Má tá tú róleisciúil le húrscéal Gaeilge a léamh tú féin, seo ‘satnav’ breá duit…

Sa mhír seo molann Alan Titley leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa 

Má tá tú róleisciúil le húrscéal Gaeilge a léamh tú féin, seo ‘satnav’ breá duit…

Ceart go leor mar sin. Tú róleisciúil le húrscéal a léamh. B’fhearr leat ligean le taoide na teilifíse gabháil thart ort agus os do chionn. Ach tá cleas eile ann. Is é sin, léamh mar gheall ar na húrscéalta nach léifidh tú. Is é sin treoir an ghaotaire a fháil agus a bheith in ann a ligean ort go bhfuil tú chomh heolgaiseach le saineolaí ar bith eile.

Bhí aithne agam ar léachtóir le Béarla i Sasana a thugadh cúrsaí uaidh go fileanta ar úrscéalta Charles Dickens, ach a mhaígh nár léigh sé riamh iad. (Tá Dickens 150 bliain faoin bhfód i mbliana, agus aistriúcháin dá shaothar déanta ag lucht saothraithe an Ghúim agus iad fíormhaith, leis, go háirithe David Copperfield, lán 1,000 leathanach éigin de le Seán Ó Ruadháin.)

Bhí léachtaí mo dhuine bunaithe go hiomlán ar léirmheasanna agus ar chriticeoirí. Ráinig gur buaileadh breoite é agus gur tugadh bronntanas d’úrscéalta Dickens dó a léigh sé san ospidéal. ‘Ó,’ ar seisean, ‘níor shíleas riamh go raibh sé chomh maith sin!’

Ní chuige sin nár cheart duit leabhair a léamh i dtaobh na litríochta, ach rabhadh is foláireamh atá ann.

Ina choinne sin agus thall, is minice ná a chéile gurb é an saothar is fearr mar gheall ar an litríocht an ceann a thabharfaidh treoir duit fan na slí. Sa chás is go gcuirfeadh téarmaíocht chriticiúil as duit fág uait í i leataoibh an bhealaigh bhig sa phróca sin le hais an dorais agus tóg suas an blonag.

B’fhéidir go mbeadh amhras ar an ngnáthléitheoir, nach bhfuil aon rud ‘gnách’ ag baint leis, nuair a chífeadh sé nó sí Clocháin sa Scoilt: an tÚrscéal Iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge (Coiscéim €10) le Thaddeus Ó Buachalla mar theideal ar leabhar. Tosnóidh focail ag casadh is ag tuairteáil san inchinn laistigh mar gheall ar nua-aoiseachas, iar-nua-aoiseachas, meánaoiseachas, idiraoiseachas agus naí-aoiseachas agus rithfidh de sciuird an doras amach.

Ná bac san.

Ceart go leor, má tá suim agat sna díospóireachtaí cúnga a tharla sna tíortha rófhorbartha timpeall ar an gcritic agus ar an bhfealsúnacht mhaoth le glúin anuas ina raibh Lacan agus Levi-Strauss agus Barthes agus Bakhtin ag imirt in aghaidh a chéile ar son corn páipéir an domhain, gheobhaidh tú léargas thar a bheith soiléir sa réamhrá atá leis seo.

Go deimhin, is léiriú follasach inleanta í an chaibidil chéanna don té nár ghabh ag iomrascáil ina eangach cheana.

Ach más fearr leat an t-úrscéal amh féin gan siúcra na critice á chaitheamh air, gabh díreach go dtí na caibidlí a leanann.

Cuir i gcás nár léigh tú L’Attaque Eoghain Uí Thuairisc riamh, úrscéal mar gheall ar éirí amach 1798 inar chaill Maigh Eo arís. Scéal fileata coscrach eachtrúil agus gur mhaith leat dul ina chroí, léigh leat an chaibidil anseo agus tabharfaidh sé méar mhaith ar eolas duit. Mar a chéile, abraimis, An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil, leabhar a mbítear ag caint faoi ach gur beag an léiriú atá tugtha air go soiléir seachas anseo.

Tá anseo, léamh soiléir intuigthe solasmhar i gcás úrscéalta eile ar nós Kinderszenen, nó tríológ Shéamais Mhic Annaidh, nó An Béal Bocht féin. Treoraí den scoth is ea Ó Buachalla, fág an trealamh léirmheastóireachta id aice nó fad seacht léig farraige uait. Bíodh seo mar threoir agat agus ní gá bacadh leis an gcolún seo feasta.

Ach an oiread le Úrscéalta na Gaeilge in eagar ag Ronan Doherty, Brian Ó Conchubhair agus Philip O’Leary (CIC €20) ar leabhar faisnéise de shaghas eile atá ann, tugann treoir bhóthair nó satnav féin duit d’úrscéalta a meastar iad a bheith go maith beag beann ar chách a chéile.

Deir an t-eagarthóir liom fógra rabhaidh a thabhairt go bhfuil ábhar liom féin i gceist sa dá shaothar, ach ní thabharfainn aon aird air siúd.

Fág freagra ar 'Má tá tú róleisciúil le húrscéal Gaeilge a léamh tú féin, seo ‘satnav’ breá duit…'

  • Seanán Ó Coistín

    Do cheannaigh mé David Copperfield arna aistriú ag Seán Ó Ruadháin. Is leabhar thar a bheith toirtiúil é. Dáiríre, tá sé rómhór mar leabhar. Is maith liom an leagan Gaeilge a chur i gcomórtas leis an leagan Béarla chun nathanna sa Ghaeilge a cheadú sa Bhéarla. Is é an t-adhmad a bhain mé as ná go gur éirigh leis an Ruadhánach an scéal a chur in iúl ar bhealach níos soiléire ná mar ar éirigh le Dickens é. Níl an scéal féin suimiúil ach tá an Ghaeilge thar barr. Seo a leanas sampla den scoth ó lámh an Ruadhánaigh.

    “Go mba seafóideach an rud é go mbeadh Clár na Cúirte, ina raibh uacht gach duine a d’fhág oidhreacht ar bith ina dhiaidh le trí chéad bliain i bproibhinse mhóir Chanterbury, go mbeadh sin i dteach nach ndearnadh le haghaidh na hócáide, teach a bhí ar léas ag na cláradóirí le hairgead a dhéanamh air iad féin, teach nach raibh sábháilte, gan fiú fios acu nárbh fhéidir le tine rith air, teach a bhí lom-lán de scríbhinní chomh tábhachtach sin, agus nach raibh ann ag na cláradóirí céanna ach airgead an phobail a chur ina bpóca féin ina tháillí móra agus uachta an phobail a shacadh i ngach áit darbh fhéidir leo a gcur as a lámha go saor.”

    An leagan bunaidh sa Bhéarla:
    ” that perhaps it was a little nonsensical that the Registry of that Court, containing the original wills of all persons leaving effects within the immense province of Canterbury, for three whole centuries, should be an accidental building, never designed for the purpose, leased by the registrars for their Own private emolument, unsafe, not even ascertained to be fire-proof, choked with the important documents it held, and positively, from the roof to the basement, a mercenary speculation of the registrars, who took great fees from the public, and crammed the public’s wills away anyhow and anywhere, having no other object than to get rid of them cheaply.”