Mac Dara, naomhphátrún pharóiste Mhaírois á cheiliúradh inniu

Críostaí nó aindiachaí rachaidh pátrún Mhic Dara i bhfeidhm ort, an turas go dtí an t-oileán sceirdiúil, an t-aifreann á léamh i dteanga ársa na nGael, ná báid ar ancaire agus na faoileáin ag coinneáil comhcheoil le briathra an tsagairt

Mac Dara, naomhphátrún pharóiste Mhaírois á cheiliúradh inniu

Tá Lá Fhéil’ Mhic Dara á chomóradh inniu i bparóiste Mhaírois – paróiste Charna anois – mar a rinneadh leis na cianta.

Más Críostaí nó aindiachaí thú chaithfeadh pátrún Mhic Dara a dhul i bhfeidhm ort—an turas go dtí an t-oileán sceirdiúil, an t-aifreann á léamh i dteanga ársa na nGael, ná báid ar ancaire agus na faoileáin ag coinneáil comhcheoil le briathra an tsagairt.

Is é Mac Dara naomhphátrún an pharóiste seo. Bhí an-mhuinín ag na daoine as i gcónaí, go mór mór lucht farraige. D’íslíodh siadsan na seolta agus iad ag dul thar an oileán le hómós dhó agus is iomaí scéal a bhí acu faoin gcaoi ar shábháil Mac Dara iascairí a bhí i mbaol ar farraige.

“Faoi choimrí Dé, Mhic Duach, Mhic Dara agus Cholm Cille sibh, a leainíní, agus go dtuga Dia slán abhaile sibh,” a deireadh mo mháthair nuair a bhíodh muid ag fágáil an tí le dhul ag an scoil fadó.

Ach má bhí muinín ag daoine as cumhacht an naoimh is cosúil go raibh nósanna págánacha ina gcuid de scéal an oileáin freisin. Dúirt an scríbhneoir Gaeltachta, Ruairí Ó Flaithearta, an méid seo a leanas sa leabhar a scríobh sé sa mbliain 1684: “This island is an inviolable sanctuary dedicated to MacDara, a miraculous saint, whose chappell is within it, and where his statue of wood for many ages stood, till Malachias Queleus, the Archbishop of Tuam, caused it to be buried under ground for special weighty reason.”

Sa seachtú céad déag a bhí Maolseachlainn Ó Cadhla ina Ardeaspag ar Thuaim. Bheadh bá aigeasean le Conamara mar gurbh iad an dream a tháinig roimhe, na Cadhla, a bhí i gceannas ar Chonamara go dtí gur chuir na Flaitheartaigh as seilbh iad sa mbliain 1238.

Creideadh go láidir go raibh Naomh Mac Dara in ann daoine a thabhairt slán ach ceapadh freisin go bhféadfaí cantal a chur air. Mhéadaigh an creideamh sin go mór nuair a bádh ochtar amach ó Mhaínis Lá Fhéil’ Mhic Dara na bliana 1907. Bhí an fear a bhí pósta ag duine de mo mhuintir féin ar dhuine acu.

D’fhág sé bean agus beirt ghasúr lag ina dhiaidh agus an saol go dona ag an am. Ní raibh aon chaint an uair sin ar phinsean na mbaintreach ná ar liúntas leanaí. Mar bharr ar an scéal truamhéalach bhí páiste eile ar an mbealach.

Blianta ina dhiaidh sin tháinig bean ar thuairisc an fhir seo a bádh. Bhí máthair an tiománaí sa gcarr -an páiste a bhí ar an mbealach an lá ar bádh a hathair. Thaispeáin mé an áit di a raibh a hathair agus a máthair ina gcónaí. Is é an scioból beithíoch é atá againne inniu.

Bhí scéal i measc an phobail anseo le fada nach mbáfaí an t-ochtar murach gur athraíodh an comóradh ‘an bhliain sin’ as Oileán Mhic Dara go Maínis. Olc a bhí ar Naomh Mac Dara dá bharr, a dúradh. Ní dhéarfaidh mé tada faoi olc a theacht ar naomh agus daoine a bhá ach déarfaidh mé an méid seo, níorbh í sin an chéad bhliain a raibh pátrún i Maínis Lá Fhéil’ Mhic Dara.

 An bhliain roimhe sin tháinig an fear ba chumhachtaí in Éirinn ag an am, an Lord Lieutenant, go Conamara. Casadh go Carna é agus thug an Sagart Paróiste isteach go Maínis é go bhfeicfeadh sé na cleasa lúith.

De réir na dtuairiscí a foilsíodh ar na nuachtáin bhain sé an-sásamh as an lá.

Fág freagra ar 'Mac Dara, naomhphátrún pharóiste Mhaírois á cheiliúradh inniu'