Macallaí Kingstown fós i nDún Laoghaire ríoga

Go dtí an lá inniu tá iarsmaí fós le feiceáil den cheangal láidir a bhí idir Chlann Ríoga Shasana agus baile Dhún Laoghaire

Macallaí Kingstown fós i nDún Laoghaire ríoga

Halla an Chontae, Dún Laoghaire

Nuair a d’fhág mise agus scata cairde Éire den chéad uair, bhíomar ar ár mbealach go Londain chun an samhradh a chaitheamh ag obair in óstán an Regent Palace.

Ní cuimhin liom anois cén t-údar a bhí leis an gcinneadh gur ar an mbád a dhéanfadh muid an turas. Ach an uair sin, ba ghnách le hÉireannaigh taisteal go Sasana ar an mbád agus an traein a fháil nuair a leaindeáil siad in Holyhead (Caergybi). Nuair a dhúisigh siad an mhaidin dár gcionn ar an traein, bhíodar i Stáisiún Euston i Londain.

Bhí seachtar nó ochtar againn ag taisteal le chéile agus ní mórán cur amach a bhí ag duine ar bith againn faoi nósanna taistil nó faoin gcaoi a mbainfeadh muid an t-óstán amach.

Thairg fear ard deisbhéalach cúnamh dúinn agus stiúir sé muid an bealach ar fad as Dún Laoghaire go dtí oifig an bhainisteora óstáin i bPiccadilly. (An t-aon dris chosáin ná gur caitheadh amach as an gcarráiste céad ghrád muid ag stáisiún Crewe.)

Dúirt ár gcara nua linn go raibh sé mór le Prionsa Séarlas Shasana agus go rabhadar ag an scoil le chéile.

Bhí an Prionsa Séarlas agus teaghlach ríoga Shasana go mór sa nuacht na laethanta sin agus mheas muide go raibh sé ceart agus cóir go mbeadh duine dá leithéid ann chun cabhrú le mná óga ón mbád as Dún Laoghaire.

An uair úd ba mhinic daoine fós ag úsáid na sean-logainmneacha in áiteacha éagsúla thart ar Bhaile Átha Cliath. B’fhéidir go sleamhnódh corr-‘Kingstown’ ó bhéal tiománaí tacsaí ar an gcaoi chéanna is a déarfaidís ‘The Bridge’ le haghaidh ‘Kingsbridge,’ sean-ainm Stáisiún Heuston.

Go dtí an lá inniu tá iarsmaí fós le feiceáil den cheangal láidir a bhí idir teaghlach ríoga Shasana agus baile Dhún Laoghaire. Sna seachtóidí bí cinnte go n-aireodh cara le Prionsa Séarlas ar a chompord i mbaile a raibh áitainmneacha ar nós ‘Victoria’ ‘George,’ ‘King’, ‘Prince Edward’ agus a leithéidí,’ fós le feiceáil chuile áit ann.

Coinníodh roinnt mhaith de na háitainmneacha sin – go deimhin tá an Charraig Dhubh, áit a bhfuilim féin, lán leo freisin.

Sa mbliain 1920, i lár Chogadh na Saoirse, tógadh cinneadh ag cruinniú de Chomhairle Bhaile Kingstown, go n-athrófaí ainm an bhaile feasta go ‘Dún Laoghaire’. Bhí sé i gceist ag an gcomhairle an ócáid sin a chomóradh céad bliain ina dhiaidh sin (in 2020) ach tháinig cúrsaí eile sa mullach orthu agus tá an t-athrú á chomóradh bliain ina dhiaidh sin le taispeántas sa leabharlann sa ‘Lexicon’, an foirgneamh is nuálaí ar fad i nDún Laoghaire.

Seans maith gur leagan éigin de Dhún Laoghaire a bhí ar an mbaile an chéad uair. Luaitear ‘Dunleary’ go minic i seancháipéisí agus ceaptar go raibh dún ann tráth ag taoiseach áitiúil darbh ainm Laoghaire.

An radharc ón leabharlann i nDún Laoghaire

Tá léarscáil ann ó 1728 a thaispeánann baile beag iascaigh a raibh caladh ciúin, teach caifé agus mianach salainn ann. Fiú amháin an uair sin, bhí dúil againn sa chaife!

Ní mór cuimhneamh go mbíodh na bailte beaga cósta sin scoite amach óna chéile – ní go dtí i bhfad ina dhiaidh sin, a tógadh an bóthar a ritheann cois cósta ón gCarraig Dhubh go Dún Laoghaire agus amach uaidh sin go Deilginis.

Baisteadh an t-ainm den chéad uair in ómós rí Shasana nuair a thug Seoirse IV cuairt ar an mbaile in 1821. ‘Kingstown’ a bhí air feasta. Tógadh an chéad bhóthar iarainn in Éirinn go gairid ina dhiaidh sin – in 1834 agus chuaigh sé ó Bhaile Átha Cliath amach chomh fada le Kingstown agus cuireadh tús ansin le ré órga an bhaile mar bhaile turasóireachta agus mar áit bhreá le dhul chun cónaí ann.

Ceann de na gnéithe suntasacha sa taispeántas ná an bailiúchán cártaí poist – úsáidtear iad siúd chun an stair a inseacht. Toisc gur baile cósta, baile saoire agus baile a raibh calafort le haghaidh longa fartha ann tráth, bhíodh daoine ag ceannach cártaí poist ann chun an turas a chomóradh.

Tógadh óstáin bhreátha, tithe galánta ósta, clubanna seoltóireachta agus linn snámha farraige den scoth ann, mar a raibh linn do mhná agus ceann d’fhir agus ceann speisialta ann do pháistí. Bhí seomraí tae agus sólaistí eile le fáil ann freisin. Tógadh páirc phoiblí chomh maith le cuimhneacháin anseo is ansiúd ar na turais éagsúla a thug baill den chlann ríoga ar an mbaile.

Bhí Seoirse IV ar an gcéad rí ar Shasana a thug cuairt anall, ansin thug an bhanríon Victoria ceithre chuairt, bhí Edward VII ann trí huaire agus tháinig Seoirse V aon uair amháin. Nuair a tháinig Seoirse V go dtí an ceantar, tógadh clós súgartha do pháistí ar an gCarraig Dhubh in onóir na cuairte. Ní fheicim aon rian de anois.

Ach in go leor de na cártaí poist, feictear an fuarán uisce atá déanta as miotal a crochadh in onóir don chuairt dheireanach a thug Victoria air. Baineadh anuas é ar feadh roinnt mhaith blianta toisc go raibh damáiste á dhéanamh dó go minic ag lucht agóide. Ach le blianta beaga anuas, fuair an Chomhairle macasamhail déanta arís agus crochadh é, agus é péinteáilte go breá agus lasta suas san oíche, ag ceann an chosáin ag an bpríomh-chrosbhóthar i nDún Laoghaire.

Thug mé faoi deara gur athraigh an Cóbh, i gCorcaigh, a ainm an tseachtain chéanna is a d’athraigh Dún Laoghaire. Ar an Aoine an 2 Iúil 1920 a d’athraigh Queenstown a ainm go An Cóbh – tugadh ‘Queenstown’ air an chéad uair in ómós don bhanríon Victoria a leaindeáil ansin ag tús a cuairte sa mbliain 1849 – chuaigh sí go Port Láirge ansin sular chríochnaigh sí i nDún Laoghaire.

Agus mé ag smaoineamh siar ar mo thuras beag féin mar imirceoir séasúrach sna seachtóidí, agus muide ag seoladh ar an ‘mbád bán’ in éindí leis na céadta eile a mb’éigean dóibh imeacht ar thóir oibre, tháinig mé ar bhlúire beag eile eolais.

Idir na blianta 1824 agus 1837, bhí long cháiliúil eile le feiceáil sa chalafort. An long mhór ‘Essex’ a bhí ann agus is éard a bhí inti ná áit ‘choinneála’ do na céadta príosúnach a gabhadh agus a bhí le cur thar lear, ó Kingstown agus ansin, Queenstown, anonn go dtí an Astráil. Os cionn 5,000 príosúnach, fir, mná agus páistí a chaith seal ar an ‘Essex’ agus iad ag fanacht ar a ndíbirt.

Sa mbliain 1848, bhí fear darbh ainm John Mitchel ar dhuine de na sluaite sin a bhí coinnithe in Oifigí na Dleachta in Kingstown agus é ag fanacht le tús a chur lena thréimhse géibhinn i Van Diemen’s Land.

Fág freagra ar 'Macallaí Kingstown fós i nDún Laoghaire ríoga'

  • Des O Murchu

    Gan aon cheangail baid anois Dun Laoghaire Holyhead, bfeidir baid thapaigh Arainn a chuireadh seirbhis ar fail aris??

  • An tEisreachtach

    Ba cheart an litriú a athrú go Dún Laoire.