CAJ, eagraíocht cearta daonna, leis an chás a thug Conradh na Gaeilge.

Ba eolas “ar leas an phobail” a bhí sa chomhairle dlí, dar le Conradh na Gaeilge agus tagraíodh le linn na héisteachta don Chairt Eorpach Um Chearta Teangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh agus do pholasaí teanga sa Bhreatain a thacaíonn le comharthaíocht i dteangacha eile a bheith le feiceáil in áiteanna poiblí.

Mar chuid de na hargóintí a chuir an Chomhairle faoi bhráid an bhinse, maíodh gur “céim i bpróiseas rialtais” a bhí sa chomhairle dlí agus go raibh “pribhléidí dlíthiúla” i gceist dá bharr.

Ag an éisteacht an mhí seo caite, ba i nGaeilge a bhí na ráitis tosaigh a rinne Claire Donnelly, Príomhoide Scoil an Droichid, Seán Ó hEacháin, Ceann Roinn na Gaeilge i gColáiste Feirste, Eoghan Ó Gormaile, Oibrí Pobail i nGlór na Móna, agus Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga Chonradh na Gaeilge.

Measadh gurb é sin an chéad uair ar labhair finnéithe an Ghaeilge go hoifigiúil sna cúirteanna i mBéal Feirste ó tugadh isteach an tAcht um Riarachán Ceartais (Teanga).

Dúirt Conradh na Gaeilge faoin bhreithiúnas gur lá iontach a bhí ann don “trédhearcacht”, don “chomhionannas, don daonlathas agus don Ghaeilge”.

Deir an eagraíocht gurb é “bun agus barr an scéil” gur athraigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a cinneadh comharthaí dátheangacha a chur in airde i sólann an Olympia mar thoradh díreach ar an cháipéisíocht dhlíthiúil seo.

Fág freagra ar '‘Machnamh’ á dhéanamh ag comhairle cathrach faoi bhreithiúnas dlí go gcaithfidh siad eolas a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge'