Tá bánú na tuaithe go mór sa nuacht ó chraol RTÉ clár Richard Curran faoin drochbhail atá ar bhailte beaga ar fud na tíre cheal daoine óga, fostaíocht mhaith ná seirbhísí. Tharlódh go gceapfadh daoine sna cathracha go bhfuil talamh agus tithe ag imeacht boicstí thart anseo agus shocraigh mé comhairle gan iarraidh a chur orthu sula dtiocfaidís an bealach.
1. Beannú: Bíodh tú i d’aindiachaí má thograíonn tú ach má bhímse sa ngarraí, bail ó Dhia ort mo bheannacht ach sa gcás go mbím díomhaoin, déanfaidh Dia Duit cúis. Cuir bail ó Dhia ar mo pháiste, mo bhó agus mo chuid oibre ach ná cuir aon trioblóid ar Dhia faoin madra. Má abraíonn mise go bhfuil an lá go breá, níl tuairisc meitéareolaíochta uaim a bhréagnós mé. Má d’fhuadaigh an gála an tslinn de mo theach aréir ná habair liom gur aoibhinn leat an fharraige cháite agus síonaíl na gaoithe.
2. Gairdín: údar bróid againne plásóigín mhín ghlas a bheith os comhair an tí. Caitheann muid cuid mhór ama á peáirteáil agus á baint. Oilbhéas dochar an lomaire féir don timpeallacht a lua linn agus gnóthaí gan iarraidh a bheith ag inseacht dúinn faoin leigheas agus an fuinneamh atá sa neantóg agus ag brú bealaí orainn lena bruith. Dún do shúile ar an gcrúsca Slugit atá caite faoi mo chosa. Ná hinis dom cé mhéad tonna glasraí a d’fhásfadh an cúilín féaraigh sin. Ní nós linn an geata a dhúnadh ach ní hin le rá go bhfuil cead ag do mhadra cac ag mo dhoras ná do bhó siúl ar an bhféar mín sin.
3. Madraí: Caithfidh chuile theach cúpla madra a bheith ceangailte le binn an tí ar phíosa de théad agus gan de phléisiúr ina saol ach a bheith ag tafann – ar chuile scáil, chuile sholas, chuile thorann agus iad faoi gheasa na madraí eile ar fad atá sa ngéibheann céanna a fhreagairt. Go bhfóire Dia ort má tá uisce in aice leat mar cloisfidh tú an macalla freisin. Ní madraí iad seo a thugtar ag siúl ach baineann siad siúl as a gcuid úinéirí mar caithfidh siad breathnú amach le chuile uallfairt.
4. Bruscar: Is aoibhinn linn an ghlaineacht faoin tuath – Mr. Clean ar chuile dhromchla, an clós agus an carr sciomartha. Ach bí cúramach a chuairteoir, d’fhéadfadh feaig deargtha tú a bhualadh sa smut as an gcarr atá romhat ar an mbóthar. Is breá linn tránna, áit bhreá leis an mbruscar uilig atá sa gcarr agus na buiteanna bréana sin uilig as an luaithreadán a fholmhú amach ar an gcúlráid agus clúidín an pháiste a fhágáil ag na faoileáin. Tá an-mheas againn ar na mairbh, cuireann muid bláthanna gleoite ar a n-uaigh agus ansin caitheann muid amach thar an gclaí na potaí agus an plaisteach ildaite.
5. Sclaigeanna: Fainic aon áit a bhfeiceann tú sconsa, draein ná teach nua á dhéanamh mar chuile sheans go mbeidh sclaigín dheas chruinn ar an mbóthar ag fanacht le croitheadh maith a thabhairt do do bholg.Tá beagán den draíocht nó den ábhaillí ag baint leis na sclaigeanna seo mar an ceann a bheas taobh thoir inniu tharlódh gur taobh thiar a bheidh sí amárach agus caithfidh tú teaicticí seachanta eile a úsáid. Má bhí sí líonta ag duine grá-diaúil éigin agus tú ag dul ag obair ar maidin, bí cinnte go bhfuil an gaineamh séidte faoi thráthnóna.
6. Tarracóirí: Comhartha treallúis agus fearúlachta í an tarracóir thart anseo fós agus beidh an fear maith in airde uirthi le héirí na gréine. Ar nós na n-éan is mó a glór ar maidin agus is annamh a fheiceann an tiománaí tusa taobh thiar dó. Mar sin ná bíodh aon deifir ort (má bhíonn iompair go ciúin í) agus ar chraiceann do chluaise ná bíbeáil air mar d’fhéadfadh sé staic a dhéanamh i lár an bhóthair. Fainic an mbeadh an oiread de smál ort agus go luafá lorg carbóin na dtarracóirí sin agus tú féin i do shuí i d’eicea-charr .
7. Garraíodóireacht: Mo chomhairle duit ná tosaigh ag cáineadh fiailicídí, spraenna, ná glasraí siopaí le do chomharsana agus ná tairg aon chomhairle dúinn faoi churaíocht. Bí ag slabáil leat i do phaiste beag féin le do chuid boscaí leitíse is luibheanna ach má fheiceann tú mise ag tógáil mála meacna 49 cent as siopa Gearmánach amach as an gcarr ná hoscail do bhéal faoi ach isteach leat abhaile agus ól gloine sú neantóg cois na tine. Tá ár mbealaí féin againne agus bíonn an-chraic againn ag breathnú ortsa ag iarraidh do bhéile a chur.
8. Deontais Eorpacha; Dá dtachtfadh an fhiosracht thú, ná faigh aon chaidéis do sheiceanna na hEorpa. Na fiafraigh dínn an bhfuil sé morálta daoine a íoc le hainmhithe nach dteastaíonn a thógáil, ná habair go gceapann tú go bhfuil ocras ar na beithígh ná go bhfuil an garraí fliuch faoina gcosa ná go bhfuil an fraoch scriosta acu. Ná déan aon chlamhsán faoin scráib buinní a d’fhág mo bhó ag do gheata. Má bhíonn scata againn ag tabhairt lao ón mbó sa mbáisteach ná habair linn go bhfuil muid á gortú agus ag cur brú uirthi a chuirfeas as don ‘bonding’ . Táimid an-ghoilliúnach faoi cheisteanna glasa agus ní moladh duine glas a thabhairt ort sna bólaí seo.
9. Fiach; Ná fiafraigh cén fáth a mbíonn carranna ag tiomáint thart san oíche agus lóchrann mór ar an díon á scairteadh isteach sna garrantaí. Má tá sionnach ag tarraingt ar do theach lena bhéile a fháil, ná hinis d’aon duine beo faoi. Má fheiceann tú trap cois locha ná habair gur spídiúlacht bás mar sin a thabhairt don mhinc bocht nach ndearna ach cró na gcearc a chreachadh. Ná fiafraigh faoin líon cat scráidíneach atá thart ort ná cé leis iad.
10. Fáilte: Má fheiceann tú mo dhoras oscailte ná ceap gur cuireadh atá ann, b’fhéidir go mbeinn díreach ar tí uisce na gcos a chaitheamh amach an doras. Má dúirt mé leat bualadh isteach aon uair, cuimhnigh nach am suipéir é sin ná nuair a bheas na gasúir ag teacht ón scoil – is mór againne an chuibhiúlacht, tréith is deacair a mhúineadh. Go dtí go mbeidh aithne againn ort, ná tabhair do chuid cácaí baile againn – bímid éisealach faoi rud ar bith nach bhfuil i mbosca agus plaisteach air. Tá míle fáilte romhat agus go n-éirí do shaol nua faoin tuath leat, a chomrádaí.
Mise Áine
Cúpla focal agus, ahem, nós san alt thuas nach raibh mé ar an eolas fúthu…bhain mé an-sult as an gcraic uilig, a Mháire..:-)
padraig o donnchu
an-chraic go deo!
nar bhrea liom i bheith mar chomharsa beal dorais agam, ni bheadh eadrainn ach cogadh na mbo maol go siorai seasta!